Cad is féidir liom gearán a dhéanamh faoi?
Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh má chreideann tú go bhfaca nó gur chuala tú rud éigin a craoladh nó á cuireadh ar fáil ar sheirbhís físeáin ar éileamh nach gcomhlíonann na caighdeáin reachtúla atá leagtha amach i gCuid 3B de na hAchtanna um Rialáil Craolacháin agus Meán Eile, 2009 agus 2022, agus/nó i gcód agus riail seirbhíse meán.
Cláir (ginearálta)
Is féidir leat gearán a dhéanamh faoi chlár teilifíse nó raidió a chreideann tú nár chomhlíon na caighdeáin reachtúla sin. Faoin reachtaíocht, níor cheart do chraoltóirí ná d’ardáin físeáin ar éileamh na nithe seo a leanas a chur ar fáil:
- Cláir nó cumarsáid tráchtála a dhéanann díobháil nó cion míchuí. Chun treoir a fháil maidir le cad is ‘díobháil’ nó ‘cion míchuí’ ann i gcomhthéacs na craoltóireachta, féach an Cód um Chaighdeáin Chlár thíos.
- Cláir ar dóigh dóibh coireacht a chur chun cinn nó a ghríosú
- Cláir a d’fhéadfaí a mheas mar bhriogadh poiblí chun gníomh sceimhlitheoireachta a dhéanamh
- Cláir ar dócha go spreagfaidh siad foréigean nó fuath i gcoinne daoine bunaithe ar shaintréithe cosanta amhail gnéas, cine, eitneacht, teanga, reiligiún, tuairimí polaitiúla, míchumas, aois agus gnéaschlaonadh
- Cláir ar dóigh dóibh an bonn a bhaint d’údarás an Stáit
Maidir le craoltóireacht teilifíse agus raidió, is féidir leat gearán a dhéanamh freisin faoi chlár a chreideann tú nár chomhlíon an Cód um Chaighdeáin Chláir.
Déantar foráil sa Chód seo maidir le hoibleagáidí craoltóirí raidió agus teilifíse sna réimsí seo a leanas:
- Comhthéacs iomchuí a sholáthar do chláir a d’fhéadfadh daoine a mhaslú nó goilleadh orthu
- Foréigean, ábhar gnéasach agus teanga mhaslach
- Lucht féachana a chosaint ar ábhar díobhálach
- Leanaí a chosaint ar ábhar díobhálach
- Meas ar dhaoine agus ar ghrúpaí sa tsochaí a chinntiú
- Leas an phobail a chosaint
- Meas ar Phríobháideachas
Maidir le seirbhísí físeáin ar éileamh, is féidir leat gearán a dhéanamh má chreideann tú nár chomhlíon clár físeáin ar éileamh na hoibleagáidí atá sa Chód agus sna Rialacha Seirbhíse Meán (Soláthraithe Seirbhíse Meán Closamhairc ar Éileamh).
- Ceanglaítear leis an gCód seo ar ardáin físeáin ar éileamh bearta comhréireacha a dhéanamh chun leanaí a chosaint ar ábhar díobhálach faoi Roinn 11 (Ábhar díobhálach). Tá cosc freisin ar ábhar a ghríosaíonn foréigean, fuath nó a spreagann cionta sceimhlitheoireachta.
Cláir nuachta nó chúrsaí reatha
Caithfidh cláir nuachta agus cúrsaí reatha na caighdeáin a bhaineann le gach clár (féach thuas) chomh maith le caighdeáin a bhaineann le nuacht agus cúrsaí reatha amháin a chomhlíonadh. Is féidir leat gearán a dhéanamh faoi chlár nuachta agus cúrsaí reatha a craoladh ar an raidió nó ar an teilifís má chreideann tú nár chomhlíon sé na caighdeáin reachtúla sin.
- Ba cheart nuacht a chur i láthair ar bhealach oibiachtúil neamhchlaonta, agus gan aon tuairimí de chuid an chraoltóra nó an tsoláthraí físeáin ar éileamh féin a chur in iúl
- Ba cheart cláir chúrsaí reatha, lena n-áirítear ábhair chonspóide poiblí nó díospóireachta poiblí reatha, a bheith cothrom do na leasanna uile lena mbaineann, a chur i láthair ar bhealach oibiachtúil neamhchlaonta agus gan aon tuairimí de chuid an chraoltóra nó an tsoláthraí físeáin ar éileamh féin a chur in iúl
Tá feidhm ag na hoibleagáidí reachtúla sin freisin maidir le fothacar soláthraithe físeáin ar éileamh ar a dtugtar “soláthraithe seirbhíse meán ábhartha” in Acht 2009. Áirítear san fhothacar seo conraitheoirí craolacháin agus Craoltóirí Seirbhíse Poiblí a oibríonn seirbhísí físeáin ar éileamh.
Is féidir leat gearán a dhéanamh freisin faoi chlár nuachta nó cúrsaí reatha a craoladh ar an teilifís nó ar an raidió agus a chreideann tú nár chomhlíon na hoibleagáidí a leagtar amach sa Chód maidir le Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht i Nuacht agus Cúrsaí Reatha.
Níl feidhm ag an gCód seo maidir le seirbhísí físeáin ar éileamh.
Nuair atá tú féin nó faisnéis fút le feiceáil i gclár
Is féidir leat tú gearán a dhéanamh faoi chlár a chreideann tú a rinne cúngú ar do phríobháideachas.
- Má chreideann tú gur tharla sé seo, is féidir leat gearán a dhéanamh faoi Alt 46K den Acht Craolacháin, 2009, nó faoin gCód um Chaighdeáin Chlár nó faoin gCód maidir le Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht i Nuacht agus Cúrsaí Reatha.
Is féidir leat gearán a dhéanamh freisin faoi chlár a chreideann tú a rinne dochar do do cháil.
- Má chreideann tú gur craoladh rud éigin mícheart go fíorasach a rinne dochar do d’onóir nó do do cháil, féadfaidh tú Ceart Freagartha (PDF) (Béarla) a iarraidh ar an gcraoltóir.
- Déantar foráil le Ceart Freagartha maidir le fíricí nó faisnéis mhícheart a cheartú; ní fhoráiltear leis do mhalairt tuairime nó do thuairim eile a chraoladh. Is é sin le rá, d’fhéadfadh sé nach mbeidh duine sásta leis an mbealach inar chuir craoltóir faisnéis faoi/fúithi in iúl, ach ní dheonófar Ceart Freagartha ach amháin sa chás go bhfuil na fíricí nó an fhaisnéis mícheart go fíorasach agus sa chás go ndearnadh dochar duit leo sa chaoi go ndearnadh d’onóir nó do cháil a chealú.
- Níl feidhm ag an Scéim Ceart Freagartha ach maidir le hábhar craolta agus ní mór iarratais ar cheart freagartha a dhéanamh i scríbhinn leis an gcraoltóir ar an gcéad dul síos.
Fógraíocht, urraíocht, suíomh táirgí nó teilishiopadóireacht
Is féidir leat gearán a dhéanamh faoi chumarsáid tráchtála a chreideann tú nach raibh dlíthiúil, macánta, fírinneach, réasúnta nó nár chosain sé leasanna an lucht féachana/éisteachta agus/nó nár chomhlíon ár gCóid Tráchtála:
An Cód Ginearálta maidir le Cumarsáid Tráchtála
Leagtar amach sa Chód seo na caighdeáin a bhfuil feidhm acu maidir le cumarsáid tráchtála (i.e. fógraíocht, urraíocht, suíomh táirgí agus teilishiopadóireacht) a chraolann craoltóirí teilifíse agus raidió a rialaítear in Éirinn.
An Cód agus na Rialacha maidir le Seirbhís Meán (Soláthraithe Seirbhíse Meán Closamhairc ar Éileamh)
Leagtar amach sa Chód seo na caighdeáin a bhfuil feidhm acu maidir le cumarsáid tráchtála (i.e. fógraíocht, urraíocht agus suíomh táirgí) ar sheirbhísí físeáin ar éileamh atá cláraithe in Éirinn.
Cód na bPáistí maidir le Cumarsáid Tráchtála
Leagtar amach sa Chód seo na caighdeáin a bhfuil feidhm acu maidir le cumarsáid tráchtála teilifíse agus raidió lena gcuirtear chun cinn táirgí, seirbhísí nó gníomhaíochtaí a mheastar a bheith ina n-ábhar spéise do pháistí agus/nó a chraoltar le linn cláir do pháistí agus eatarthu.
Fógraíocht reiligiúnach nó pholaitiúil
Is féidir leat gearán a dhéanamh nár chomhlíon fógra ceanglais reachtúla maidir le fógraíocht reiligiúnach nó pholaitiúil.
Tá toirmeasc ar chraoltóirí agus ar chatagóirí áirithe soláthraithe físeáin ar éileamh fógraíocht a cheadú:
- atá dírithe chun críche polaitíochta nó a bhfuil aon bhaint aici le haighneas tionsclaíoch, nó
- a thugann aghaidh ar shaincheist na bhfiúntas, nó eile, a ghabhann le haon reiligiún nó creideamh reiligiúnach, nó a ghabhann le bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’aon reiligiún nó eagraíocht reiligiúnach.
Ní bhaineann na caighdeáin reachtúla i ndáil leis na toirmisc ar chineálacha áirithe fógraíochta ach le roinnt soláthraithe físeáin ar éileamh.
Seirbhísí rochtana
Is féidir leat gearán a dhéanamh faoi líon agus faoi chaighdeán na seirbhísí rochtana (fotheidealú, tráchtaireacht fuaime agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann) a chuirtear ar fáil ar chraoltaí teilifíse má chreideann tú nár chomhlíon siad na Rialacha Rochtana.
Ceanglaítear ar sholáthraithe físeáin ar éileamh freisin bearta comhréireacha a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh a seirbhísí níos inrochtana de réir a chéile do dhaoine faoi mhíchumas.
An t-am a chaitear ar nuacht agus cúrsaí reatha ar an raidió
Is féidir leat gearán a dhéanamh má chreideann tú nár chomhlíon an t-am laethúil iomlán a chaith craoltóirí raidió ceadúnaithe ar nuacht agus ar chúrsaí reatha na cuótaí reachtúla de 20% ar a laghad d’am craolacháin na seirbhíse, i gcás nach bhfuil maolú ar an gceanglas sin údaraithe ag an gCoimisiún.
An t-am a chaitear ar fhógraíocht raidió agus teilifíse agus ar theilishiopadóireacht
Is féidir leat gearán a dhéanamh má chreideann tú nár chomhlíon an t-am laethúil iomlán agus in aghaidh na huaire a caitheadh ar fhógraíocht ar sheirbhísí craolacháin raidió nó teilifíse na teorainneacha ama atá i bhfeidhm.
- Níor cheart go mairfeadh an t-am a chaitear ar fhógraíocht ar sheirbhísí craolacháin raidió níos mó ná 15% den am craolacháin laethúil iomlán nó 12 nóiméad in aon uair an chloig. Níor cheart go mairfeadh an t-am a chaitear ar fhógraíocht agus ar theilishiopadóireacht ar sheirbhísí craolacháin teilifíse níos mó ná 20% den am craolacháin laethúil iomlán ná thar 12 nóiméad fógraíochta in aon uair an chloig.
- Féadfaidh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán na teorainneacha fógraíochta for a shocrú do chraoltóirí raidió agus teilifíse na seirbhíse poiblí freisin amhail RTÉ agus TG4.
Is féidir leat gearán a dhéanamh freisin faoi theorainneacha ama fógraíochta faoi na Rialacha maidir le Fógraíocht don Raidió, thíos.
Is féidir leat gearán a dhéanamh freisin má chreideann tú nár chomhlíon craoltóir raidió nó teilifíse ceanglais eile maidir le socrúchán agus trédhearcacht na fógraíochta agus na teilishiopadóireachta.
Cóipeanna d’ábhar cláir a choinneáil
Ceanglaítear ar chraoltóirí agus ar sholáthraithe físeáin ar éileamh cóip de gach ábhar cláir a chraoltar nó a chuirtear ar fáil i gcatalóg de sheirbhís físeáin ar éileamh (de réir mar is infheidhme) a choinneáil ar feadh tréimhse ama arna cinneadh ag Coimisiún na Meán. Maidir le craoltóirí, is é 90 lá an tréimhse seo.
Is féidir leat gearán a dhéanamh má chreideann tú nár choinnigh craoltóir nó soláthraí físeáin ar éileamh cóip de thaifeadtaí ar feadh na tréimhse sonraithe.