
Inniu (06.03.2025), bhronn Coimisiún na Meán €550,000 chun tograí oiliúna agus forbartha a chur ar fáil d’Earnáil na Meán in Éirinn.
Cabhraíonn Clár Foghlama agus Forbartha Earnála Choimisiún na Meán le heagraíochtaí tabhairt faoi ghníomhaíochtaí oiliúna, foghlama agus forbartha a thacaíonn leis na tionscail chraoltóireachta agus chlosamhairc, agus a chabhraíonn aidhm An Choimisiúin a fhíorú, de thírdhreach na meán atá faoi bhláth, ilchineálach, sábháilte, cruthaitheach agus iontaofa a chinntiú.
Dúirt Coimisinéir Forbartha na Meán de chuid Choimisiún na Meán, Rónán Ó Domhnaill:: “Tá Coimisiún na Meán tiomanta do thírdhreach na meán a chinntiú atá inbhuanaithe, iolraíoch agus rannpháirteach, agus a léiríonn agus a mhúnlaíonn ár bhféiniúlacht mar shochaí. Cuireann an Clár Foghlama agus Forbartha Earnála bonn eolais faoinár gcuid oibre de réir mar a chuirtear deiseanna oiliúna agus forbartha ar fáil dóibh siúd atá ag obair sna meáin. Le maoiniú na dtograí seo, leanaimid orainn ag tacú le hinbhuanaitheacht agus le hacmhainneacht na hearnála, agus cumas na n-oibrithe meán ábhar a chruthú a dhéanann ionadaíocht do ghuthanna agus do thuairimí éagsúla Éireann na linne seo.”
Le linn an bhabhta maoinithe seo, fuair Coimisiún na Meán 38 iarratas ag iarraidh €1.2 milliún ar an iomlán. I measc na 29 iarrthóir ar éirigh leo, tá eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na meáin thráchtála agus phobail; grúpaí dírithe ar thionscal ar leith cosúil le léiritheoirí, beochantóirí agus iriseoirí; chomh maith le heagraíochtaí abhcóideachta ar inscne, comhionannas agus ionchuimsitheacht, agus ar chur chun cinn na Gaeilge. Ceadaíonn soláthar an mhaoinithe seo do na heagraíochtaí tabhairt faoi réimse gníomhaíochtaí oiliúna agus forbartha, mar shampla ceardlanna, máistir-ranganna, cláir oiliúna, seimineáir, agus imeachtaí líonraithe.
I measc na n-iarratasóirí ar éirigh leo maoiniú a fháil do 2025 tá:
- Craol – maoiniú chun tacú le cáilíochtaí scileanna do thraenálaithe, ceardlanna maidir leis an iriseoireacht mhóibíleach agus táirgeadh meán, agus féile bhliantúil an phobail ar an raidió, agus gníomhaíochtaí oibríochtúla eile.
- Ecoscope Limited – maoiniú chun tacú le lá léirithe na hinbhuanaitheachta do ranna leictreacha i léirithe scannáin.
- Storyhouse – maoiniú chun tacú le clár scríofa scripteanna agus scríofa don scáileán, agus díospóireacht phainéil maidir le scannánaíocht trí Ghaeilge mar chuid d’fhéile 2025 Storyhouse.
- GORM Media – maoiniú chun cúrsa oiliúna a reáchtáil do dhéantóirí meán atá i dtús a ngairmréime nó i lár a ngairmréime, atá faoi ghannionadaíocht, agus chun ceardlanna beaga a reáchtáil sa phobal áitiúil.
- Mediastrong – maoiniú do thogra píolótach chun na scileanna riachtanacha a thabhairt d’fhoireann an tseomra nuachta chun tráma a shainaithint agus a bhainistiú go héifeachtach.
- Women in Film and Television – maoiniú chun tacú leis an ionadaíocht ag Berlinale: Power to transform – Global Forum for Women; the Canne Film Festival; agus the Greater Later Summit
- Oireachtas na Gaeilge – maoiniú do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais, agus obair forbartha Gaeilge eile.
- Learning Waves Journalism Graduate Programme– maoiniú d’intéirneachtaí sna stáisiúin thráchtála raidió do chéimithe iriseoireachta
Tá liosta de na faighteoirí maoinithe ar éirigh leo maoiniú Foghlama agus Forbartha Earnála a fháil in 2025 le fáil ar ár suíomh gréasáin.
Tacaíonn Coimisiún na Meán le forbairt earnáil na meán faoi bhláth in Éirinn trí scéimeanna maoinithe lena n-áirítear an Clár Foghlama agus Forbartha Earnála, an Scéim Urraíochta, an Scéim Fuaime & Físe agus trína Scéimeanna Iriseoireachta, a chlúdaíonn Daonlathas Áitiúil agus Tuairisciú Cúirteanna.
In 2024, d’fhoilsigh Coimisiún na Meán an chéad Straitéis um Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú (GEDI) d’earnáil na meán fuaime agus closamhairc in Éirinn, chun éagsúlacht earnáil na meán in Éirinn a fheabhsú.