Babhta 53 Scéim Mhaoinithe Craolacháin Fuaime & Físe Oscailte

D’oscail Coimisiún na Meán Babhta 53 den Scéim Mhaoinithe Craolacháin Fuaim & Fís inniu (09.04.2024). Fáiltíonn An Coimisiún roimh iarratais ar mhaoiniú ó chraoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha chun tacú le táirgeadh ábhar craolta atá luachmhar ó thaobh an chultúir de, lena n-áirítear ábhar i nGaeilge.

Beidh cuspóir breise ag Babhta 53 chun tionscadail a spreagadh a thacaíonn le táirgeadh ábhair atá dírithe ar leanaí agus daoine óga nó a chomhchruthaítear leo.

Féadfaidh iarratasóirí ionchasacha teacht ar na Treoracha agus Foirmeacha ábhartha do Bhabhta 53 trí na naisc thíos. Ní mór gach iarratas a chur isteach trí www.cnamonline.ie.

Doiciméadú Iarratais Teilifíse

Babhta 53 Treoir Teilifíse d’Iarratasóirí

• Foirm Iarratais ar Theilifís Bhabhta 53

Doiciméadú Iarratais Raidió

Babhta 53 Treoir Raidió d’Iarratasóirí

• Babhta 53 Foirm Iarratais Raidió

Dúnfar an Babhta ar 12 meán lae géar ar 30 Bealtaine 2024. Tá buiséad táscach de €7.4m ar fáil faoin mBabhta seo.

Reáchtálfaidh An Coimisiún seimineáir ar leith ar Zoom d’iarratasóirí ionchasacha Raidió agus Teilifíse.

  • Cláraigh le do thoil chun freastal ar sheimineár d’iarratasóra ag 11rn ar an 16 Aibreán 2024.