Conas gearán a dhéanamh

Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh má chreideann tú go bhfaca tú, nó gur chuala tú, rud a craoladh nó a cuireadh ar fáil ar sheirbhís físeáin ar éileamh nach bhfuil i gcomhréir leis na caighdeáin reachtúla a leagtar amach i gCuid 3B den Acht Craolacháin, 2009 agus den Acht um Rialáil na Meán Eile, 2022, agus/nó i gcód nó riail maidir le seirbhís meán.  

Cé leis a ndéanaim gearán?

Ba cheart duit do ghearán a dhéanamh go díreach leis an tseirbhís teilifíse, raidió nó físeáin ar éileamh ina bhfaca tú nó inar chuala tú an tsaincheist ar mian leat gearán a dhéanamh fúithi ar an gcéad ásc.

Molaimid é seo toisc go gceanglaítear ar Chraoltóirí agus soláthraithe físeáin ar éileamh Cód Cleachtais maidir le Gearáin a Láimhseáil a ullmhú, a chur i bhfeidhm agus a fhoilsiú lena:   

  • soláthraítear pointe teagmhála le haghaidh gearán;  
  • leagtar amach an creat ama chun freagra a thabhairt ar ghearáin; agus 
  • mínítear na nósanna imeachta chun gearáin a láimhseáil.

Is iondúil gur 20 lá oibre atá sa chreat ama do chraoltóirí agus soláthraithe físeáin ar éileamh chun freagra a thabhairt ar ghearáin agus is é sin an bealach is gasta atá ann duit chun go mbreithneofar do ghearán agus go dtabharfar freagra air. 

Conas gearán a dhéanamh

Ba cheart duit do ghearán a dhéanamh i scríbhinn leis an tseirbhís teilifíse, raidió nó físeáin ar éileamh ina bhfaca tú nó inar chuala tú an tsaincheist ar mian leat gearán a dhéanamh fúithi. 

Ba cheart na nithe seo a leanas a áireamh le do ghearán:

  • d’ainm agus do shonraí teagmhála;
  • ainm/teideal an chláir; 
  • an tseirbhís craolacháin nó físeáin ar éileamh;  
  • an dáta agus an t‑am a chraol an craoltóir an clár nó an dáta a fuair tú rochtain ar ábhar an chláir ar an tseirbhís físeáin ar éileamh;
  • na caighdeáin reachtúla agus/nó rialála a chreideann tú nár comhlíonadh (léigh Cé na hábhair ar féidir liom gearán a dhéanamh fúthu?); agus 
  • na cúiseanna a chreideann tú nár comhlíonadh na caighdeáin sin leis an ábhar cláir. 

I gcás ina mbaineann do ghearán le cáilíocht seirbhísí rochtana, is féidir go n‑iarrfar ort faisnéis theicniúil a sholáthar maidir leis an bhfeiste agus leis an ardán a úsáideann tú. Is é is cúis leis sin cuidiú leis an gcraoltóir nó leis an soláthraí físeáin ar éileamh na saincheisteanna a shainaithnítear i do ghearán a mheasúnú. 

I gcás ina mbaineann do ghearán leo seo: (1) am fógraíochta, (2) an t‑am a chaitear ar an nuacht agus cúrsaí reatha, (3) an méid fotheidealaithe/TCÉ nó tráchtaireachta fuaime ar sheirbhís a craoladh, (4) cé acu a choinnigh an craoltóir/an soláthraí físeáin ar éileamh taifeadtaí ar ábhar cláir, is féidir go n‑iarrfar ort na dátaí agus/nó na huaireanta sonracha a sholáthar (mar is infheidhme) a chreideann tú nár comhlíonadh na ceanglais. 

Cé atá in ann gearán a dhéanamh?

Féadfaidh duine aonair nó eagraíocht nó cuideachta chláraithe gearán a dhéanamh. Ní mór a áireamh i ngearán a dhéanann eagraíocht nó cuideachta ainm agus sonraí teagmhála duine aonair atá ina phointe teagmhála i ndáil leis an ngearán.

Ní féidir le beirt daoine nó níos mó gearáin a dhéanamh i gcomhpháirt. Is é is cúis leis sin coinbhleachtaí a d’fhéadfadh a bheith idir na daoine sin a sheachaint maidir le cinneadh a dhéanamh i dtaobh cé acu ar cheart nó nár cheart dul ar aghaidh le gearán le linn phróiseas láimhseála an ghearáin, é a tharraingt siar nó é a réiteach.  Sna cásanna sin, tá na daoine i dteideal gearáin ar leithligh a dhéanamh ar an ábhar céanna. 

Gearán a bhaineann le príobháideachas, is iondúil gurb é an duine a líomhnaítear go ndearnadh cúngú míréasúnach ar a phríobháideachas trí chraoladh nó ábhar cláir a dhéanann é.  Is féidir go mbeidh imthosca áirithe ann inarb amhlaidh nach féidir leis an duine sin gearán a dhéanamh.  Sna cásanna sin, féadfaidh duine ainmnithe an gearán a dhéanamh thar ceann an duine sin.  Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún ag: +353 1 963 7755 nó [email protected] chun treoraíocht a fháil maidir le duine a ainmniú chun gearán a dhéanamh.  

Cá mhéad ama atá agam chun gearán a dhéanamh?

Ní mór duit do ghearán a dhéanamh i scríbhinn agus a chur faoi bhráid an chraoltóra/an tsoláthraí físeáin ar éileamh laistigh de na creataí ama seo a leanas:

  • Má bhaineann an gearán le craoladh amháin, tráth nach déanaí ná 30 lá ó dháta an chraolta
  • Má bhaineann an gearán le dhá chraoladh neamhghaolmhara nó níos mó, tráth nach déanaí ná 30 lá ó dháta an chraolta is luaithe díobh sin 
  • Má bhaineann an gearán le dhá nó níos mó craoladh neamhghaolmhara eile (a ndearnadh ar a laghad dhá cheann díobh ar dhátaí éagsúla), tráth nach déanaí ná 30 lá ó dháta an chraolta is déanaí díobh sin 
  • Má bhaineann an gearán le hábhar cláir a cuireadh ar fáil ar sheirbhís físeáin ar éileamh, tráth nach déanaí ná 30 lá ón dáta a scoir an t‑ábhar cláir de bheith ar fáil ar an tseirbhís sin

Céard leis ar féidir liom a bheith ag súil ó chraoltóir/soláthraí físeáin ar éileamh agus mo ghearán á láimhseáil?

Is féidir leat a bheith ag súil leis go dtabharfaidh craoltóir nó soláthraí físeáin ar éileamh aird chuí agus leordhóthanach ar do ghearán i gcás ina mbeidh sé déanta i scríbhinn agat laistigh den chreat ama a ceanglaíodh agus i gcás inar sholáthair tú go leor faisnéise chun go sainaithneoidh an craoltóir nó an soláthraí físeáin ar éileamh an t‑ábhar cláir ábhartha, na caighdeáin a sáraíodh, dar leat, agus na cúiseanna a chreideann tú gur sáraíodh na caighdeáin.

Ar shuíomh gréasáin an chraoltóra nó an tsoláthraí físeáin ar éileamh, is féidir leat a bheith ag súil leis go dtiocfaidh tú ar a nósanna imeachta maidir le láimhseáil gearán agus ar an gcreat ama inar féidir leat a bheith ag súil le freagra a fháil ar do ghearán. Ní mór dóibh sin a bheith foilsithe i gCód Cleachtais maidir le Gearáin a Láimhseáil ar shuíomh gréasáin an chraoltóra/an tsoláthraí físeáin ar éileamh. 

Ní cheanglaítear ar chraoltóir ná soláthraí físeáin ar éileamh gearán a bhreithniú má tá an duine sin den tuairim go bhfuil an gearán suaibhreosach, cráiteach, nó nach ndearnadh de mheon macánta é. 

Cad is féidir liom a dhéanamh mura dtugann craoltóir/soláthraí físeáin ar éileamh freagra ar mo ghearán?

Ba cheart do chraoltóir/soláthraí físeáin ar éileamh freagra a thabhairt ar do ghearán laistigh den chreat ama a leagtar amach ina Chód Cleachtais maidir le Gearáin a Láimhseáil, rud atá foilsithe ar a shuíomh gréasáin.  20 lá oibre a bhíonn sa chreat ama de ghnáth. 

Mura dtugann craoltóir/soláthraí físeáin ar éileamh freagra ar do ghearán laistigh den chreat ama a leagtar amach ina Chód Cleachtais maidir le Gearáin a Láimhseáil, tá tú i dteideal do ghearán a chur faoi bhráid Choimisiún na Meán.  Ba cheart do ghearán a chur ar aghaidh tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis an dáta a bhí tú ag súil le freagra ón gcraoltóir/ón soláthraí físeáin ar éileamh. Féach Gearán a Dhéanamh le Coimisiún na Meán chun faisnéis a fháil maidir le conas do ghearán a chur ar aghaidh.

Cathain is féidir liom gearán a dhéanamh le Coimisiún na Meán?

Is féidir leat do ghearán a dhéanamh leis an gCoimisiún más rud é go ndearna tú an gearán leis an gcraoltóir nó leis an soláthraí físeáin ar éileamh ábhartha ar an gcéad ásc agus: 

  • go gcreideann tú nár tugadh aghaidh shásúil leis an bhfreagra ón gcraoltóir/ón soláthraí físeáin ar éileamh ar an sárú líomhnaithe ar chaighdeáin i do ghearán; nó  
  • nach bhfuair tú freagra ón gcraoltóir/ón soláthraí físeáin ar éileamh laistigh den chreat ama chun freagra a thabhairt ar ghearáin sa Chód Cleachtais maidir le Gearáin a Láimhseáil de chuid an chraoltóra/an tsoláthraí físeáin ar éileamh (20 lá oibre go ginearálta).

Is féidir go mbeidh imthosca ann inarb amhlaidh gurbh fhearr leat do ghearán a dhéanamh go díreach leis an gCoimisiún nó ina measann an Coimisiún go bhfuil cúiseanna ann le gearán a ghlacadh go díreach.  Is iad na cásanna ina bhféadfaidh sin a bheith amhail, más rud é: 

  • gur de chineál íogair an gearán agus/nó go mbaineann sé le príobháideachas gearánaigh;
  • nach bhfuil Cód Cleachtais maidir le Gearáin a Láimhseáil i bhfeidhm ag an gcraoltóir ná an soláthraí físeáin ar éileamh; nó
  • go meastar go bhfuil riosca díobhála ann de dheasca infhaighteacht leanúnach an ábhair faoina ndéantar gearán.

Má dhéanann tú do ghearán go díreach leis an gCoimisiún, soláthair do chúiseanna leis sin a dhéanamh i scríbhinn. 

Moltar duit go bhféadfaidh an Coimisiún a chinneadh níos déanaí do ghearán a chur faoi bhráid craoltóra nó soláthraí físeáin ar éileamh lena láimhseáil faoina Chód Cleachtais maidir le Gearáin a Láimhseáil.