Eolas d’oideoirí
Ceapadh ár bpleananna ceachta chun cabhrú leat ról Choimisiún na Meán a chur i láthair do ranga agus chun iniúchadh a dhéanamh ar chearta faoinár gCreat Sábháilteachta ar Líne.
Seo breac-chuntas ar a bhfuil i ngach plean ceachta:
Plean Ceachta don tSraith Shóisearach
Plean Ceachta don tSraith Shinsearach
Ar fáil don tSraith Shóisearach agus don tStraith Shinsearach
Tá Treoir do Mhúinteoirí agus póstaeir in-íoslódáilte ar leith ag gabháil leis na pleananna ceachta seo.
Tá an físeán thíos ina chuid den phlean ceachta. Tugtar cur síos ann ar na cearta a thugann ár gCreat Sábháilteachta ar Líne do dhaoine óga
Tá grafaic faisnéise ag an gCoimisiún freisin ina mínítear na cearta atá ag daltaí faoin gCreat Sábháilteachta ar Líne.
Déanfaimid an leathanach seo a nuashonrú go rialta le tuilleadh treorach agus acmhainní. Más mian leat aiseolas a thabhairt dúinn ar ár bplean ceachta, nó má tá aon treoir eile is mian leat a thabhairt dúinn, comhlánaigh an suirbhé gearr seo nó is féidir ríomhphost a sheoladh go [email protected].
Tá a fhios againn go bhféadfadh sé a bheith deacair do mhúinteoirí agus d’oideoirí an t-am a fháil chun taighde a dhéanamh ar dhlíthe agus eagraíochtaí nua. Féach an chuid Maidir linn chun níos mó a thuiscint faoi ról an Choimisiún.
D’fhéadfadh ról Choimisiún na Meán agus a chumhachtaí chun cearta a chosaint ar líne a bheith ina ábhar spéise sna hábhair mheánscoile seo a leanas:
- Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS)
- Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil (OSSP)
- Inniúlacht ar na Meáin Dhigiteacha (gearrchúrsa roghnach don Teastas Sóisearach)
- Béarla
- Oideachas san Eitic
- An Pholaitíocht agus an tSochaí
- Gnó
- Stair