Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe

Tá an tuairisc JNLR/Ipsos is déanaí de chuid MRBI maidir le lucht éisteachta raidió in Éirinn foilsithe inniu (15.08.24).

Thar ceann Choiste JNLR tá preaseisiúint do na meáin agus táblaí faisnéise achoimrithe ar fáil le híoslódáil anseo (Béarla).

CRÍOCH

Tabhair faoi deara:

Ba cheart fiosruithe do na meáin maidir le clár nó feidhmiú stáisiúin ar leith a chur chuig IPSOS MRBI nó chuig an gcraoltóir iomchuí.

Dréacht-Chód agus Dréacht-Rialacha nua le haghaidh seirbhísí Físe ar Éileamh foilsithe ag Coimisiún na Meán

Tar éis tréimhse chomhairliúcháin, déanfar rialáil den chéad uair riamh ar rialacha atá tugtha chun críche maidir le seirbhísí Físe-ar-Éileamh

***Spriocdháta Sínte – chomhaontaigh An Coimisiún ar spriocdháta nua. Is é Dé Máirt, 20 Lúnasa 2024 an spriocdháta nua le haghaidh aighneachtaí.***

D’fhoilsigh Coimisiún na Meán inniu (04.07.24) Dréacht-Chód nua Sheirbhís na Meán Closamhairc ar Éileamh (Fís-ar-éileamh) chomh maith le Dréacht-Rialacha nua.

Agus dlaoi mullaigh curtha orthu, déanfaidh Coimisiún na Meán an Cód agus na Rialacha a chur i bhfeidhm ar sholáthraithe seirbhíse na Físe-ar-éileamh a bhfuil Ceanncheathrú an AE acu in Éirinn.

Cuirtear tús sa Dréacht-Chód le dualgais a leagan ar sholáthraithe seirbhíse na Físe-ar-éileamh srian a chur le hábhar áirithe ina gcuid catalóg, mar shampla:

  • Ba cheart srian a chur le hábhar dá gceapfaí go réasúnta go raibh an t-ábhar sin mar spreagadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh.
  • Ba cheart srian a chur le hábhar dá gceapfaí go réasúnta go raibh an chuma ar an scéal go spreagfadh an t-ábhar sin foréigean nó fuath ina leith seo: grúpa, nó ball de ghrúpa bunaithe ar thréithe cosúil le gnéas, dath, míchumas, claonadh gnéasach nó ballraíocht de mhionlach náisiúnta.

Beidh sé de dhualgas ar sholáthraithe leis gníomhú chun leanaí a chosaint ar ábhar a d’fhéadfadh cur isteach ar a bhforbairt fhisiciúil, intinne nó mhorálta, mar shampla:

  • Rabhadh a chur ar an scáileán ag tosach clár maidir le hábhar a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leanaí.
  • Na bearta cuí a dhéanamh chun deimhin a dhéanamh de nach dtaispeánfar do leanaí ábhar ina bhfuil pornagrafaíocht nó ina dtéitear thar fóir leis an bhforéigean.
  • Soláthar a dhéanamh do rialúcháin tuismitheoirí agus do dhearbhú aoise chun leanaí a chosaint ar ábhar dochrach a fheiceáil

Cuirtear tús sna Dréacht-Rialacha le dualgais a leagan ar sholáthraithe seirbhíse na Físe-ar-éileamh chun go mbeidh teacht de réir a chéile acu siúd atá faoi mhíchumas ar a gcuid clár.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir ar Fhorbairt na Meán le Coimisiún na Méan: “Agus iad tugtha chun críche, den chéad uair riamh beifear in ann rialáil reachtúil a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhíse na Físe ar éileamh atá lonnaithe in Éirinn. Beidh an Cód mar chúnamh leis na hiarrachtaí a chinnteoidh gur féidir le daoine ar fud fad na hÉireann féachaint ar chláir ar éileamh atá siamsúil, faisnéiseach agus tarraingteach, agus a chinnteoidh freisin nach mbeidh teacht ag leanaí ar chláir nach bhfuil oiriúnach dóibh. Cinnteofar leis an Rialacha go bhfuilimid ar ár ndícheall chun go mbeidh teacht ag daoine faoi mhíchumas ar chláir agus cuirfear ceangal ar gach soláthraí seirbhíse físe ar éileamh atá lonnaithe in Éirinn Plean Gníomhaíochta Rochtana a chur ar bun.”

“Céim mhór chun cinn is ea an Cód agus na Rialacha chun an Treoir um Sheirbhísí na Meán Closamhairc a chur i bhfeidhm in Éirinn.”

Tá Dréacht-Chód nua Sheirbhís na Meán Closamhairc ar Éileamh (Fís-ar-éileamh) chomh maith le Dréacht-Rialacha nua oscailte i láthair na huaire le haghaidh comhairliúchán poiblí. An dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí is ea Dé Máirt, 6 Lúnasa 2024.

CRÍOCH

An Straitéis um Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht d’earnáil na meán in Éirinn foilsithe ag Coimisiún na Meán

Tá an chéad Straitéis um Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht d’earnáil na meán fuaime agus closamhairc a foilsiú ag Coimisiún na Meán inniu (03.07.24).

Beidh baint ag an Straitéis seo leo siúd a phléann le cúrsaí scannánaíochta, teilifíse, raidió, closamhairc agus léirithe beochana. Leagtar amach gníomhartha éagsúla sa Straitéis ceann amháin is ea go gcaithfidh gach comhlacht in earnáil na meán fuaime agus closamhairc polasaithe, pleananna agus straitéisí um Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht (ICÉI) dá gcuid féin a fhoilsiú.

Faoi réir ag an Straitéis, tá Coimisiún na Meán ag súil leis go gcuirfidh eagraíochtaí na meán leis an ionchuimsitheacht san earnáil agus gníomhartha mar seo a leanas á gcur i gcrích acu:

  • oiliúint foirne a sholáthar maidir le feasacht ar mhíchumas agus claontuairim neamh-chomhfhiosach,
  • feabhas a chur ar an rochtain a bheidh ag daoine ar áiteanna oibre agus ar an teacht a bheidh acu ar ábhar,
  • scrúdú a dhéanamh ar sholáthar intéirneachtaí íoctha agus meantóireachtaí straitéiseacha do ghrúpaí mionlaigh.

Nuair a bheidh an Straitéis foilsithe, forbróidh Coimisiún na Meán Caighdeáin ICÉI le haghaidh na hearnála.

Agus é ag labhairt mar gheall ar fhoilsiú na Straitéise um Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht, dúirt Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir ar Fhorbairt na Meán le Coimisiún na Meán: “Tosaíocht do Choimisiún na Meán ón uair a bhunaithe is ea é éagsúlacht na sochaí in Éirinn a léiriú i gceart sna meáin.

“Céim mhór is ea é gur foilsíodh An Straitéis um Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht le haghaidh earnáil na meán in Éirinn agus cinnteofar mar thoradh go mbeidh teacht ag cách in Éirinn ar earnáil na meán closamhairc dár gcuid atá ionchuimsitheach agus éagsúil agus ina léirítear Éire ár linne. Tá mórchuid craoltóirí agus eagraíochtaí tar éis tionscnaimh a chur ar bun atá ag cur le héagsúlacht agus ionchuimsitheacht agus is mian liom an dul chun cinn seo a aithint agus mé ag súil le forbairtí eile amach anseo.

“Beidh an Straitéis seo, mar aon leis na caighdeáin tionsclaíochta a eascróidh aisti, mar chritéar lárnach le haghaidh scéimeanna maoinithe An Choimisiúin. Cheana féin, cuireann an scéim maoinithe um Chraoltóireacht Fuaime agus Físe le cuspóirí inscne, comhionannais, éagsúlachta agus ionchuimsitheachta, rud a chinntíonn go dtabharfar cluas agus tacaíocht do raon guthanna san earnáil.

“Leanfaidh An Coimisiún le tionscnaimh a spreagadh a chuirfidh le héagsúlacht in earnáil na méan in Éirinn agus trínár bhforbairt féin san earnáil agus ár scéimeanna maoinithe, tacóimid le tionscnaimh a chuireann leis an ionchuimsitheacht in earnáil na meán in Éirinn.”

Ag labhairt di ag seoladh na Stráitéise ag oifigí Choimisiún na Meán inniu, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:

“Bhí riamh, agus tá ceist na cothroime inscne agus an chomhionannais mar thosaíocht agamsa mar Aire. Tá earnáil meán éagsúil agus uilechuimsitheach riachtanach dár sochaí, dár ndaonlathas agus dár bhforbairt chultúrtha. Tá sé ríthábhachtach go léíríonn ár meáin cumarsáide guthanna iomadúla agus éagsúla ár sochaí.

Léiríonn an straitéis seo an chéad chéim de phróiseas níos fadtéarmaí chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sochaíocha fadréimseacha atá romhainn, amhail comhionannas inscne, léiriú steiréitíopaí diúltacha agus na bacainní ar rochtain agus deis. Oibreoidh an straitéis seo i dtreo tírdhreach meán níos cothroime a chinntiú, a sholáthraíonn éagsúlacht agus iolrachas guthanna dár ndioscúrsa náisiúnta, a chothaíonn deiseanna laistigh den earnáil, agus atá in oiriúint don tsochaí a léiríonn sí”.

Tá Coiste Stiúrtha bunaithe ag Coimisiún na Meán chun dul chun cinn na Straitéise a mheas agus foilseoidh an Coiste seo tuarascáil bhliantúil ina ndéanfar cur síos ar thionscnaimh ICÉI in earnáil na meán in Éirinn.  Tá An Coimisiún ag nascadh thionscnaimh ICÉI leis an bpróiseas ceadúnaithe le haghaidh seirbhísí craoltóireachta agus déanfaidh sé taighde a choimisiúnú mar bhonn eolais le cóid seirbhíse na meán a fhorbairt feasta.

Tá an Straitéis ICÉI bunaithe ar cheithre cholún: Ionad Oibre/Cultúr, Ionadaíocht/Ábhar, Rannpháirtíocht, agus Forbairt. Cuirtear ar fáil do sholáthraithe seirbhíse na meán sa Straitéis seo na dea-chleachtais le haghaidh na hearnála.

Nótaí

Straitéis um Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht.

Mhol An Coimisiún um Thodhchaí na Meán go bhforbrófaí caighdeáin chomhionannais, éagsúlachta agus ionchuimsitheachta le haghaidh earnáil na meán.

Den chéad uair riamh tá an Nuacht Ar Líne mar phríomhfhoinse nuachta don phobal in Éirinn seachas an Nuacht Teilifíse – Tuarascáil ar Nuacht Dhigiteach na hÉireann 2024.

Méadú suntasach ar líon na ndaoine idir 18 agus 24 bliain d’aois atá ag íoc as ábhar nuachta ar líne.

Féachann níos mó daoine ná riamh ar an nuacht ar líne ná ar aon mheán eile, an teilifís san áireamh. Is é seo an chéad uair ina bhfuil níos mó éilimh ar an nuacht ar líne seachas ar nuacht na teilifíse in Éirinn dar le Tuarascáil ar Nuacht Dhigiteach na hÉireann 2024.

Foilseoidh Coimisiún na Meán an tuairisc seo inniu, ina léirítear chomh maith, gur tháinig méadú ar líon na nÉireannach a dhíol as ábhar nuachta sa bhliain 2024.  Ba léir é seo go háirithe i gcás na ndaoine idir 18 agus 24 bliain agus tugadh le fios go raibh méadú de 7 phointe céatadáin (suas go dtí 26% ó 19%) tagtha ar líon an aoisghrúpa sin atá ag íoc as ábhar nuachta digití.

Tháinig fianaise chun solais sa staidéar freisin gur ábhar imní nach beag ceist na fíor- agus na bréag-nuachta ar líne, agus méadú de 7 bpointe céatadáin ar líon na ndaoine a léirigh an imní seo ón mbliain 2023 (71%).

Dar le Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir ar Fhorbairt na Meán le Coimisiún na Meán: “Ábhar dóchais an iontaoibh ghinearálta a thugtar le cúrsaí nuachta in Éirinn i gcomparáid le réigiúin idirnáisiúnta eile. Thuairiscigh 46% de na freagróirí go raibh nuacht iontaofa ar fáil den chuid ba mhó. Tá méadú leanúnach ag teacht ar an úsáid a bhaintear as foinsí nuachta ar líne agus cruthaíonn an méadú seo deiseanna agus dúshláin le haghaidh earnáil na meán in Éirinn. Faighimid bunachar sonraí fiúntach sa Tuarascáil ar Nuacht Dhigiteach na hÉireann 2024i mbliana a bheidh mar chúnamh mór leis an gcur i bhfeidhm agus an struchtúrú a theastóidh chun go mbeidh rath ar an aistriú go dtí an nuacht ar líne.”

“Tacaíonn Coimisiún na Meán le hearnáil na hiriseoireachta in Éirinn i gcónaí. Chuireamar críoch le comhairliúcháin poiblí le déanaí ar dhá scéim iriseoireachta nua a thacaíonn le tuairisciú den chéad scoth, i nGaeilge agus i mBéarla, ar na húdaráis áitiúla agus ar éisteachtaí na gCúirteanna Cuarda agus Dúiche. Tá na scéimeanna seo, maille le beart maoinithe coimhdeach, le tosú an samhradh seo a bhuí le maoiniú as ciste de €6 mhilliún a fuarthas ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, TD.” 

Is í Institiúid Reuters um Léann na hIriseoireachta in Ollscoil Oxford a thugann faoi thaighde le haghaidh na Tuairisce ar an Nuacht Dhigiteach agus tá an tuairisc seo ar an staidéar comparáideach leanúnach is mó ar an úsáid a bhaintear as an nuacht ar fud an domhain. Tá sonraí na hÉireann mar chuid den mhórshuirbhé a rinneadh i 47 margaí i mbliana. Ba é Coimisiún na Meán a d’éascaigh rannpháirtíocht na hÉireann i mbliana, agus tá an Coimisiún freagrach as craoltóirí, seirbhísí ar éileamh agus na meáin ar líne a rialáil in Éirinn. Is taighdeoirí ón Institiúid um Thodhchaí na Meán, an Daonlathas agus an tSochaí (FuJo) in DCU a dhéanann anailís ar shonraí na hÉireann.

Ar phríomhthorthaí na tuairisce i mbliana tá:

Spéis sa Nuacht: Cuireann muintir na hÉireann spéis sa nuacht i gcónaí. Dúirt 88% de na freagróirí go raibh ‘spéis an-mhór’, ‘spéis mhór’ nó ‘spéis éigin’ acu sa nuacht. Tá an ráta seo níos airde ná na rátaí sa Bhreatain (82%) agus i Meiriceá (84%) agus é níos airde an meánráta san Eoraip (85%) freisin.  As an dá ghrúpa a léirigh go raibh ‘spéis an-mhór’ nó ‘spéis mhór’ acu sa nuacht, díol suntais ab ea é, áfach, gur mhór an difríocht ar an ráta i measc aoisghrúpaí éagsúla: 30% an ráta dóibh siúd atá idir 18 agus 24 bliain agus 73% an ráta dóibh siúd atá 65 bliain d’aois nó os a chionn. Is mór na difríochtaí leis ó thaobh inscne de. Thuairiscigh 61% d’fhir go raibh ‘spéis an-mhór’ nó ‘spéis mhór’ acu sa nuacht agus thuairiscigh 46% de mhná go raibh ‘spéis an-mhór’ nó ‘spéis mhór’ acu sa nuacht. 

Muinín as an Nuacht: Tá ísliú tagtha ar an muinín a chuirtear sa nuacht, ach tá ardú ar na pointí céatadáin i gceist le haghaidh cuid de na heagraíochtaí nuachta chomh maith.  Tháinig méadú de 1 phointe céatadáin ar an muinín a cuireadh in RTÉ agus méadú de 2 phointe céatadáin in The Irish Times, rud a fhágann gurb iad seo an dá eagraíocht nuachta is intaofa.

Foinse na Nuachta: Tá 33% den phobal ag féachaint ar an nuacht ‘ar líne, gan na meáin shóisialta san áireamh’, figiúr atá níos airde ná 31% den phobal a fhéachann ar an teilifís ‘mar phríomhfhoinse nuachta’.

Ag Íoc as an Nuacht: Tá méadú ar na pointí céatadáin ó 15% go dtí 17% ar líon na nÉireannach a d’íoc as ábhar nuachta sa bhliain 2024. Níl an méid céanna síntiúsóirí anseo is mar atá i Meiriceá ach tá ráta na síntiúsóirí níos airde anseo ná an meán sa Bhreatain agus san Eoraip. Tháinig méadú suntasach de 7 phointe céatadáin ar líon na ndaoine idir 18 agus 24 bliain atá ag íoc as ábhar nuachta digití.

Intleacht Shaorga (AI): Dúirt 44% de na freagróirí go raibh méid ‘mór’ nó ‘measartha’ léite nó cloiste acu faoi AI. Deir 41% eile go bhfuil ‘méid beag’ ar eolas acu faoi agus 10% eile a deir nach bhfuil ‘faic’ ar eolas acu. Níl 56% ar a suaimhneas go ndéanfaí nuacht a fhoilsiú ‘le AI den chuid is mó’ gan ach ‘maoirseacht dhaonna áirithe’ déanta uirthi.

Eolas brégach nó eolas míthreorach: Dúirt 38% de na freagróirí go raibh eolas bréagach nó eolas míthreorach feicthe acu le linn na seachtaine a chuaigh thart faoin gcoimhlint idir Iosrael agus an Phalaistín. Mhéadaigh seo go dtí 43% i measc daoine faoi bhun 35 bliain. B’amhlaidh a bhí le ceist na hinimirce ag 37% (38% i measc daoine níos sine ná 35 bliain).

Rinne an tOllamh Colleen Murrell ó Institiúid FuJo trácht ar an tuairisc leis agus dúirt: “Tá fás ag teacht ar mhífhaisnéis agus ar bhréagaisnéis agus sa tuairisc seo cuirimid sraith ceisteanna d’fhonn eolas a fháil faoin deacracht atá ag daoine iontaoibh a thabhairt leis nuacht a léann siad ar líne. Déanaimid scagadh ar fhreagraí daoine ó thaobh aoise, inscne agus oideachais de chun léargas ceart a fháil ar na sonraí atá bailithe. Maidir le dúshláin ar líne, bíonn daoine óga ar a suaimhneas de ghnáth ach ábhar iontais is ea cumas na ndaoine níos sine agus iad ag dul i ngleic le foinsí eolais nua.”

Is féidir teacht ar An Tuarascáil ar Nuacht Dhigiteach na hÉireann 2024 anseo. Tá grafaic faisnéise a léiríonn roinnt príomhthorthaí na tuarascála ar fáil le híoslódáil anseo.

Déanann na rialtóirí domhanda um shábháilteacht  ar líne fís a leagan amach chun comhordú idirnáisiúnta a fheabhsú.

Téann níos mó tíortha isteach sa Líonra Rialála de réir mar a leathaníonn comhoibriú trasteorann.

Thug rialtóirí um shábháilteacht ar líne ar fud an domhain breac-chuntas inniu ar a bhfís maidir le conas is féidir cur chuige rialaitheach idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht ar líne a bheith níos comhtháite agus níos comhordaithe.  

Tugann Líonra na Rialálaithe Domhanda um Shábháilteacht ar Líne (‘an Líonra’) 18 rialtóir agus breathnóir ó chúig mhór-roinn le chéile. D’fhoilsigh an Líonra a dhara ráiteas seasaimh inniu maidir le conas a oibreoidh rialtóirí le chéile chun aghaidh a thabhairt ar dhushlán domhanda na rialála sábháilteachta ar líne.

Cé go bhfuil creat rialála intíre féin ag gach ball den Líonra, níl an baol a bhíonn ann do dhaoine ar líne, ná na seirbhísí ar líne a úsáideann siad, teoranta do theorainneacha náisiúnta nó ilchríochacha. Dá réir sin, táimid ag obair le chéile chun ár gcumas agus ár gcur chuige rialála a fhorbairt, chun na torthaí atá leagtha amach inár rialacha sábháilteachta ar líne faoi seach a bhaint amach. 

Cé go bhfuil difríocht idir ár gcórais rialála ar bhealaí áirithe, tá ár gcreataí cosúil lena chéile ar roinnt bealaí tábhachtacha. 

Trí na cosúlachtaí agus na héagsúlachtaí inár sainchúraimí rialála a mhapáil, d’aithin an Líonra deiseanna i réimsí éagsúla chun comhleanúnachas a bhaint amach idir ár gcórais faoi seach. Áirítear an méid seo a leanas leis sin:

  • Uirlisí rialála. Roinnfimid ár gcur chuige maidir le modheolaíochtaí agus cleachtais mheastóireachta chun cabhrú lena chinntiú go bhfuil ár n-uirlisí rialála faoi seach go maith, agus oibreoimid chun méadracht choiteann a fhorbairt chun éagsúlachtaí gan údar eatarthu a laghdú.
  • Gearáin úsáideoirí. Roinnfidh an méid againn a bhailíonn gearáin ó úsáideoirí ár dtaithí agus ár gcuid fianaise chun cabhrú le treochtaí i gcineál agus leitheadúlacht na ndíobhálacha ar líne ar fud na réigiún agus i gcleachtais agus torthaí comhlíontachta a aithint agus a chur i gcomparáid.
  • Iarratais ar fhaisnéis don tionscal. Fiosróimid deiseanna chun comhordú a dhéanamh maidir leis na cineálacha ceisteanna a chuirfimid ar an tionscal mar chuid dár ngníomhaíochtaí rialála.
  • Bearta sábháilteachta. Bainfimid leas as ár dtaithí ar dhea-chleachtas, chun sraith choiteann céimeanna réasúnta a shainaithint is féidir le seirbhísí a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar dhíobhálacha sonracha agus ar thosca riosca.

Dúirt an Coimisinéir um Shábháilteacht Ar Líne i gCoimisiún na Meán, Niamh Hodnett: “Tá sé ríthábhachtach oibriú i gcomhpháirtíocht lenár gcomhrialtóirí domhanda chun cabhrú linn ár sprioc a bhaint amach maidir leis an spás ar líne a dhéanamh níos sábháilte do gach úsáideoir. Ós rud é nach bhfuil aon teorainn ag an idirlíon, cuireann ár gchomhgníomhachtaí agus obair le rialtóirí um sháibháilteacht ar líne eile ar fud an domhain, ar ár gcumas, foghlaim a roinnt, le creat rialála comhleanúnach a chothú.”

Nótaí: 

Is comhoibriú é Líonra na Rialálaithe Domhanda um Shábháilteacht ar Líne idir eagraíochtaí a bhí ina gceannródaith i réimse na sábháilteachta ar líne. Leis an Líonra, cuirtear ar chumas rialálaithe léargas, taithí, saineolas agus dea-chleachtais a roinnt, chun an bealach a réiteach le haghaidh cur chuige comhleanúnach idirnáisiúnta maidir le rialáil na sábháilteachta ar líne.

Áirítear le baill reatha an Líonra: 

Geallann na baill gníomhú go neamhspleách ó thionchar tráchtála agus polaitiúil agus cloí le critéir oibiachtúla chun cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a urramú. Tá an Líonra oscailte freisin do bhreathnóirí – go háirithe eagraíochtaí a bhfuil saineolas agus spéis acu i rialáil sábháilteachta ar líne agus ar mian leo an Líonra a leanúint agus dul i ngleic leis. 

Áirítear ar na breathnóirí reatha: 

Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoin Líonra na Rialálaithe Domhanda um Shábháilteacht ar Líne déan teagmháil le do thoil leis an gCathaoirleach reatha, Ofcom ag ofcom.international@ofcom.org.uk

Foilsíonn Coimisiún na Meán Pacáiste Eolais do gach iarrthóir toghcháin.

Inniu, (23.05.2024), tá Coimisiún na Meán tar éis Pacáiste Eolais a fhoilsiú le haghaidh na hiarratasóirí uilig sna toghcháin Áitiúla agus Eorpacha atá ag teacht aníos. Is í aidhm an phacáiste ná eolas a chur ar fáil maidir le ról Choimisiún na Meán agus chun treoir a chur ar fáil d’iarratasóirí maidir leis an méid ba chóir dóibh a dhéanamh nuair atá ábhar atá dochrach agus/nó mídhleathach le feiceáil acu ar líne. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa Phacáiste maidir le cearta úsáideoirí faoin Acht um Sheirbhísí Digiteacha (ASD) agus maidir leis na bealaí tuairiscithe atá ag ardáin éagsúla.

Roinnfear an pacáiste le páirtithe polaitíochta agus tá sé ar fáil anseo ar shuíomh Choimisiún na Meán freisin, agus thar chainéil meán sóisialta an Choimisiúin, le go mbeidh rochtain éasca ag na hiarratasóirí air. Aithníonn Coimisiún na Meán go bhfuil baol níos mó ann go mbíonn iarratasóirí ag fulaingt mar gheall ar dhíobháil ar líne le linn tréimhsí toghcháin. Faoin ASD, bíonn dualgas ar na hardáin an-mhóra ar líne agus ar na hinnill chuardaigh an baol a d’fhéadfadh a bheith i gceist lena seirbhísí a mheas. Áirítear leis seo baol do dhioscúrsa sibhialta agus don phróiseas toghcháin. Is í an phríomhtheachtaireacht atá ag Coimisiún na Meán d’iarratasóirí toghcháin ná ábhar a shíleann siad atá mídhleathach nó a sháraíonn rialacha an ardáin féin a thuairisciú go díreach don ardán féin. Tar éis é sin a dhéanamh, má bhraitheann iarratasóirí nach bhfuil na hardáin tar éis déileáil le hábhar mídhleathach tar éis dóibh é a thuairisciú, is féidir leo gearán a dhéanamh le Choimisiún na Meán tríd an ionad teagmhála. Ba chóir aon bhaol díreach nó aon bhaol báis a thuairisciú go dtí na Gardaí go díreach.

Mar chuid de ghealltanas Choimisiún na Meán maidir le tírdhreach meán atá rathúil, éagsúil, cruthaitheach, iontaofa, agus sábháilte a chinntiú, ba mhaith linn raon de ghuthanna agus de thuairimí a chloisteáil le linn tréimhsí toghcháin, raon a thacaíonn le vótálaithe rogha saor agus feasach a dhéanamh. Déantar seo ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear tríd an rialáil ar chraoltóirí tríd an gCód maidir le Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht agus an rialáil ar ardáin ar líne trí Chreat Sábháilteachta ar Líne an Choimisiúin, an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha go príomha.

Cinnteoidh Coimisiún na Meán go bhfuil ardáin ar líne freagrach as an gcaoi a gcuirtear a bpolasaithe féin i bhfeidhm agus ar an gcaoi a gcomhlíontar a ndualgais ASD. Beidh toghcháin mhí an Mheithimh ar na chéad toghcháin a bheidh ar siúl ó thug an Coimisiún faoi ról Chomhordaitheoir na Seirbhísí Digiteacha i mí Feabhra na bliana seo.

Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe

Tá an tuairisc JNLR/Ipsos is déanaí de chuid MRBI maidir le lucht éisteachta raidió in Éirinn foilsithe inniu (16.05.24).

Thar ceann Choiste JNLR tá preaseisiúint do na meáin agus táblaí faisnéise achoimrithe ar fáil le híoslódáil anseo (Béarla).

CRÍOCH

Tabhair faoi deara:

Ba cheart fiosruithe do na meáin maidir le clár nó feidhmiú stáisiúin ar leith a chur chuig IPSOS MRBI nó chuig an gcraoltóir iomchuí.

Spriocdháta Sínte – Comhairliúchán ar Dhréachtscéimeanna Iriseoireachta

Ar an 4 Aibreán 2024, d’fhoilsigh Coimisiún na Meán doiciméad comhairliúcháin ag lorg tuairimí ar dhá scéim nua iriseoireachta.

Tar éis iarratais ó eagraíochtaí tionscail, chomhaontaigh, An Coimisiún síneadh a chur leis an spriocdháta le haghaidh freagraí ar an gcomhairliúchán. Is é an dáta deiridh le haighneachtaí a fháil anois ná 8 Bealtaine ag 5pm.

 Is féidir leat d’aighneacht a dhéanamh anseo:

Bronnann Coimisiún na Meán luach €8.6m de mhaoiniú ar Chraoltóirí agus ar Léiritheoirí Neamhspleácha faoin Scéim Fuaim agus Fís.

Tá €70 milliún curtha ar fáil leis an Scéim le 5 bliana anuas

  • Tacóidh €7.9m chun 65 tionscadal ardchaighdeáin teilifíse agus raidió a dhéanamh ina measc Beochan, Drámaíocht, Cláir Faisnéise, Siamsaíocht, agus Cláir oideachais, agus cuirtear 95% den mhaoiniú seo ar fáil do léiritheoirí neamhspleácha.
  • Tacóidh €706,000 le Craoltóirí Pobail chun cláreagrú lena ngabhann tairbhe shóisialta a chruthú a éascaíonn rochtain níos fearr ar éagsúlacht na bpobal áitiúil in Éirinn agus ionadaíocht níos fearr ar an éagsúlacht sin.

D’fhógair Coimisiún na Meán go ndáilfí maoiniú €8.6m ar Chraoltóirí agus ar Léiritheoirí Neamhspleácha a thiocfaidh chun cinn ó dhá bhabhta de Fhuaim agus Fís 4 le gairid, an scéim Maoinithe Craoltóireachta (‘an Scéim’). Tacaíonn an Scéim le cláreagrú ardchaighdeáin a léiriú i nGaeilge agus i mBéarla, bunaithe ar chultúr agus ar oidhreacht na hÉireann, agus ar thaithí le haghaidh craolacháin ar sheirbhísí teilifíse agus raidió áitiúil agus pobail.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán, “is foinse mhaoinithe ríthábhachtach é Fuaim agus Fís i gcónaí do chraoltóirí agus do léiritheoirí neamhspleácha ó cheann ceann na hÉireann agus líon iomlán an mhaoinithe a dáileadh leis an Scéim os cionn €70 milliún ó bhí 2020 ann. Cuireann maoiniú Fuaim agus Fís borradh faoi earnáil chruthaitheach na hÉireann, rud a chuireann beocht in ábhar teilifíse, raidió agus scannánaíochta i nGaeilge agus i mBéarla araon. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Catherine Martin as ucht na tacaíochta leanúnaí a thug sí don Scéim agus do na hiarratasóirí ar fad a chuir tograí isteach, agus táimid ag tnúth go mór leis na cláir a fheiceáil ar an scáileán agus iad a chloisteáil go deimhin.”

Cuirfidh an riar is déanaí de €8.6 milliún ar chumas léiritheoirí neamhspleácha agus craoltóirí ábhar spéisiúil agus ábhar machnaimh a chruthú a rachaidh i bhfeidhm ar lucht féachana ar fud na hÉireann. Déanfar ceiliúradh sa chláreagrú a chruthófar ar ár noidhreacht chultúrtha agus theangeolaíoch, leagfar béim ar phobail imeallaithe, agus déanfar iniúchadh ann ar dhearcthaí nach ndéantar mórán ionadaíochta orthu.

Babhta 51

Cuireadh 165 iarratas isteach ag lorg os cionn €18.8m i bhfoirm maoinithe, le machnamh a dhéanamh orthu faoi Bhabhta 51 den scéim Fuaim agus Fís 4, agus bronnadh maoiniú os cionn €7.9m. Cuimsítear leis an mBabhta seo maoiniú státchiste breise a fuair an Teachta Dála Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Tacóidh Babhta 51 chun 65 tionscadal teilifíse agus raidió a chruthú do lucht féachana ar fud na tíre, agus leithdháilfear €6.7m ar 27 togra teilifíse, agus os cionn €1.1m le haghaidh 38 léiriúchán raidió. Dírítear sa Bhabhta seo ar chláreagrú faoi chomhionannas inscne, éagsúlacht, agus ionchuimsiú na bpobal agus na nguthanna nua in Éirinn.

Tacóidh beagnach 35% den mhaoiniú molta (€2.7m) le léiriú na dtograí Gaeilge nó Dátheangacha, agus téann 95% den mhaoiniú (€7.4m) go díreach chuig an earnáil léiriúcháin neamhspleách.

Tá siad seo a leanas i measc roinnt tograí suntasacha i mBabhta 51:

  • An Irish Atlantic Rainforest: Cuimseofar leis an gclár faisnéise seo ina bhfuil dhá chuid le Gambit Pictures le haghaidh RTÉ One, bliain i saol na foraoise báistí measartha is mó gan mhilleadh in Éirinn á chruthú ag Eoghan Daltun, in ainneoin géarchéim chomhshaoil agus caillteanas na bithéagsúlachta.
  • This is a Quiet Love/An Grá Ciúin: Tá an clár seo á léiriú ag Curious North le haghaidh TG4, agus cuimseofar leis an gclár faisnéise dátheangach seo, ceithre lánúin atá bodhar agus iad ag insint na scéalta trí theanga chomharthaíochta faoin gcaoi ar casadh ar a chéile iad agus ar an gcaoi ar thit siad i ngrá. Cruthóidh na litreacha grá cineamatagrafacha seo gréasán de thaithí Bhodhar thar thréimhse 70 bliain.
  • Irish Music Month: Is léiriú raidió é seo le haghaidh Hot Press, arna oibriú ag Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann (IBI) ina léirítear agus ina ndéantar ceiliúradh ar scoth na gceoltóirí nua, chomh maith le scoth na gceoltóirí atá ag teacht chun cinn ar 21 stáisiún raidió áitiúil tráchtála timpeall na hÉireann.
  • Echo Eco: Is le Newstalk í an tsraith clár seo a mhaireann uair an chloig, agus déanfar iniúchadh iontu ar an athrú aeráide agus ar cheisteanna comhshaoil agus is í an t-eolaí comhshaoil aitheanta an Dr Tara Shine a chuirfidh na cláir i láthair.
  • Blúiríní Osnádúrtha: Is léiriú raidió Gaeilge é seo le haghaidh Raidió na Life ina ndéanfaidh daoine taighde agus taifeadadh ar scéalta taibhsí ó Bhaile Átha Cliath agus ó áiteanna níos faide i gcéin.
  • Alternatyva Alternayvai: Is léiriú teilifíse é seo le haghaidh Dublin Community Television a leanfaidh léiriú ceoldráma agus ceiliúradh á dhéanamh ar chultúr na Liotuáine chomh maith.
  • Video Nasty: Léirithe ag Deadpan Pictures, insíonn an dráma grinn seo scéal triúr déagóirí a théann ar thóraíocht eipiciúil chun bailiúchán cultúir VHS a chríochnú, agus craolfar é ar Virgin Media Television.
  • Adam Loves Adventure: Tá an seó tiomsaithe seo ar théama grinn le haghaidh páistí réamhscoile suite sa spás agus tá an laoch aitheanta Adam King, taiscéalaí spáis réitithe fadhbanna a bhfuil sé mar phríomh-treoir aige a chroí mór agus a chuid scileanna spáis a úsáid chun cabhrú le heachtrannaigh. lena gcuid fadhbanna laethúla. Léirithe ag Kavaleer le craoladh ar RTÉjnr.
  • Grá ar an Trá: Is sraith shiamsaíochta é Grá ar an Trá arna léiriú ag Macalla Teoranta, agus beidh an dara séasúr den tsraith ar siúl ar Virgin Media Television.
  • Am Abú: Is clár Gaeilge nuálach nua do pháistí é seo arna léiriú ag Wonder Pics.  Beidh sé d’aidhm ag an tsraith dhrámaíochta staire seo le haghaidh TG4 litearthacht sna meáin a spreagadh agus is é an chéad léiriúchán é a bhainfidh leas as sreabhadh oibre Réaltachta le Unreal Engine.

Babhta 52

Ba Bhabhta Tairbhe Sóisialta é Babhta 52 d’Fhuaim agus Fís 4 a cuireadh in oiriúint agus treoir aige ó Bheartas Meán Pobail agus an creat Tairbhe Sóisialta a seoladh in 2021.Leithdháileadh an maoiniú faoin mbabhta neamhiomaíoch seo ar Chraoltóirí Pobail a léirigh go leordhóthanach an chaoi a ndéanfaidís éascaíocht níos fearr ar rochtain ar a bpobail féin agus ionadaíocht ar na pobail sin agus an chaoi a gcuideoidís le méadú rannpháirtíocht an phobail maidir le léiriú agus leithdháileadh ábhar craoltóireachta. Díríodh sa bhabhta maoinithe freisin ar Chraoltóirí Pobail go sonrach, craoltóirí a chuireann cláir, deiseanna oiliúna agus forbartha ardchaighdeáin ar fáil do bhaill foirne agus d’oibrithe deonacha an stásiúin.

Tacóidh an maoiniú le réimse gníomhaíochtaí ar fud 19 stáisiún, lena n‑áirítear na gníomhaíochtaí seo a leanas:

  • Cuirfidh Ros FM leis an oiliúint ar thug Fuaim agus Fís maoiniú di roimhe seo agus a chuireann oiliúint ar leibhéal QQI 4 ar fáil do thart ar 20 oibrí deonach.
  • Cuirfidh Athlone Community Radio oiliúint ar leibhéal QQI 3 & 4 ar fáil do bhaill foirne, oibrithe deonacha, agus do ghrúpaí pobail.
  • Úsáidfidh Raidió Pobail Youghal maoiniú chun tabhairt faoi rannpháirtíocht mhéadaithe lena seirbhís pobail áitiúil, St. Raphael’s, áis áitiúil do dhaoine fásta faoi mhíchumas.
  • Úsáidfear an maoiniú le haghaidh Community Radio Castlebar chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a rannpháirtíocht le Spéire Nua, grúpa a oibríonn le hiarchiontóirí agus leis an Involve Youth Project a oibríonn le hógánaigh an Lucht Siúil.
  • Úsáidfidh Flirt FM an maoiniú chun leanúint dá thogra rathúil dar teideal ‘Community Takeover’, a thugann ardán do réimse grúpaí pobail amhail Foróige agus Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe (Galway Autism Partnership) trí dheis a thabhairt dóibh a gcláir féin a léiriú agus a chur i láthair.

Is é seo an ceathrú Babhta Tairbhe Sóisialta arna oibriú ag an Scéim agus leis sin is é €2.5m luach iomlán an mhaoinithe atá curtha ar fáil do Chraoltóirí pobail go díreach trí na Babhtaí Tairbhe Sóisialta.

Tá liosta de na hIarratais ar éirigh leo le fáil anseo (Babhta 51) & anseo (Babhta 52).

Babhta 53 Scéim Mhaoinithe Craolacháin Fuaime & Físe Oscailte

D’oscail Coimisiún na Meán Babhta 53 den Scéim Mhaoinithe Craolacháin Fuaim & Fís inniu (09.04.2024). Fáiltíonn An Coimisiún roimh iarratais ar mhaoiniú ó chraoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha chun tacú le táirgeadh ábhar craolta atá luachmhar ó thaobh an chultúir de, lena n-áirítear ábhar i nGaeilge.

Beidh cuspóir breise ag Babhta 53 chun tionscadail a spreagadh a thacaíonn le táirgeadh ábhair atá dírithe ar leanaí agus daoine óga nó a chomhchruthaítear leo.

Féadfaidh iarratasóirí ionchasacha teacht ar na Treoracha agus Foirmeacha ábhartha do Bhabhta 53 trí na naisc thíos. Ní mór gach iarratas a chur isteach trí www.cnamonline.ie.

Doiciméadú Iarratais Teilifíse

Babhta 53 Treoir Teilifíse d’Iarratasóirí

Foirm Iarratais ar Theilifís Bhabhta 53

Doiciméadú Iarratais Raidió

Babhta 53 Treoir Raidió d’Iarratasóirí

Babhta 53 Foirm Iarratais Raidió

Dúnfar an Babhta ar 12 meán lae géar ar 30 Bealtaine 2024. Tá buiséad táscach de €7.4m ar fáil faoin mBabhta seo.

Reáchtálfaidh An Coimisiún seimineáir ar leith ar Zoom d’iarratasóirí ionchasacha Raidió agus Teilifíse.

  • Cláraigh anseo le do thoil chun freastal ar sheimineár d’iarratasóra ag 11rn ar an 16 Aibreán 2024.