Deacracht maidir le rochtain a fháil ar sheirbhís meán closamhairc
Is ann do cheanglais nua chun feabhas a chur ar inrochtaineacht réimse táirgí agus seirbhísí digiteacha ar fud na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh. Tagann na ceanglais sin ó dhlí Eorpach ar a dtugtar an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht.
Má úsáideann tú seirbhísí chun seirbhísí meán closamhairc a rochtain, amhail eolaire clár nó comhéadan ar theilifís chliste, tá sé d’aidhm ag an dlí sin é a éascú do gach duine – lena n áirítear daoine faoi mhíchumas – na seirbhísí sin a rochtain agus taitneamh a bhaint astu.
Tá Coimisiún na Meán ar an údarás comhlíontachta atá freagrach as a áirithiú go mbeidh seirbhísí lena soláthraítear seirbhísí meán closamhairc i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta ar a dtugtar breac chuntas sa reachtaíocht.