Tá tuairimí á lorg ag Coimisiún na Meán ar úsáid an mhoratóra chraolacháin le linn toghcháin agus reifrinn sa todhchaí

Leagtar amach roghanna féideartha do thodhchaí an mhoratóra sa chomhairliúchán poiblí

Inniu (07.08.24), d’oscail Coimisiún na Meán comhairliúchán poiblí ar thodhchaí an mhoratóra craolacháin. Faoi láthair, cuirtear leis an moratóir toirmeasc ar chúrsaí toghcháin agus reifrinn a phlé ar mheáin chraolta ó 2i.n. ar an lá roimh an toghchán nó reifreann go dtí go ndúntar an vótáil ar lá na vótála.

Ní bhaineann an moratóir le cineálacha eile meán, amhail meáin chlóite nó ar líne, agus ní cheadaítear faoin reachtaíocht na cineálacha meán seo a chur san áireamh in aon mhoratóir.

Tá Coimisiún na Meán ag cur cúig phríomhrogha chun cinn lena mbreithniú:

  1. An moratóir a fhágáil mar atá sé
  2. Fad an mhoratóra a leasú
  3. Na cineálacha tuairiscithe craolacháin atá san áireamh faoin moratóir a athrú
  4. Athchóiriú a dhéanamh ar an oibleagáid atá ar chraoltóirí mar oibleagáid dhearfach chun cúram ar leith a fheidhmiú i dtaobh saincheisteanna a bhaineann le toghcháin agus reifrinn
  5. Deireadh iomlán a chur leis an moratóir.

Tá an comhairliúchán poiblí mar chuid d’athbhreithniú leanúnach Choimisiún na Meán ar an moratóir craolacháin, ina ndearnadh teagmháil le craoltóirí agus páirtithe polaitíochta, agus ina ndearnadh taighde ar thuairimí an phobail chomh maith. Is é aidhm an Choimisiúin deireadh a chur leis an athbhreithniú, lena n áirítear aon athruithe is gá a dhéanamh ar an moratóir, faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2024.

Áiríodh an moratóir ar dtús i dtreoirlínte craolacháin do Thoghchán an Uachtaráin, 1997, tráth a raibh teilifís agus raidió ina bpríomhfhoinsí nuachta. Ba iad bunchuspóirí an mhoratóra tréimhse machnaimh a thabhairt do vótálaithe roimh dóibh a gcuid vótaí a chaitheamh, agus chun a chinntiú nach gcuirfí faisnéis nua nó mífhaisnéis nua i láthair na vótálaithe ag an nóiméad deireanach nuair a bhí sé ró-dhéanach chun é a mheas nó a phlé i gceart. Leis an méadú ar úsáid foinsí nuachta ar líne, ní mór athmheasúnú a dhéanamh ar leas an mhoratóra.

Dúirt Coimisinéir Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh de chuid Choimisiún na Meán, Aoife MacEvilly: “Anois an t am ceart a mheas an bhfuil gá le hathruithe ar an moratóir craolacháin maidir le tuairisciú ar reifrinn agus toghcháin. Cibé áit a dtagann daoine ar a gcuid nuachta, tá sé tábhachtach go bhfuil siad in ann teacht ar thuairisciú ábhartha, eolach, agus neamhchlaonta a bhféadtar muinín a chur ann. Is eol dúinn go dtéann níos mó agus níos mó daoine ar líne chun teacht ar a gcuid nuachta, bíodh sé ar shuíomh gréasáin nuachta nó ar na meáin shóisialta, ach maidir le nuacht faoi thoghcháin, is foinse thábhachtach nuachta fós iad craoltóirí do go leor daoine.

Táimid ag tnúth le dearcthaí an phobail a chloisteáil maidir leis an moratóir agus tá sé ar intinn againn cinneadh a dhéanamh roimh dheireadh mhí Dheireadh Fómhair i leith leanúint leis an moratóir, an moratóir a athrú nó an moratóir a bhaint”.

an comhairliúchán poiblí ar oscailt anois. Is é an Céadaoin 4 Meán Fómhair 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.