Tacaíocht ghéarchéime
Cé go bhfuil sé mar sprioc ag Coimisiún na Meán an pobal a choinneáil cosanta ar dhíobháil ar líne, is féidir go mbeidh amanna ann nach bhfuil sé faoinár sainchúram beart a dhéanamh d’úsáideoirí.
Má tá imní ort faoi rud éigin atá feicthe agat ar líne, tá go leor eagraíochtaí eile ann a d’fhéadfadh a bheith cabhrach duit.
- Má tá tú i mbaol láithreach, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí ar dtús. Is féidir glao a chur ar 999 nó 112.
- Is é Hotline.ie lárionad náisiúnta na hÉireann a théann i ngleic le hábhar mídhleathach ar líne. Is féidir leat ábhair imní maidir le hábhar mídhleathach ar líne a thuairisciú, go háirithe ábhar mí-úsáide gnéis leanaí (CSAM). Tá an tseirbhís seo slán, anaithnid agus rúnda. Déan tuairisc ag www.hotline.ie
- Seirbhís éisteachta is ea Samaritans Ireland agus tá 24 ionad buail isteach aige ar fud na hÉireann agus Thuaisceart Éireann.
- Is seirbhísí éisteachta agus téacsála do leanaí agus do dhaoine óga iad Childline / Teenline.
- Tá seirbhís tacaíochta téacsála 24/7 saor in aisce ag Spunout do dhaoine óga, a sholáthraíonn gach rud ó chomhrá suaimhneach go tacaíocht láithreach do dhaoine a bhfuil an saol ag dul ina n-éadan faoi láthair. Téigh chuig an suíomh gréasáin spunout.ie, nó seol téacs chuig 50808.
- Soláthraíonn Pieta House raon seirbhísí do dhaoine aonair a mbíonn idéú féinmharfach acu, a dhéanann féindochair, nó a ndearna duine muinteartha leo féinmharú. Téigh chuig an suíomh gréasáin www.pieta.ie, nó cuir glao ar a líne chabhrach ghéarchéime 24/7 saor in aisce 1800 247 247.