€336k de mhaoiniú ón Scéim Urraíochta bronnta ar 32 iarratasóir rathúla

I measc 32 iarratas ar éirigh leo tá féilte a thacaíonn le beochan, scannáin agus teilifís, seimineáir agus comhdhálacha, agus dámhachtainí a aithníonn iriseoireacht agus cruthaitheacht thionscal closamhairc agus craoltóireachta na hÉireann

Tá breis is €335,000 bronnta ag Coimisiún na Meán inniu (16.01.25) ar 32 iarratasóir ar fud na hÉireann le haghaidh imeachtaí agus gníomhaíochtaí earnáil na meán in 2025.

Faoin Scéim, is féidir urraíocht a lorg d’imeachtaí agus do ghníomhaíochtaí earnáil na meán atá ag teacht le haidhm Choimisiún na Meán chun tírdhreach meán rathúil, éagsúil, cruthaitheach agus sábháilte a chinntiú.

Ag trácht dó ar sheoladh bhabhta nua na Scéime Urraíochta, dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán: “Tá Coimisiún na Meán tiomanta do thírdhreach na meán a fhorbairt a léiríonn agus a mhúnlaíonn cé muid féin mar shochaí. Creidimid go bhfuil earnáil na meán atá bríomhar agus dea-mhaoinithe ríthábhachtach chun a chinntiú go mbainfidh lucht féachana agus éisteachta na hÉireann taitneamh as na meáin Ghaeilge is fearr.

“Ligeann ár Scéim Urraíochta dúinn ról tábhachtach a bheith againn maidir le tacú le réimse leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí meán ar fud oileán na hÉireann, lena léirítear éagsúlacht shochaí na hÉireann agus a aithníonn cruthaitheacht agus nuálaíocht sna meáin sa lá atá inniu ann. Tá lúcháir orm na hiarratasóirí rathúla ar ár Scéim Urraíochta do 2025 a fhógairt, agus táimid ag tnúth le bliain eile d’imeachtaí agus gníomhaíochtaí spreagúla a neartóidh tírdhreach meán cumarsáide na hÉireann.”

I measc na n-iarratasóirí ar éirigh leo maoiniú a fháil do 2025 tá:

  • Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath
  • Fleadh Scannán na Gaillimhe
  • Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann
  • Gradaim Mheáin Áitiúla na hÉireann
  • Comhdháil Laethanta Raidió
  • Féile Scannán Idirnáisiúnta Catalyst
  • Féile Beochana an Daingin
  • Cruinniú Mullaigh TV FÍS
  • Cruinniú GORM, 2025

Tá liosta de na faighteoirí maoinithe urraíochta rathúla do 2025 mar aon le tuilleadh eolais ar Scéim Urraíochta an Choimisiúin, le fáil ar ár suíomh Gréasáin.

Tacaíonn Coimisiún na Meán le forbairt earnáil na meán faoi bhláth in Éirinn trí scéimeanna maoinithe lena n-áirítear an Scéim Urraíochta, an Scéim Fuaime & Físe agus Clár Forbartha Earnála agus Urraíochta, agus trína Scéimeanna Iriseoireachta atá le teacht, a chlúdaíonn Daonlathas Áitiúil agus Tuairisciú Cúirteanna.

In 2024, d’fhoilsigh Coimisiún na Meán an chéad Straitéis um Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú (GEDI) d’earnáil na meán fuaime agus closamhairc in Éirinn, chun éagsúlacht earnáil na meán in Éirinn a fheabhsú.

Dáta éifeachtach fógartha do threoirlínte maidir le clúdach craolacháin ar olltoghchán an Seanaid  

D’fhógair Coimisiún na Meán inniu (15.01.2025) an dáta a thiocfaidh a chuid Treoirlínte i bhfeidhm maidir le clúdach Olltoghchán an tSeanaid 2025. Tiocfaidh na treoirlínte i bhfeidhm inniu agus beidh siad i bhfeidhm go dtí 11.00am ar an 30 Eanáir 2025. 

Ag féachaint don chaoi a ritear Olltoghchán an tSeanaid, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na forálacha uile a leagtar amach sna treoirlínte ábhartha maidir leis an gclúdach a dhéanfaidh craoltóir. Cuir i gcás, measann an Coimisiún nach bhfuil na bearta breise le linn ‘Thréimhse Chriticiúil an Toghcháin’, a leagtar amach i Roinn 11, ábhartha toisc go gcaitear na vótaí sa phost. Mar gheall air sin, toisc gur iomchuí é go bhfuil an fhreagracht maidir le cinntí i ndáil le clúdach eagarthóireachta ar chraoltóirí agus orthu siúd amháin, is faoi gach craoltóir é an cur chuige is iomchuí maidir le clúdach a chinneadh agus aird a thabhairt ar cibé a chlúdóidh a sheirbhís an toghchán agus méid agus cineál an chlúdaigh sin. 

Maidir le Roinn 13 de na Treoirlínte, is féidir le Coimisiún na Meán treoir bhreise a chur ar fáil i ndáil le cur i bhfeidhm praiticiúil na dTreoirlínte. Ba chóir iarratais a sheoladh ar ríomhphost chuig election@cnam.ie  

  • Tá na Treoirlínte Maidir le Clúdach Toghcháin ar fáil le híoslódáil anseo Gaeilge agus Béarla
  • Tá an Cód maidir le Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht i gCláir Nuachta agus Cúrsaí Reatha ar fáil le híoslódáil Gaeilge agus Béarla

Cinneadh breise déanta faoin Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne

Cinneann an Coimisiún go bhfuil seirbhísí Meta (i dtaca le Facebook) ‘neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta’

Lean cinneadh an Choimisiúin an fógra maidir le dhá ordú baint anuas nó níos mó a thabhairt don soláthraí seo sa 12 mhí roimhe seo ó údaráis inniúla de chuid an Aontais Eorpaigh

Anois beidh ar an soláthraí bearta sonracha a dhéanamh chun seirbhísí a chosaint óna n-úsáid chun ábhair sceimhlitheoireachta a scaipeadh agus beidh orthu tuairisciú maidir leis na bearta atá déanta acu

D’fhoilsigh Coimisiún na Meán cinneadh inniu (16 Nollaig) i dtaca le soláthraí seirbhíse óstála faoin Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne. Chinn an Coimisiún go bhfuil seirbhísí Meta (i dtaca le Facebook) ‘neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta.’

I ndlí an Aontais Eorpaigh déantar ábhar sceimhlitheoireachta a shainmhíniú mar:

  • ábhar lena ngríosaítear cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, amhail trí ghníomhartha sceimhlitheoireachta a ghlóiriú;
  • ábhar lena ndéantar cionta sceimhlitheoireachta a mholadh;
  • ábhar lena niarrtar ar dhuine nó ar ghrúpa daoine cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh, nó rannchuidiú leo sin a dhéanamh;
  • ábhar a ghríosaíonn, a mheallann, a bhagraíonn nó a chuireann treoir ar fáil maidir le cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh;
  • ábhar lena niarrtar ar dhuine nó ar ghrúpa daoine páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta;
  • ábhar lena ndéantar teagasc a chur ar fáil maidir le pléascáin, airm thine nó armáin eile nó substaintí guaiseacha nó díobhálacha a dhéanamh agus a úsáid, nó maidir le modhanna agus teicnící sonracha eile chun críocha cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh nó rannchuidiú leo sin a dhéanamh;
  • ábhar ar bagairt é chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh

Cuireann an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne, ar cuid amháin é de Chreat Sábháilteachta ar Líne Choimisiún na Meán, sásra ar fáil ar fud an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne agus chun cur ar chumas na soláthraithe seirbhísí óstála ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint go tapa.

Faoin Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne, féadtar go ndéanfar cinneadh go bhfuil soláthraithe seirbhísí óstála neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta má fhaigheann siad dhá ordú baint anuas nó níos mó ó údaráis inniúla de chuid an Aontais sa 12 mhí roimhe sin. Tháinig an Coimisiún ar an gcinneadh seo tar éis gur tugadh fógra faoi dhá ordú baint anuas nó níos mó i dtaca leis an soláthraí seo agus tar éis dul i dteagmháil leis an soláthraí seo. Rinne an Coimisiún a chinneadh i gcomhréir lena Chreat um Chinntí, a foilsíodh i mí Meithimh 2024.

Tar éis an chinnidh seo, beidh ar Meta (i dtaca le Facebook) bearta sonracha a dhéanamh chun a seirbhísí a chosaint óna n-úsáid chun ábhair sceimhlitheoireachta a scaipeadh agus tuairisciú chuig Coimisiún na Meán laistigh de trí mhí ón gcinneadh a fháil, ar na bearta sonracha atá déanta. Beidh na bearta seo éifeachtach, spriocdhírithe agus comhréireach, agus beidh siad measúil maidir le cearta bunúsacha na n-úsáideoirí. Ar na bearta ar gá do sholáthraí seirbhísí óstála atá neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta a dhéanamh tá forálacha ina chuid téarmaí agus coinníollacha maidir le haghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid a sheirbhíse chun ábhar sceimhlitheoireachta a scaipeadh ar an bpobal.

Déanfaidh Coimisiún na Meán na gníomhartha maolaitheacha a dhéanann na soláthraithe a mhaoirsiú agus a rochtain. Má mheasann an Coimisiún nach gcomhlíonann na bearta sonracha atá déanta ceanglais reachtacha, tabharfaidh an Coimisiún cinneadh don soláthraí seirbhísí óstála á cheangal air na bearta riachtanacha a chur i gcrích d’fhonn a chinntiú go gcloítear leis na forálacha reachtacha.

I mí na Samhna 2024, chinn an Coimisiún go raibh seirbhísí TikTok, X agus Meta (i dtaca le Instagram) ‘neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta’ faoin Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne.

Má sháraíonn soláthraithe seirbhísí óstála an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta Ar Líne, féadfar fíneálacha riaracháin a ghearradh lena n-áirítear pionóis airgeadais suas le ceathair faoin gcéad den láimhdeachas iomlán.

Tá Creat Sábháilteachta ar Líne Choimisiún na Meán comhdhéanta den Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne, an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, an tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, atá mar bhunús lenár gCód Sábháilteachta ar Líne.

Molann an Coimisiún d’úsáideoirí seirbhísí ar líne a fheiceann ábhar sceimhlitheoireachta amhrasta é a thuairisciú don ardán ar a bhfaca siad é, agus aon ábhar a d’fhéadfadh a bheith ina bhagairt ar bheatha daoine a thuairisciú leis an nGarda Síochána.

Cóid agus Rialacha athbhreithnithe do Sheirbhísí Meáin foilsithe

Cód agus Rialacha nua maidir le Físeáin ar Éileamh, agus Cóid agus Rialacha na Seirbhíse Meán athbhreithnithe a theastaíonn chun oibleagáidí na hÉireann a chomhlíonadh faoi Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (AVMSD)

Inniu (05.12.2024) tá Coimisiún na Meán tar éis Cóid agus Rialacha na Seirbhíse Meán athbhreithnithe a fhoilsiú, lena gcuirtear críoch le próiseas nuashonraithe a rialachán chun athruithe a chur chun feidhme faoi Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (AVMSD) agus faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022. Faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, tá Coimisiún na Meán údaraithe le cóid agus rialacha a fhorbairt a bhaineann le soláthraithe físeáin ar éileamh agus le craoltóirí teilifíse agus raidió atá lonnaithe in Éirinn.

Forálann AVMSD do na caighdeáin íosta agus d’oibleagáidí nach mór do sholáthraithe físeáin ar éileamh agus do chraoltóirí teilifíse cloí leo i réimsí éagsúla, lena n-áirítear sábháilteacht leanaí, inrochtaineacht a seirbhísí, agus an toirmeasc ar ábhar a spreagann an fuath. Leis an Acht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán cuirtear creat rialála ar bun maidir leis na seirbhísí sin agus le craoltóirí raidió.

Dúirt Aoife MacEvilly, Coimisinéir an Chraolacháin agus Físeáin ar Éileamh ag Coimisiún na Meán: “Chun tírdhreach meán atá bisiúil agus sábháilte a chinntiú do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann, tá sé ríthábhachtach a chinntiú go gcoinnítear na Cóid agus na Rialacha a bhaineann le craoltóirí agus anois, den chéad uair, le soláthraithe seirbhíse físeáin ar éileamh, cothrom le dáta agus ar aon dul le rialacháin an Aontais Eorpaigh. Táimid i dteagmháil le soláthraithe seirbhíse meán le cúpla mí anuas, agus tar éis chur i gcrích ár gcomhairliúchán poiblí, tá áthas orainn go bhfuil naoi sraith Cód agus Rialacha foilsithe againn, atá i bhfeidhm faoi láthair.”

San áireamh leis na naoi rialachán tá Cóid agus Rialacha na Seirbhíse Meán Closamhairc ar Éileamh, agus seo an chéad uair is atá seirbhísí físeáin ar éileamh (VOD) faoi réir mhaoirseacht rialála Choimisiún na Meán. Forbraíodh na Cóid agus Rialacha seo tar éis comhairliúchán poiblí a cuireadh i gcrích i mí Lúnasa 2024.

Táthar tar éis na Cóid agus Rialacha eile a bhí ann cheana a nuashonrú chun cloí le AVMSD – An Cód um Chaighdeáin Chlár, Rialacha Rochtana maidir le Craoltóirí Teilifíse, agus an Cód Ginearálta maidir le Cumarsáid Tráchtála san áireamh. Nuashonraíodh na Cóid agus Rialacha seo tar éis comhairliúchán poiblí a cuireadh i gcrích i mí Dheireadh Fómhair 2024.

Is iad seo a leanas Cóid agus Rialacha nua agus athbhreithnithe na Seirbhíse Meán:

In 2025, tosóidh Coimisiún na Meán ar an obair a theastaíonn chun na Cóid agus Rialacha a nuashonrú, bunaithe ar an aiseolas a fuarthas mar chuid den phróiseas comhairliúcháin a rinneadh i mbliana.

Síníonn Údarás na gCaighdeán Fógraíochta (ASA) comhaontú le Coimisiún na Meán

Is é Údarás na gCaighdeán Fógraíochta an comhlacht féinrialála fógraíochta neamhspleách atá freagrach as na caighdeáin is airde cumarsáide margaíochta a chur chun cinn, a rialáil agus a fhorfheidhmiú in Éirinn. Shínigh an tÚdarás comhaontú le Coimisiún na Meán chun creat a bhunú le haghaidh comhoibriú idir an dá eagraíocht maidir le nithe is leas dóibh araon a bhaineann le fógraíocht agus le cumarsáid margaíochta tráchtála.

Tá sé mar aidhm ag an gcomhaontú comhoibrithe seo maoirseacht agus forfheidhmiú caighdeán a fheabhsú, i dtírdhreach fógraíochta agus meán atá ag athrú de shíor, lena n-áirítear ardáin ar líne agus na meáin shóisialta.

Leis an gcomhpháirtíocht atá idir an dá eagraíocht daingnítear tuilleadh seasamh Údarás na gCaighdeán Fógraíochta mar cheannaire sa tírdhreach fógraíochta, agus buailfidh an dá eagraíocht le chéile go rialta agus pléifidh siad príomhthreochtaí, agus díreoidh siad ar raon ábhar atá chun leasa an dá thaobh, lena n-áirítear:

  • Feasacht ar cheanglais rialála ábhartha a chur chun cinn, agus tacú le comhlíonadh na gceanglas sin, ar ceanglais iad a bhaineann le fógraí agus le cumarsáid margaíochta tráchtála
  • Leasanna na ndaoine a fhaigheann na fógraí agus an chumarsáid margaíochta tráchtála a chosaint trí fhéachaint lena chinntiú go bhfuil na fógraí agus an chumarsáid sin dleathach, macánta, ionraic agus fírinneach
  • Féachaint lena chinntiú nach bhfeiceann leanaí ná daoine aonair atá i mbaol fógraíocht agus cumarsáid margaíochta tráchtála atá díobhálach agus gur féidir le tomhaltóirí muinín a bheith acu as fógraíocht agus as cineálacha eile cumarsáide margaíochta tráchtála

Luaitear freisin sa chomhaontú seo go bhfuil Údarás na gCaighdeán Fógraíochta agus Coimisiún na Meán tiomanta do na prionsabail chomhoibrithe seo a leanas:

  • Próiseas éifeachtach gearán a chur ar fáil do dhaoine a fhaigheann fógraí nó cumarsáid margaíochta tráchtála ar mian leo gearáin bhailí a dhéanamh
  • Ardchaighdeáin a chur chun cinn i measc seirbhísí meán, ardáin ar líne agus comhlachtaí fógraíochta chun cloí leis an dlí Éireannach agus Eorpach atá i bhfeidhm maidir le nithe comhleasa
  • Cóid agus rialacha rialála atá láidir agus éifeachtach a fhógairt
  • Leanaí agus daoine eile atá i mbaol a chosaint ar fhógraí nó ar chumarsáid margaíochta tráchtála a bheadh díobhálach
  • Idirphlé agus malairtí gníomhacha ar nithe comhleasa a chur chun cinn
  • Iniúchadh a dhéanamh ar bhealaí a bhféadfaí gníomhaíocht taighde chomhpháirteach a dhéanamh chun tuiscint níos fearr a fháil ar threochtaí sa tírdhreach rialála
  • A róil agus a bhfeidhmeanna rialála neamhspleácha faoi seach a choinneáil ar bun

Bhí comhoibriú éifeachtach idir Údarás na gCaighdeán Fógraíochta agus Coimisiún na Meán (agus a réamhtheachtaí rialála, Údarás Craolacháin na hÉireann) ar thionscadail Éireannacha agus Eorpacha.

Ina measc sin bhíothas rannpháirteach ar Choiste Neamhspleách Gearán an Údaráis, rinneadh obair ar an Acht um Shábháilteacht Ar Líne agus um Rialáil Meáin, 2022, agus ar Threoir AE maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc, ina spreagtar Ballstáit an Aontais le haitheantas a thabhairt don ról is féidir le comhrialúchán agus féinrialúchán éifeachtach a chomhlíonadh mar ionstraimí beartais comhlántacha anuas ar na sásraí reachtúla, breithiúnacha, agus riaracháin atá i bhfeidhm.

Ag labhairt di faoin gcomhaontú, deir Orla Twomey, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Údarás na gCaighdeán Fógraíochta:

“Is cloch mhíle shuntasach í an chomhpháirtíocht seo inár misean chun a chinntiú go mbeidh an fhógraíocht ar gach ardán dlíthiúil, macánta, ionraic, agus fírinneach. Trí oibriú i ndlúthchomhar le Coimisiún na Meán, is féidir linn aghaidh a thabhairt tuilleadh ar na dúshláin a chruthaíonn fógraíocht dhigiteach agus féadfaimid tomhaltóirí na hÉireann a chosaint, timpeallacht meán níos sábháilte agus níos trédhearcaí a fhorbairt agus iontaoibh a chothú i bhfógraíocht do chách. Le chéile, neartóimid an creat rialála is bonn leis na cleachtais fógraíochta agus meán in Éirinn, agus cuirfimid ardchaighdeáin chun cinn i measc seirbhísí digiteacha, ardán ar líne agus comhlachtaí fógraíochta.”

Deir Aoife MacEvilly, Coimisinéir Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh ag Coimisiún na Meán:

“Tá sé tábhachtach dúinne go mbeadh tírdhreach meán againn ar féidir le tomhaltóirí muinín a bheith acu as agus ina bhfuil cosaint acu ar dhúshaothrú agus ar chalaois. Táimid ag tnúth le leanúint leis an obair le hÚdarás na gCaighdeán Fógraíochta chun a chinntiú go n-oibríonn caighdeáin le haghaidh fógraíochta agus margaíocht tráchtála chun leasa tomhaltóirí, agus go háirithe go dtabharfaidh siad cosaint do leanaí ar ábhar fógraíochta a d’fhéadfadh a bheith díobhálach.

€4m bronnta faoinár mbabhta is déanaí den scéim Fuaim & Fís

Le leithdháileadh Bhabhta 54 tacaítear le hábhar a tháirgeadh a dhíríonn ar ghuthanna na bpobal nua in Éirinn.

  • Tá breis agus €3.9 milliún de mhaoiniú leithdháilte i mBabhta 54, agus tá 35 thionscadal maoinithe, lena náirítear cláir drámaíochta, faisnéise, siamsaíochta, agus oideachasúla, agus iad le craoladh ar an Teilifís agus ar an Raidió
  • Rinneadh 97% den mhaoiniú a leithdháileadh ar léiritheoirí neamhspleácha, agus tá €1.4 milliún den mhaoiniú uilig ag dul chuig tionscadail i nGaeilge nó chuig tionscadail dhátheangacha
  • Tá €2 mhilliún de mhaoiniú breise urraithe ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun tacú le hábhar a dhíríonn ar ghuthanna na bpobal inimirceach agus nua in Éirinn.

D’fhógair Coimisiún na Meán inniu (14.11.24) go bhfuil sé le breis agus €3.9 milliún de mhaoiniú a bhronnadh faoin mbabhta is déanaí den scéim Fuaim agus Fís. Mar chuid de Bhabhta 54 déanfar maoiniú ar an léiriú de 35 thionscadal don teilifís agus don raidió le léiritheoirí agus craoltóirí neamhspleácha fud fad na tíre. Rinneadh 97% den mhaoiniú atá mar chuid de Bhabhta 54 a chur ar fáil do léiritheoirí neamhspleácha agus tá €1.4 milliún den mhaoiniú ar fad ag dul chuig tionscadail i nGaeilge nó chuig tionscadail dhátheangacha.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán an méid seo a leanas: “Tá Coimisiún na Meán tiomanta d’éagsúlacht agus iolracht ábhair a chinntiú, ábhar ina léirítear muintir na hÉireann, lena náirítear a dteangacha, a dtraidisiúin, agus a néagsúlacht reiligiúnach agus chultúrtha. Tá lúcháir orainn go bhfuil an deis againn tacú le tionscadail a chuireann an éagsúlacht sin in iúl. Leis an mbabhta seo den Scéim Fuaim agus Fís, cuirfear le tuiscint an phobail agus féachfar ar an taithí ar leith agus na luachanna cultúrtha atá ag na pobail nua in Éirinn, fad a chuirfear raon leathan ábhair ar ardchaighdeán, atá ábhartha ó thaobh cultúir de, ar fáil.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis an Aire Catherine Martin as an leithdháileadh €2 mhilliún de mhaoiniú breise. Tá Fuaim agus Fís ina fhoinse mhaoinithe ríthábhachtach le haghaidh craoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha fós, agus cuireann an scéim ar a gcumas cláir a chruthú do lucht féachana agus éisteachta, cláir nach mbeadh ann murach í.”

Ar na tionscadail atá maoinithe faoi Bhabhta 54 den scéim Fuaim agus Fís, tá:

  • Welcome to Moore Street – Sa tsraith seo, atá le craoladh ar RTÉ a hAon, léirítear croí na hÉireann nua-aimseartha, áit nach bhfuil rudaí ‘dubh agus bán’. Ní bhaineann an tsraith seo le hinimirce, ach tugann sé léargas spéisiúil ar bheatha na nÉireannach, idir ‘shean’ agus ‘nua’, a bhíonn ag streachailt lena mbeatha a shaothrú anseo ar an taobh thuaidh de lár na cathrach i mBaile Átha Cliath.
  • My Ireland Too – Sa tsraith faisnéise seo, atá le craoladh ar Virgin Media Television, téann iarrthóirí tearmainn agus imircigh óga i gceantar Chorcaí i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le saol nua a thosú le linn méadú bagrach ar leithcheal agus ciníochas, agus cuirtear in iúl radharc ionraic agus iontaofa ar eispéireas na nimirceach in Éirinn.
  • Bia Úr – Sa tsraith faisnéise TG4 seo, cuirtear cultúir agus traidisiúin maidir le bia nua agus spéisiúil i láthair an lucht féachana trí scéalta faoi dhaoine atá ag cur fúthu in Éirinn.
  • Mo Shaol, Do Shaol – Sna trí eipeasóid déag den tsraith shiamsaíochta seo do leanaí, atá ar fáil ar Cúla4 den 4ú huair, faigheann breathnóirí óga blaiseadh de na príomhimeachtaí a cheiliúrann na pobail nua in Éirinn.
  • Joy to the World – Ceiliúrann an tsraith faisnéise raidió seo, atá ar KCLR 96FM, an Nollaig le pobail imirceach agus nua in Éirinn; glactar páirt ina gcuid traidisiún, ceoil, ullmhúchán, maisiúchán, bia agus i malartú bronntanas.
  • Mmanwu – Sa drámaíocht raidió seo, atá le craoladh ar Newstalk, déantar scrúdú ar na castachtaí a bhaineann leis an máithreachas, le meabhairshláinte, agus leis an gcodarsnacht idir an traidisiún agus an nua-aimsearthacht i gcomhthéacs bríomhar Bhaile Átha Cliath agus Onitsha, an Nigéir.
  • Voices of New Ireland – Pléann an tsraith seo, atá le craoladh ar Flirt FM i dtrí eipeasóid déag, le hoidhreacht chultúrtha, leis an nGaeilge, le hoideachas agus leis na healaíona, i measc téamaí eile, agus béim á cur ar éachtaí an phobail agus imeascadh trí chultúir éagsúla a mhúnlaíonn Éire na linne seo.

Cuireadh isteach 44 iarratas, a bhí ag lorg os cionn €4.3 milliún, faoi Bhabhta 54 den scéim Fuaim agus Fís, agus bronnadh beagán os cionn €3.9 milliún de mhaoiniú.

Tacóidh beagnach 35% den mhaoiniú molta le léiriú tograí i nGaeilge nó tograí dátheangacha, agus tá tograí ann a bhaineann le raon teangacha éagsúla eile mar gheall ar aidhm an Bhabhta. Téann 97% den mhaoiniú (breis is €3.8 milliún) díreach chuig an earnáil léiriúcháin neamhspleách. Tá Babhta 54 comhdhéanta de mhaoiniú ó tháille an cheadúnais teilifíse agus €2 mhilliún de mhaoiniú arna urrú ag Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Cinneadh déanta faoin Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne

Cinneann an Coimisiún go bhfuil seirbhísí TikTok, X agus Meta (i dtaca le Instagram) ‘neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta’

Lean cinneadh an Choimisiúin an fógra maidir le dhá ordú baint anuas nó níos mó a thabhairt do na soláthraithe seo sa 12 mhí roimhe seo ó údaráis inniúla de chuid an Aontais Eorpaigh

Anois beidh ar sholáthraithe bearta sonracha a dhéanamh chun seirbhísí a chosaint óna n-úsáid chun ábhair sceimhlitheoireachta a scaipeadh agus beidh orthu tuairisciú maidir leis na bearta atá déanta acu

D’fhoilsigh Coimisiún na Meán cinneadh inniu (13 Samhain) i dtaca le trí sholáthraí seirbhísí óstála faoin Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne. Chinn an Coimisiún go bhfuil seirbhísí TikTok, X agus Meta (i dtaca le Instagram) ‘neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta.’

I ndlí an Aontais Eorpaigh déantar ábhar sceimhlitheoireachta a shainmhíniú mar:

  • ábhar lena ngríosaítear cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, amhail trí ghníomhartha sceimhlitheoireachta a ghlóiriú;
  • ábhar lena ndéantar cionta sceimhlitheoireachta a mholadh;
  • ábhar lena niarrtar ar dhuine nó ar ghrúpa daoine cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh, nó rannchuidiú leo sin a dhéanamh;
  • ábhar a ghríosaíonn, a mheallann, a bhagraíonn nó a chuireann treoir ar fáil maidir le cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh;
  • ábhar lena niarrtar ar dhuine nó ar ghrúpa daoine páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta;
  • ábhar lena ndéantar teagasc a chur ar fáil maidir le pléascáin, airm thine nó armáin eile nó substaintí guaiseacha nó díobhálacha a dhéanamh agus a úsáid, nó maidir le modhanna agus teicnící sonracha eile chun críocha cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh nó rannchuidiú leo sin a dhéanamh;
  • ábhar ar bagairt é chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh

Cuireann an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne, ar cuid amháin é de Chreat Sábháilteachta ar Líne Choimisiún na Meán, sásra ar fáil ar fud an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne agus chun cur ar chumas na soláthraithe seirbhísí óstála ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint go tapa.

Faoin Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne, féadtar go ndéanfar cinneadh go bhfuil soláthraithe seirbhísí óstála neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta má fhaigheann siad dhá ordú baint anuas nó níos mó ó údaráis inniúla de chuid an Aontais sa 12 mhí roimhe sin. Tháinig an Coimisiún ar an gcinneadh seo tar éis gur tugadh fógra faoi dhá ordú baint anuas nó níos mó i dtaca leis na trí sholáthraí seo agus tar éis dul i dteagmháil leis na soláthraithe seo. Rinne an Coimisiún a chinneadh i gcomhréir lena Chreat um Chinntí, a foilsíodh i mí Meithimh 2024.

Tar éis an chinnidh seo, beidh ar TikTok, X agus Meta (i dtaca le Instagram) bearta sonracha a dhéanamh chun a seirbhísí a chosaint óna n-úsáid chun ábhair sceimhlitheoireachta a scaipeadh agus tuairisciú chuig Coimisiún na Meán laistigh de trí mhí ón gcinneadh a fháil, ar na bearta sonracha atá déanta. Beidh na bearta seo éifeachtach, spriocdhírithe agus comhréireach, agus beidh siad measúil maidir le cearta bunúsacha na n-úsáideoirí. Ar na bearta ar gá do sholáthraí seirbhísí óstála atá neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta a dhéanamh tá forálacha ina chuid téarmaí agus coinníollacha maidir le haghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid a sheirbhíse chun ábhar sceimhlitheoireachta a scaipeadh ar an bpobal.

Déanfaidh Coimisiún na Meán na gníomhartha maolaitheacha a dhéanann na soláthraithe a mhaoirsiú agus a rochtain. Má mheasann an Coimisiún nach gcomhlíonann na bearta sonracha atá déanta ceanglais reachtacha, tabharfaidh an Coimisiún cinneadh don soláthraí seirbhísí óstála á cheangal air na bearta riachtanacha a chur i gcrích d’fhonn a chinntiú go gcloítear leis na forálacha reachtacha.

Má sháraíonn soláthraithe seirbhísí óstála an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta Ar Líne, féadfar fíneálacha riaracháin a ghearradh lena n-áirítear pionóis airgeadais suas le ceathair faoin gcéad den láimhdeachas iomlán.

Tá Creat Sábháilteachta ar Líne Choimisiún na Meán comhdhéanta den Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne, an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, an tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, atá mar bhunús lenár gCód Sábháilteachta ar Líne.

Molann an Coimisiún d’úsáideoirí seirbhísí ar líne a fheiceann ábhar sceimhlitheoireachta amhrasta é a thuairisciú don ardán ar a bhfaca siad é, agus aon ábhar a d’fhéadfadh a bheith ina bhagairt ar bheatha daoine a thuairisciú leis an nGarda Síochána.

Léigh ár dtreoirlínte nuashonraithe maidir le clúdach craolacháin toghchán

Tagann na Treoirlínte nuashonraithe i bhfeidhm ón inniu 11 Samhain go dtí go ndúnfar na stáisiúin vótaíochta an 29 Samhain

D’fhoilsigh Coimisiún na Meán a Threoirlínte inniu (11.11.24) maidir le Clúdach Craolacháin Toghchán. Tugtar treoir agus comhairle do chraoltóirí sna Treoirlínte maidir le conas is féidir cothroime, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a bhaint amach ina gclúdach ar thoghcháin.

Tá na Treoirlínte á bhfoilsiú roimh an Olltoghchán, atá sceidealta le bheith ar siúl an Dé hAoine, 29 Samhain. Tagann na Treoirlínte i bhfeidhm ón inniu, Dé Luan, 11 Sahmain agus tá feidhm acu maidir le clúdach na dtoghchán go dtí go ndúnfar na stáisiúin vótaíochta an 29 Samhain.

Ag labhairt faoi fhoilsiú na dTreoirlínte, dúirt an Coimisinéir Craoltóireachta agus Físeáin ar Éileamh de chuid Choimisiún na Meán, Aoife MacEvilly: “I mbliana, díreofar anseo i gCoimisiún na Meán ar na toghcháin agus sláine na dtoghchán thar aon ní eile. Imríonn craoltóirí ról lárnach maidir le conas a chuirtear daoine ar an eolas le linn tréimhsí toghcháin agus dá bhrí sin ní mór dóibh a chinntiú go bhfuil na cláir nuachta agus cúrsaí reatha go léir cothrom, oibiachtúil agus neamhchlaonta. Beidh foilsiú na dtreoirlínte toghcháin inniu ina chuidiú ag craoltóirí lena gcur chuige i leith clár le linn tréimhsí toghcháin agus cuideoidh sé leo a chinntiú go bhfuil a dtuairisciú oscailte agus trédhearcach. Ceapadh na treoirlínte chun cuidiú le craoltóirí a n-oibleagáidí a chomhlíonadh.”

“Taobh leis na treoirlínte seo, táimid ag foilsiú Pacáiste Eolais Toghcháin le heolas a chur ar fáil d’iarrthóirí a bheidh ag seasamh i dtoghcháin in Éirinn maidir le cad is féidir leo a dhéanamh i gcás díobháil ar líne. Táimid i dteagmháil le hardáin ar líne freisin le cinntiú go n-imríonn siad a ról chun sláine na dtoghchán a dhearbhú agus chun a chinntiú gur féidir le daoine fud fad na hÉireann roghanna saora, córa agus feasacha a dhéanamh maidir lena vóta a chaitheamh.”

Leis na Treoir uasdátaithe seo, in ionad an Mhoratóra Craolacháin beidh Ceanglas Cúraim Bhreise le haghaidh craoltóirí le linn Thréimhse Chriticiúil an Toghcháin. Rinneadh an cinneadh sin i ndiaidh do Choimisiún na Meán athbhreithniú a dhéanamh ar an Moratóir. Áiríodh leis an athbhreithniú sin iniúchadh ar thréimhsí ciúnais na dtoghchán i dtíortha eile, suirbhé ar dhearcthaí a rinneadh le Ipsos B&A, agus comhairliúchán poiblí.

Chomh maith le comhairle a chur ar fáil faoin gCeanglas Cúraim Bhreise, moltar sna Treoirlínte freisin nár chóir do chraoltóirí, le linn uaireanta vótaíochta, tuairimíocht a léiriú maidir le toradh an toghcháin, tuairisciú ar shuirbhéanna tuairimí agus pobalbhreitheanna díreach tar éis vótála san áireamh, go dtí go gcuirfear críoch leis an vótáil.

Meabhraítear do chraoltóirí freisin na riachtanais atá le comhlíonadh chun am craolta cothrom a bhaint amach agus toghchán á chlúdach acu, an cosc ar fhógraí polaitiúla agus an riachtanas bearta agus nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le hábhar ar an aer a thagann isteach trí na meáin shóisialta agus chun an riosca a mhaolú go mbeadh domhainbhrionnuithe IS-ghinte ann.

Deirtear sna Treoirlínte seo freisin go bhfuil sé míchuí do dhaoine a bhfuil baint acu le ‘leasanna toghcháin’ cláir a láithriú le linn thréimhse feachtais an toghcháin – tá iarrthóirí i dtoghchán san áireamh le ‘leasanna toghcháin’.

Íoslódáil ár bPacáiste Eolais d’iarrthóirí toghcháin, a cuireadh ar fáil leis An Garda Síochána

Inniu, (8ú Samhain), tá Coimisiún na Meán agus an Garda Síochána tar éis Pacáiste Eolais a fhoilsiú le haghaidh na n-iarrthóirí uilig atá le seasamh san Olltoghchán atá ag teacht aníos. Is é aidhm an phacáiste ná eolas a chur ar fáil maidir le róil an Gharda Síochána agus Choimisiún na Meán, agus le treoir a chur ar fáil d’iarrthóirí maidir leis an méid ba chóir dóibh a dhéanamh nuair atá ábhar nó iompar díobhálach agus/nó mídhleathach le feiceáil acu ar líne.

Sa Phacáiste tá eolas faoi roinnt sórt cásanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an fheachtais agus faoi na bearta is féidir leis na hiarrthóirí a ghlacadh. Cuirtear tuilleadh eolais ar fáil maidir le cearta úsáideoirí faoi Chreat Sábháilteachta ar Líne Choimisiún na Meán agus maidir leis na bealaí tuairiscithe atá le húsáid ar ardáin éagsúla nuair atáthar in amhras faoi ábhar mídhleathach ar líne.

Ina ráiteas inniu, dúirt Leas-Choimisinéir na nOibríochtaí Póilíneachta ag an nGarda Síochána, Shawna Coxon, go bhfuil sé “tábhachtach go mbeadh gach duine ar a gcompord agus iad ag glacadh páirte i bpróiseas an toghcháin, cé acu i láthair go pearsanta nó ar líne. Sin an fáth a bhfuil an Garda Síochána agus Coimisiún na Meán agus obair le chéile chun tacú lenár ndaonlathas trí dhaoine a choinneáil slán ar líne le linn an toghcháin seo.”
Dúirt John Evans, an Coimisinéir Seirbhísí Digiteacha ag Coimisiún na Meán, “Tá sé tábhachtach go mothaíonn daoine go bhfuil sé de chumhacht acu seasamh mar iarrthóir i dtoghchán ar bith gan a misneach a chailliúint mar gheall ar dhrochíde nó iompar mídhleathach ar líne. Táimid ag iarraidh go dtacófaí leis an daonlathas agus le sláine na dtoghchán i dtírdhreach na meán, agus tá súil againn go gcuideoidh an pacáiste eolais seo le hiarrthóirí a gcearta ar líne a thuiscint chomh maith le conas is féidir leo cabhair a fháil, más gá. Táimid i dteagmháil le hardáin ar líne freisin maidir lena gcuid ullmhúchán don toghchán, agus tá súil againn go n-imreoidh siad a ról chun a chinntiú gur féidir le daoine roghanna saora, córa agus feasacha a dhéanamh maidir lena vóta a chaitheamh.”

Raidió i réim – Féach ar na figiúirí JNLR is déanaí

Tá an tuairisc JNLR/Ipsos is déanaí de chuid MRBI maidir le lucht éisteachta raidió in Éirinn foilsithe inniu (07.11.24).

Thar ceann Choiste JNLR tá preaseisiúint do na meáin agus táblaí faisnéise achoimrithe ar fáil le híoslódáil ar ár suíomh (Béarla).