Gach Nuacht

Bronnann Coimisiún na Meán breis agus €10 milliún de mhaoiniú faoin mbabhta is déanaí denScéim Fuaim agus Fís

Foilsithe ar

10,09,2024

Is é an leithdháileadh nuafhógraithe, Babhta 53, an babhta maoinithe aonair is mó riamh i stair na scéime Fuaim agus Fís.

  • Tá breis agus €10.1 milliún de mhaoiniú leithdháilte i mBabhta 53, agus tá 91 tionscadal maoinithe lena n-áirítear beochan, drámaíocht, cláir faisnéise, siamsaíocht, cláir oideachasúla agus iad le bheith craolta ar an Teilifís agus ar an Raidió
  • Rinneadh 95% den mhaoiniú a leithdháileadh ar léiritheoirí neamhspleácha, agus tá 30% den mhaoiniú uilig ag dul chuig tionscadail i nGaeilge nó chuig tionscadail dhátheangacha
  • €2 mhilliún de mhaoiniú breise urraithe ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun tacú le cláir do pháistí agus daoine óga

D’fhógair Coimisiún na Meán inniu (09.09.24) go bhfuil sé le breis agus €10.1 milliún de mhaoiniú a bhronnadh faoin mbabhta is déanaí den scéim Fuaim & Fís. Mar chuid de Bhabhta 53 déanfar maoiniú ar an léiriú de 91 tionscadal don teilifís agus don raidió le léiritheoirí agus craoltóirí neamhspleácha ar fud fad na tíre. Rinneadh 95% den mhaoiniú atá mar chuid de Bhabhta 53 a chur ar fáil do léiritheoirí neamhspleácha agus tá 30% den mhaoiniú ar fad ag dul chuig tionscadail i nGaeilge nó chuig tionscadail dhátheangacha.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán: “Tá an scéim Fuaim & Fís i ndiaidh dul ó neart go neart, agus é ag leanúint de bheith ag maoiniú clár do lucht féachana agus do lucht éisteachta na hÉireann, agus béim á cur ar chultúr, oidhreacht agus taithí na hÉireann. Tá luachair orainn a fhógairt gurb é Babhta 53 an babhta aonair is mó riamh i stair na scéime Fuaim & Fís, agus breis agus €10.1 milliún leithdháilte ar 91 tionscadal nua don teilifís agus don raidió, lena n-áirítear beochan, drámaíocht, cláir faisnéise, siamsaíocht agus cláir oideachasúla. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis an Aire Catherine Martin as an leithdháileadh de €2 mhilliún de mhaoiniú breise le haghaidh clár do pháistí agus daoine óga, lena dtugtar aitheantas don ról tábhachtach atá ag páistí mar chruthaitheoirí agus mar thomhaltóirí i dtírdhreach na meán in Éirinn. Tá Fuaim & Fís fós mar fhoinse mhaoinithe ríthábhachtach le haghaidh craoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha, agus cuireann an scéim ar a gcumas cláir a chruthú do lucht féachana agus éisteachta, cláir nach mbeadh ann murach í.

“Cuirfidh an maoiniú ó Bhabhta 53 le mian Choimisiún na Meán tírdhreach bisiúil a fhorbairt do na meáin in Éirinn a léiríonn ilchineálacht ár muintire agus ár dtraidisiún. As na 35 léiriúchán teilifíse arna maoiniú, tá mná mar léiritheoirí in 80% acu agus tá mná mar stiúrthóirí in 54% acu. Tá muid ag súil go mór leis na tionscadail a fuair maoiniú faoin mbabhta seo den scéim Fuaim & Fís a fheiceáil agus a chloisteáil ar ár scáileáin agus ar ár n-aerthonnta.”

Ar na tionscadail atá maoinithe faoi Bhabhta 53 den scéim Fuaim agus Fís, tá:

  • Election ’24 – Tabharfaidh an comhfhiontar ar leith seo idir Tithe an Oireachtais agus an Coimisiún Toghcháin, a chraolfar ar Theilifís an Oireachtais, cuireadh don lucht féachana spléachadh taobh thiar den chuirtín le linn Olltoghcháin agus tabharfaidh sé oiliúint don lucht féachana Éireannach maidir leis an bpróiseas daonlathach.
  • First Timers on The Front Line – Leanfaidh an tsraith seo, a chraolfar ar Virgin Media Television, grúpa oiliúnaithe in aonaid oiliúna de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna ar fud fad na tíre agus beidh sí in éineacht leo agus iad ar a seacht ndícheall chun beatha daoine a shábháil agus iad ag iarraidh a gcáilíochtaí a bhaint amach san am céanna.
  • John Hume san Eoraip/John Hume in Europe – Bhí John Hume ar dhuine de na figiúirí polaitiúla is mó tionchar sa 20ú haois. Ina chuid oibre chuidigh sé le ceann de na próisis síochána is rathúla ar na saolta seo a chruthú, inseofar a scéal sa chlár faisnéise dátheangach seo do TG4, agus san am céanna déanfar iniúchadh ar stair na hEorpa agus na hÉireann le leathchéad bliain anuas.
  • Mondays with Maddy – Léiriúchán do RTÉ Junior, déanfaidh an tsraith seo iniúchadh ar an gceangal croíúil atá idir Maddy, cailín fuinniúil sé bliana d’aois agus a seanathair beoga 80 bliain d’aois a bhfuil néaltrú air. Déanfar an dís seo a leanúint i ngach clár agus seal spraíúil á chaitheamh acu lena chéile.
  • Puffin Rock: Sraith 3 – Fillfidh an tsraith bheochana seo a bhfuil an iliomad duaiseanna bainte aici chuig RTÉ Junior agus cuirfidh sí fáilte roimh chuairteoirí nua agus seanchuairteoirí ar ais chuig an oileán.
  • Ours to Protect: Sraith 2 – Léireofar 2,800 uair de chláir luachmhara raidió le haghaidh éisteoirí raidió ar fud na hÉireann nuair a fhillfidh an tsraith faisnéise raidió seo faoin athrú aeráide agus gníomhú ar son na haeráide, comhfhiontar idir Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann agus 16 stáisiún tráchtála.
  • Don’t Ask Me to Remember – Trí leas a bhaint as an gceol, amhránaíocht agus caidreamh sóisialta déanfaidh an tsraith faisnéise raidió seo do Dublin City FM iniúchadh ar an bhfulaingt a bhaineann le Galar Alzheimer. Tagann saineolaithe leighis, teaghlaigh, cúramóirí, daoine a bhfuil an galar orthu, agus ealaíontóirí le chéile chun solas a chaitheamh ar an bhfadhb shláinte seo.
  • Finscéalta Chiarraí: Scéalta Miotasacha ón Ríocht – Cuirfidh guthanna beoga páistí áitiúla scoile an tsraith faisnéise raidió seo ar Radio Kerry i láthair i nGaeilge, sraith a thógfaidh an lucht éisteachta ar aistear draíochta trí bhéaloideas aoibhinn Chiarraí.
  • Dying to get Ripped – tabharfaidh an tsraith faisnéise seo ó Newstalk ardán d’fhir óga a bhfuil neamhoird itheacháin ag gabháil dóibh.

Tacóidh Babhta 53 le 35 tionscadal a léiriú don teilifís, €9 milliún san iomlán, agus le 56 tionscadal raidió, €1.1 milliún san iomlán. Cuireadh isteach 175 iarratas faoi Bhabhta 53 den scéim Fuaim & Fís le measúnú a dhéanamh orthu, ag lorg os cionn €21 milliún, agus rinneadh beagán os cionn €10.1 milliún de mhaoiniú a bhronnadh.

Tacóidh beagnach 30% den mhaoiniú molta (breis agus €3 mhilliún) le léiriú tograí i nGaeilge nó tograí dátheangacha, agus téann 95% den mhaoiniú (€9.6 milliún) díreach chuig an earnáil léiriúcháin neamhspleách.

Tá Babhta 53 comhdhéanta de mhaoiniú ó tháille an cheadúnais teilifíse agus €2 mhilliún de mhaoiniú arna urrú ag Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus maoiniú á leithdháileadh ar 13 thionscadal don teilifís agus don raidió le haghaidh clár a dhíríonn ar pháistí agus ar dhaoine óga.