Conas a phléann an Coimisiún le gearáin

An seiceálann Coimisiún na Meán an bhfuil mo ghearán bailí?

Nuair a dhéanann tú gearán le Coimisiún na Meán, breithnímid ar dtús cé acu atá nó nach bhfuil do ghearán bailí. Chun go mbeidh gearán bailí, ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh leis: 

  • mór baint a bheith ag an ngearán le caighdeán reachtúil amháin níos agus/ le foráil amháin níos de chuid cód riail seirbhíse meán. FéachCé na hábhair ar féidir liom gearán a dhéanamh fúthu? 
  • mór baint a bheith ag an ngearán le craoltóir soláthraí físeáin ar éileamh faoi raon feidhme an phróisis gearán seo. Féach Conas gearán a dhéanamh.
  • ní mór na caighdeáin reachtúla agus/nó rialála a líomhnaítear a bheith sáraithe a bheith infheidhme maidir leis an tseirbhís craolacháin nó físeáin ar éileamh ábhartha. Féach Cé na hábhair ar féidir liom gearán a dhéanamh fúthu? mór na caighdeáin reachtúla agus/ rialála a líomhnaítear a bheith sáraithe a bheith infheidhme maidir leis an tseirbhís craolacháin físeáin ar éileamh ábhartha. FéachCé na hábhair ar féidir liom gearán a dhéanamh fúthu? 
  • ní mór na caighdeáin reachtúla agus/nó rialála a líomhnaítear a bheith sáraithe a bheith infheidhme maidir leis an gcineál ábhair nó ceiste faoina ndéantar gearán (m.sh. níl feidhm ag oibiachtúlacht ná neamhchlaontacht ach amháin maidir leis an nuacht agus cúrsaí reatha)
  • ní mór é a bheith indéanta an t‑ábhar craolta nó cláir a shainaithint ón bhfaisnéis a sholáthraítear sa ghearán; agus, 
  • mór atreorú an ghearáin a dhéanamh linn laistigh den chreat ama sonraithe mór don Choimisiún a bheith sásta glacadh le gearán déanach. FéachDéan gearán leis an gCoimisiún. 

Beidh an Coimisiún ag plé leat má tá an fhaisnéis a sholáthair tú i do ghearán neamhiomlán nó doiléir agus soláthróimid comhairle agus treoraíocht duit maidir le conas do ghearán a dhéanamh, i gcás inar féidir.  Mar sin féin, is tú atá freagrach as do ghearán a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i scríbhinn.  

Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil do ghearán bailí, tabharfaimid fógra duit maidir leis an gcinneadh sin agus soláthróimid cúiseanna leis sin. 

Conas a dhéanann Coimisiún na Meán measúnú ar mo ghearán?

I gcás ina nglacaimid le do ghearán mar ghearán bailí, tugaimid fógra don chraoltóir/don soláthraí físeáin ar éileamh ábhartha á rá go bhfuaireamar gearán agus iarraimid na taifeadtaí ábhartha chun an cheist a fhiosrú.  

Déanann an Coimisiún athbhreithniú ar an ábhar gearáin ábhartha a fhaightear agus féadfaidh sé faisnéis bhreise a iarraidh ort agus/nó ar an gcraoltóir/an soláthraí físeáin ar éileamh mar is gá chun do ghearán a bhreithniú.  Is féidir go lorgóimid comhairle agus/nó saineolas ó choiste comhairleach freisin agus/nó saineolaí ábhair a mheastar is gá chun eolas a dhéanamh do chinneadh an Choimisiúin maidir le gearán. 

Breithnítear do ghearán ag cruinniú den Choimisiún. (Is é an Coimisiún comhchomhlacht atá comhdhéanta dár gCathaoirleach Feidhmiúcháin agus dár gceathrar Coimisinéirí.) Breithníonn an Coimisiún an t‑ábhar gearáin ábhartha agus cinneann sé cé acu ar cheart nó nár cheart: 

  1. an gearán a chur faoi bhráid an chraoltóra nó an tsoláthraí físeáin ar éileamh lena bhreithniú faoina Chód Cleachtais maidir le Gearáin a Láimhseáil; 
  2. diúltú do do ghearán má tá sé sásta:   
    1. go bhfuil an gearán suaibhreosach nó cráiteach nó nach ndearnadh de mheon macánta é;
    2. go bhfuil ábhar an ghearáin fánach; 
    3. gur réitíodh an gearán go héifeachtach faoi Chód Cleachtais maidir le Gearáin a Láimhseáil de chuid craoltóra nó soláthraí físeáin ar éileamh; nó 
    4. nach ndearnadh an gearán i scríbhinn linn i gcomhréir leis na creataí ama reachtúla; nó 
  3. an gearán a chur ar aghaidh le go mbreithneoidh duine é lena imscrúdú, duine atá údaraithe ag an gCoimisiún chun na cinntí sin a dhéanamh 

Cé na critéir a chuirimid i bhfeidhm agus cinneadh á dhéanamh maidir le mo ghearán? 

Féadfaimid a chinneadh gearán a chur faoi bhráid an chraoltóra nó an tsoláthraí físeáin ar éileamh ábhartha lena bhreithniú faoina Chód Cleachtais, ag féachaint do na tosca seo a leanas:

  • cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh an gearán leis an gcraoltóir/leis an soláthraí físeáin ar éileamh ar an gcéad ásc; 
  • cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh a tugadh aghaidh shásúil leis an bhfreagra ón gcraoltóir/ón soláthraí físeáin ar éileamh ar an sárú a líomhnaítear a bheith déanta ar chaighdeáin nó ceanglais sa ghearán; agus/nó 
  • aon toisc eile a mheasaimid is iomchuí. 

Féadfaimid a chinneadh diúltú do do ghearán má tá sé sásta leis an méid seo a leanas:

a) go bhfuil an gearán suaibhreosach nó cráiteach nó nach ndearnadh de mheon macánta é; 

Féadfar a mheas go bhfuil gearán suaibhreosach, cráiteach nó nach ndearnadh de mheon macánta é más rud é, i dtuairim an Choimisiúin, go gcomhlíontar aon cheann de na critéir seo a leanas leis: 

  • Mí‑úsáid ar an bpróiseas gearán atá sa ghearán;
  • Níl an gearánach ag gníomhúbona fide; 
  • Is léir go bhfuil an gearán neamh‑inbhuanaithe nó go bhfuil easpa fiúntais ann; 
  • Déantar an gearán chun críche seachas críoch a dhealraíonn a bheith mar bhrí an ghearáin (ar chúis fholaithe); 
  • Tá an gearán dothuigthe;
  • Go substaintiúil, tá an gearán mar an gcéanna le gearán a chinn an Coimisiún roimhe sin;
  • Tá an gearánach ag féachaint le leanúint do ghearán, is léir nach bhfuil inmholta, agus/nó is léir go bhfuil sé ag lorg sásamh neamhréalaíoch nó toradh míréasúnach; 
  • Tá an gearánach ag féachaint le leanúint do ghearán a d’fhéadfadh a bheith fiúntach ar bhealach atá míréasúnach, is léir; 
  • Mhainnigh an gearánach, gan cúis mhaith, comhoibriú agus/nó iarrataí nó ceanglais réasúnacha ón gCoimisiún a chomhlíonadh; agus/nó 
  • Aon imthoisc eile ina gcinnimid go bhféadfaidh gearán a bheith suaibhreosach, cráiteach nó gan bheith déanta de mheon macánta. 

b) go bhfuil ábhar an ghearáin fánach;

Féadfar a mheas go bhfuil ábhar gearáin fánach más rud é, i dtuairim an Choimisiúin, go gcomhlíontar aon cheann de na critéir seo a leanas leis: 

  • Is féidir a rá go bhfuil na saincheisteanna faoina bhfuil gearán á dhéanamh neamhábhartha;
  • Is féidir na saincheisteanna faoina bhfuil gearán á dhéanamh a laghdú chuig leibhéal pointe theicniúil nó neamhshubstaintiúil, agus sin amháin;
  • Eascraíonn an tsaincheist is ábhar don ghearán de bhua neamhchomhlíonadh teicniúil nó íosta, agus sin amháin;
  • Ní féidir na saincheisteanna faoina ndéantar gearán a shaintréithriú ach mar mhainneachtain neamhthábhachtach chun ceanglas a chomhlíonadh;
  • Is ar bhonn mainneachtana foirme seachas substaint atá an gearán;
  • Tá na hiarmhairtí a eascraíonn as sárú de chineál íosta agus/nó níl aon dochar ag eascairt as an sárú; agus/nó 
  • Aon imthoisc eile ina gcinnimid go bhfuil ábhar gearáin fánach.

c) gur réitíodh an gearán go héifeachtach faoi Chód Cleachtais maidir le Gearáin a Láimhseáil de chuid craoltóra nó soláthraí físeáin ar éileamh.

Féadfar a mheas gur réitíodh gearán go héifeachtach más rud é, i dtuairim an Choimisiúin, go bhfuil an gearánach sásta gur tugadh aghaidh ar na hábhair a ardaíodh ina ghearán nó ina gearán agus gur réitíodh iad agus nach mian leis an ngearánach leanúint don ghearán a thuilleadh.

d) nach ndearnadh an gearán i scríbhinn le Coimisiún na Meán i gcomhréir leis na creataí ama reachtúla.

Féach Déan gearán linn

I gcás nach gcuireann an Coimisiún do ghearán ar aghaidh chuig an gcraoltóir ná an soláthraí físeáin ar éileamh ábhartha nó ina ndiúltaíonn sé dó, cuirfimid do ghearán ar aghaidh le go mbreithneoidh duine é lena imscrúdú, duine atá údaraithe ag an gCoimisiún chun na cinntí sin a dhéanamh.

Cé chomh fada a thógfaidh sé orainn cinneadh a dhéanamh maidir le mo ghearán?

Déantar cinneadh an Choimisiúin maidir leis an ngearán laistigh de 60 lá oibre ón dáta a fhaightear do ghearán.

Conas a fhaighim uasdátaithe ar mo ghearán?

Is féidir leat ríomhphost a chur chuig [email protected] nó glaoch ar + 353 1 963 7755 chun uasdátú a fháil i ndáil le do ghearán. Luaigh do chás‑uimhir.

Cathain a thabharfar fógra dom maidir le cinneadh an Choimisiúin i ndáil le mo ghearán?

Tabharfar fógra duit maidir le cinneadh an Choimisiúin i ndáil le do ghearán tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis dháta an chinnidh.

Cad a tharlaíonn má chuirtear mo ghearán ar aghaidh chuig an gcraoltóir/an soláthraí físeáin ar éileamh?

I gcás ina gcinnimid do ghearán a chur faoi bhráid an chraoltóra/an tsoláthraí físeáin ar éileamh ábhartha lena láimhseáil faoina Chód Cleachtais maidir le Gearáin a Láimhseáil, gheobhaidh tú fógra maidir leis an gcinneadh. Áireofar san fhógra nasc chuig an gCód Cleachtais maidir le Gearáin a Láimhseáil de chuid an chraoltóra/an tsoláthraí físeáin ar éileamh, lena:

  • soláthraítear pointe teagmhála le haghaidh gearán;
  • leagtar amach an creat ama chun freagra a thabhairt ar ghearáin; agus
  • mínítear na nósanna imeachta chun gearáin a láimhseáil.

Tabharfaimid fógra don chraoltóir/don soláthraí físeáin ar éileamh ábhartha maidir le cinneadh an Choimisiúin, agus cóip de do ghearán á sholáthar. Meastar ansin go bhfuil do ghearán linn dúnta.

Cad a tharlaíonn má dhiúltaítear do mo ghearán?

I gcás ina gcinnimid diúltú do do ghearán, gheobhaidh fógra maidir leis an gcinneadh ina n‑áireofar ráiteas ar na cúiseanna leis sin. Féach Conas a phléann an Coimisiún le gearáin na critéir a chuireann an Coimisiún i bhfeidhm agus cinneadh á dhéanamh maidir le mo ghearán?Dúntar do ghearán ansin.

Cad a tharlaíonn chuirtear mo ghearán ar aghaidh lena bhreithniú le haghaidh imscrúdú, duine atá údaraithe ag an gCoimisiún chun na cinntí sin a dhéanamh?

Féadfaidh ‘duine údaraithe’ a bheith ina Choimisinéir nó ina chomhalta sinsearach foirne de chuid Choimisiún na Meán atá údaraithe ag an gCoimisiún chun cinntí a dhéanamh i dtaobh cé acu an dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh sé imscrúdú ar sháruithe amhrasta ar chaighdeáin reachtúla agus/nó rialála a eascraíonn as gearáin. I gcás ina gcuirimid do ghearán ar aghaidh chuig duine údaraithe, breithníonn an duine sin an t-ábhar ábhartha go léir a bhaineann leis an ngearán agus cinneann sé cé acu atá nó nach bhfuil cúis drochamhrais ann gur sháraigh an craoladh nó ábhar cláir aon cheann de na caighdeáin reachtúla nó rialála dá dtagraítear sa ghearán. Féadfaidh an duine údaraithe tuilleadh faisnéise a lorg ó na páirtithe gearáin nó ó shaineolaithe ábhair nó ó chomhairleoirí, más gá, chun an cinneadh seo a dhéanamh.

Féadfaidh an duine údaraithe a chinneadh:

  1. nach bhfuil cúis drochamhrais ann maidir le sárú agus an cás a dhúnadh,
  2. go bhfuil cúis drochamhrais ann maidir le sárú ach go bhféadfaí é a réiteach trí theagmháil leis an gcraoltóir ábhartha nó leis an soláthraí ábhartha físeáin ar éileamh, nó

go bhfuil cúis drochamhrais ann maidir le sárú agus gur gá imscrúdú a dhéanamh ina leith.

Cad is féidir liom a dhéanamh mura bhfuilim sásta le cinneadh Choimisiún na Meán maidir le mo ghearán?

Is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Choimisiúin maidir le do ghearán agus níl aon sásra achomharc ann. 

Cén fhaisnéis a fhoilsíonn Coimisiún na Meán faoi mo ghearán?

Foilsímid fógra maidir lena chinneadh i ndáil le do ghearán ar a shuíomh gréasáin a luaithe is indéanta tar éis fógra a bheith tugtha duit maidir leis an gcinneadh. Féadfar a áireamh san fhógra foilsithe cuid den fhaisnéis seo a leanas, nó an fhaisnéis sin uile, de réir chineál an ghearáin:

  • Uimhir thagartha do ghearáin
  • teideal nó teidil an chláir nó an ábhair;
  • an tseirbhís craolacháin/físeáin ar éileamh;
  • an dáta nó na dátaí agus an t‑am nó na hamanna a chraol an craoltóir an clár nó an dáta a fuarthas rochtain air ón soláthraí físeáin ar éileamh nó an dáta nó na dátaí a tharla an sárú líomhnaithe;
  • na caighdeáin reachtúla agus/nó rialála faoina ndéantar gearán; 
  • cur síos gearr ar ábhar an ghearáin; 
  • cinneadh an Choimisiúin; agus
  • dáta chinneadh an Choimisiúin.

Ní fhoilseoimid d’ainm ná do shonraí teagmhála san fhógra sin

Cad a dhéanann Coimisiún na Meán le sonraí pearsanta a sholáthraítear le linn dom mo ghearán a dhéanamh?

Tá ráiteas príobháideachais ag Coimisiún na Meán ar a shuíomh gréasáin chun daoine aonair, a bpróiseálaimid a gcuid sonraí, a chur ar an eolas faoi na sonraí a bhaineann leat a bhailímid, faoi na húsáidí a fhéadfaimid a bhaint as na sonraí sin sa chomhthéacs sin, faoi na cearta atá agat i ndáil le do shonraí agus conas iad a fheidhmiú.

Cén fhaisnéis a fhéadfaidh Coimisiún na Meán a chur ar fáil maidir le mo ghearán?

Féadfaidh daoine taifid atá i seilbh Choimisiún na Meán a iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Le forálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, díolmhaítear taifid áirithe a scaoileadh, i gcás ina bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de agus faisnéis rúnda eile iontu. Rachaidh Coimisiún na Meán i gcomhairle leat maidir le haon iarraidh a fhaightear sula ndéanfaidh sé cinneadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.