Eolas do dhaltaí
Is é ceann de phríomhthosaíochtaí Choimisiún na Meán ná páistí agus daoine óga a chosaint ar ábhar díobhálach agus mídhleathach ar líne. Tuigimid más rud é go bhfeiceann páiste rud éigin díobhálach ar líne, ní féidir leo gan é a fheiceáil agus is féidir go mbeadh tionchar buan orthu mar gheall ar seo.
Bunaíodh Coimisiún na Meán i mí Márta 2023, agus ó shin i leith, tá rialacha agus dlíthe nua ann chun leanaí a chosaint ó dhíobháil ar líne.
Féach ar ár bhfíseán chun fios a bheith agat ar na cearta atá agat faoinár gCreat Shábháilteacht ar Líne.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na rialacha nua seo agus faoin gcaoi a bhfuil siad ag iarraidh ardáin ar líne a fheabhsú, féach ar leathanach an Chreata Sábháilteachta ar Líne.
Má tá tú buartha faoi rud éigin a chonaic tú ar líne, nó má tá tú ag iarraidh ábhar a thuairisiciú ar líne, féach ar ár leathanach tuairiscithe. Is féidir freisin dul i dteagmháil le hionad comhairle an Choimisiúin trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].
Má tá ceisteanna eile agat faoi cé muid féin nó cad a dhéanamid, féach thíos ár gceisteanna coitianta do dhaltaí. Má tá ceisteanna fós agat, is féidir leat dul i dteagmháil linn ag [email protected] .