Léiríonn torthaí an tsuirbhé go bhfuil éileamh ar níos mó ábhair Ghaeilge

Deir thart ar naonúr as deichniúr de mhuintir na Gaeltachta agus dhá thrian de muintir na Galltachta gur mhian leo níos mó ábhair i nGaeilge a fheiceáil ar an teilifís. Dúirt duine as cúigear go raibh sé éasca theacht ar ábhar a thaitnigh leo.

D’fhoilsigh Coimisiún na Meán inniu (an 17 Mí na Nollag) torthaí an tsuirbhé a rinneadh ar an nGaeilge sna Meáin. Chuathas i mbun an tsuirbhé seo chun eolas a charnadh le haghaidh Athbhreithniú leathan, atá ar siúl faoi láthair, mar gheall ar sheirbhísí agus ábhar i nGaeilge sna meáin i gcoitinne.Dúirt duine as cúigear, a ghlac páirt sa suirbhé,  go raibh sé éasca theacht ar ábhar a thaitnigh leo sna meáin Gaeilge.

Nuair a fiafraíodh díobh mar gheall ar na cineálacha ábhair Ghaeilge ar mhian leo a fheiceáil nó a chloisteáil a thuilleadh, dúirt trí cheathrú (75%) de lucht féachana na Gaeltachta go raibh níos mó cláracha faisnéise á lorg acu, agus tá 69% den lucht féachana náisiúnta ag lorg breis cláracha ceoil. Anuas air sin, féachann 95% de lucht féachana na Gaeltachta ar TG4 agus bíonn 89% díobh seo ag féachaint air gach seachtain.

Reáchtáladh an suirbhé seo i mí Meithimh agus i mí Iúil 2024, agus fuarthas aiseolas ó thart ar 1,200 duine os cionn 18 mbliana as lucht féachana Gaeltachta agus Galltachta. Scrúdaíodh caidreamh poiblí, roghanna, agus tuiscintí maidir le tábhacht agus éifeacht na meán Gaeilge, ar an teilifís, ar an raidió agus sna meáin chlóite agus ar líne.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir um Fhorbairt na Meán i gCoimisiún na Meán: “Is léir ó thorthaí an tsuirbhé seo go bhfuil an pobal ag éileamh níos mó ábhair Ghaeilge ar ardáin na meán uile in Éirinn.  Tugann siad le fios nach bhfuil aon easpa ar an dea-thoil i leith na Gaeilge ach go bhfuil gá leis na meáin a fhorbairt a thuilleadh chun tacú le lucht labhartha na Gaeilge agus leo siúd ar mhian leo an teanga a fhoghlaim. Tá Coimisiún na Meán meáite ar na meáin i gcoitinne a fhorbairt ar shlí inbhuanaithe agus ionchuimsitheach inar féidir leis an bpobal go léir a bheith páirteach iontu. Ina theannta sin, is mian linn ní hamháin go ndéanfadh na meáin chéanna léiriú fírinneach ar an tsochaí ach go ndéanfaidís í a mhúnlú freisin. Gné amháin atá i gceist leis an Suirbhé ar an nGaeilge sna Meáin den obair fhairsing atá ar bun againn chun Athbhreithniú leathan a dhéanamh ar na meáin in Éirinn i gcoitinne agus tugann an suirbhé seo comhthéacs tábhachtach dúinn maidir leis an rogha ábhair ar mhian leis an lucht féachana a fheiceáil agus a chloisteáil.”

Léirítear sa suirbhé freisin an t-éileamh nach beag atá ar chláracha ealaíon agus cultúrtha as Gaeilge (a dtacaíonn 61% den lucht féachana náisiúnta leo chomh maith le 65% den lucht féachana Gaeltachta) agus ar chláracha nuachta as Gaeilge (a dtacaíonn 57% den lucht féachana náisiúnta leo chomh maith le 70% den lucht féachana Gaeltachta).

Ó bunaíodh Coimisiún na Meán i mí Márta 2023, cuireadh tuairim is €11.9 milliún ar fáil faoin scéim Fuaime agus Físe chun tacú le cláracha Gaeilge agus dátheangacha. Níos túisce i mbliana, sheol An Coimisiún scéimeanna iriseoireachta nua, ar nós na Scéime Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil agus na Scéime Tuairiscithe Cuairteanna, mar thaca díreach le hiriseoireacht a chur ar fáil don phobal áitiúil atá iontach agus iontaofa. Cuirtear suas le €1.5 milliún ar fáil sna Scéimeanna a bhaineann le tuairisciú na Gaeilge.

Beidh an Suirbhé seo ar na Meáin Ghaeilge mar bhonn eolas don Athbhreithniú leathan atá ar siúl faoi láthair mar gheall ar sheirbhísí agus ábhar na meán Gaeilge. Bainfear leas as chun caidreamh breise a dhéanamh le páirtithe leasmhara agus le baill éagsúla den lucht féachana. Táthar ag suil go ndéanfar scrúdú ar chineálacha uile na meán chun cur le saol fónta na meán Gaeilge i gcoitinne.

Síníonn Údarás na gCaighdeán Fógraíochta (ASA) comhaontú le Coimisiún na Meán

Is é Údarás na gCaighdeán Fógraíochta an comhlacht féinrialála fógraíochta neamhspleách atá freagrach as na caighdeáin is airde cumarsáide margaíochta a chur chun cinn, a rialáil agus a fhorfheidhmiú in Éirinn. Shínigh an tÚdarás comhaontú le Coimisiún na Meán chun creat a bhunú le haghaidh comhoibriú idir an dá eagraíocht maidir le nithe is leas dóibh araon a bhaineann le fógraíocht agus le cumarsáid margaíochta tráchtála.

Tá sé mar aidhm ag an gcomhaontú comhoibrithe seo maoirseacht agus forfheidhmiú caighdeán a fheabhsú, i dtírdhreach fógraíochta agus meán atá ag athrú de shíor, lena n-áirítear ardáin ar líne agus na meáin shóisialta.

Leis an gcomhpháirtíocht atá idir an dá eagraíocht daingnítear tuilleadh seasamh Údarás na gCaighdeán Fógraíochta mar cheannaire sa tírdhreach fógraíochta, agus buailfidh an dá eagraíocht le chéile go rialta agus pléifidh siad príomhthreochtaí, agus díreoidh siad ar raon ábhar atá chun leasa an dá thaobh, lena n-áirítear:

  • Feasacht ar cheanglais rialála ábhartha a chur chun cinn, agus tacú le comhlíonadh na gceanglas sin, ar ceanglais iad a bhaineann le fógraí agus le cumarsáid margaíochta tráchtála
  • Leasanna na ndaoine a fhaigheann na fógraí agus an chumarsáid margaíochta tráchtála a chosaint trí fhéachaint lena chinntiú go bhfuil na fógraí agus an chumarsáid sin dleathach, macánta, ionraic agus fírinneach
  • Féachaint lena chinntiú nach bhfeiceann leanaí ná daoine aonair atá i mbaol fógraíocht agus cumarsáid margaíochta tráchtála atá díobhálach agus gur féidir le tomhaltóirí muinín a bheith acu as fógraíocht agus as cineálacha eile cumarsáide margaíochta tráchtála

Luaitear freisin sa chomhaontú seo go bhfuil Údarás na gCaighdeán Fógraíochta agus Coimisiún na Meán tiomanta do na prionsabail chomhoibrithe seo a leanas:

  • Próiseas éifeachtach gearán a chur ar fáil do dhaoine a fhaigheann fógraí nó cumarsáid margaíochta tráchtála ar mian leo gearáin bhailí a dhéanamh
  • Ardchaighdeáin a chur chun cinn i measc seirbhísí meán, ardáin ar líne agus comhlachtaí fógraíochta chun cloí leis an dlí Éireannach agus Eorpach atá i bhfeidhm maidir le nithe comhleasa
  • Cóid agus rialacha rialála atá láidir agus éifeachtach a fhógairt
  • Leanaí agus daoine eile atá i mbaol a chosaint ar fhógraí nó ar chumarsáid margaíochta tráchtála a bheadh díobhálach
  • Idirphlé agus malairtí gníomhacha ar nithe comhleasa a chur chun cinn
  • Iniúchadh a dhéanamh ar bhealaí a bhféadfaí gníomhaíocht taighde chomhpháirteach a dhéanamh chun tuiscint níos fearr a fháil ar threochtaí sa tírdhreach rialála
  • A róil agus a bhfeidhmeanna rialála neamhspleácha faoi seach a choinneáil ar bun

Bhí comhoibriú éifeachtach idir Údarás na gCaighdeán Fógraíochta agus Coimisiún na Meán (agus a réamhtheachtaí rialála, Údarás Craolacháin na hÉireann) ar thionscadail Éireannacha agus Eorpacha.

Ina measc sin bhíothas rannpháirteach ar Choiste Neamhspleách Gearán an Údaráis, rinneadh obair ar an Acht um Shábháilteacht Ar Líne agus um Rialáil Meáin, 2022, agus ar Threoir AE maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc, ina spreagtar Ballstáit an Aontais le haitheantas a thabhairt don ról is féidir le comhrialúchán agus féinrialúchán éifeachtach a chomhlíonadh mar ionstraimí beartais comhlántacha anuas ar na sásraí reachtúla, breithiúnacha, agus riaracháin atá i bhfeidhm.

Ag labhairt di faoin gcomhaontú, deir Orla Twomey, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Údarás na gCaighdeán Fógraíochta:

“Is cloch mhíle shuntasach í an chomhpháirtíocht seo inár misean chun a chinntiú go mbeidh an fhógraíocht ar gach ardán dlíthiúil, macánta, ionraic, agus fírinneach. Trí oibriú i ndlúthchomhar le Coimisiún na Meán, is féidir linn aghaidh a thabhairt tuilleadh ar na dúshláin a chruthaíonn fógraíocht dhigiteach agus féadfaimid tomhaltóirí na hÉireann a chosaint, timpeallacht meán níos sábháilte agus níos trédhearcaí a fhorbairt agus iontaoibh a chothú i bhfógraíocht do chách. Le chéile, neartóimid an creat rialála is bonn leis na cleachtais fógraíochta agus meán in Éirinn, agus cuirfimid ardchaighdeáin chun cinn i measc seirbhísí digiteacha, ardán ar líne agus comhlachtaí fógraíochta.”

Deir Aoife MacEvilly, Coimisinéir Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh ag Coimisiún na Meán:

“Tá sé tábhachtach dúinne go mbeadh tírdhreach meán againn ar féidir le tomhaltóirí muinín a bheith acu as agus ina bhfuil cosaint acu ar dhúshaothrú agus ar chalaois. Táimid ag tnúth le leanúint leis an obair le hÚdarás na gCaighdeán Fógraíochta chun a chinntiú go n-oibríonn caighdeáin le haghaidh fógraíochta agus margaíocht tráchtála chun leasa tomhaltóirí, agus go háirithe go dtabharfaidh siad cosaint do leanaí ar ábhar fógraíochta a d’fhéadfadh a bheith díobhálach.

Cuireann Coimisiún na Meán deireadh leis an moratóir craolacháin le haghaidh clúdach toghcháin

Tagann Treoir Uasdátaithe in ionad Moratóra le Ceanglas Cúraim Bhreise le haghaidh craoltóirí le linn Thréimhse Chriticiúil an Toghcháin

D’fhógair Coimisiún na Meán inniu go dtagann Ceanglas Cúraim Bhreise le haghaidh craoltóirí le linn Thréimhse Chriticiúil an Toghcháin in ionad an Mhoratóra Craolacháin, atá i bhfeidhm ó 1997 i leith. Rinneadh an cinneadh sin i ndiaidh do Choimisiún na Meán athbhreithniú a dhéanamh ar an Moratóir, próiseas a thosaigh i mí Feabhra den bhliain seo. Áiríodh leis an athbhreithniú sin iniúchadh ar thréimhsí ciúnais na dtoghchán i dtíortha eile, suirbhé ar dhearcthaí a rinneadh le Ipsos B&A, agus comhairliúchán poiblí.


Éilíonn an Ceanglas Cúraim Bhreise nua, rud a thagann in ionad an Mhoratóra Craolacháin, go léireodh craoltóirí cúram breise le linn na tréimhse 24 uair an chloig roimh oscailt na stáisiún vótála agus le linn na tréimhse vótála. Tugtar Tréimhse Chriticiúil an Toghcháin air seo. Le linn Thréimhse Chriticiúil an Toghcháin, ba cheart do chraoltóirí fíor-chúram a léiriú i láimhseáil aon eolas a bhaineann leis an toghchán agus eolas a chreideann siad, nó a bhfuil cúis acu a chreidiúint, a bheith scaipthe leis an aidhm vótálaithe a chur amú nó ar míthreoir nó gur dócha go gcuirfeadh sé vótálaithe amú nó ar míthreoir. Tá cur chun feidhme an cheanglais cúraim bhreise seo faoi rogha eagarthóireachta an chraoltóra. Mar chuid de sin d’fhéadfadh sé go mbréagnódh na Craoltóirí na míthuiscintí nó go gceartóidís míthuiscintí a eascraíonn as eolas míthreorach.


Ag labhairt faoi fhoilsiú na dTreoirlínte, dúirt an Coimisinéir Craoltóireachta agus Físeáin ar Éileamh de chuid Choimisiún na Meán, Aoife MacEvilly: “Is tosaíocht de chuid Choimisiún na Meán tírdhreach meán a bheith ann a thacaíonn leis an daonlathas agus le luachanna daonlathacha, atá mar bhonn faoin dioscúrsa sibhialta agus a laghdaíonn tionchar na bréagaisnéise. Le linn tréimhsí toghcháin, bíonn ról fíorthábhachtach ag craoltóirí ar fud na hÉireann maidir le heolas a chur ar fáil don phobal faoi shaincheisteanna agus iarrthóirí a bhaineann leis an bhfeachtas toghcháin.


De réir Thuarascáil bhliantúil Reuters ar an nuacht dhigiteach, a foilsíodh i mí an Mheithimh agus atá maoinithe ag Coimisiún na Meán, tá go leor muiníne ag muintir na hÉireann sa nuacht i gcomparáid le tíortha eile. Tuigimid an mhuinín a chuireann lucht féachana agus éisteachta na hÉireann i gcraoltóirí agus léiríonn ár gcur chuige i leith an mhoratóra tírdhreach athraitheach na meán in Éirinn.


I mbliana, díreofar anseo i gCoimisiún na Meán ar na toghcháin agus sláine na dtoghchán thar aon ní eile. Taobh leis an gcur chuige breise nua i leith cúraim le haghaidh craoltóirí, a luaithe a dheimhnítear dáta toghcháin, beimid ag foilsiú eolais le haghaidh iarrthóirí toghcháin maidir lenár ról i dtaca leis an gcraolachán agus rialúchán na sábháilteachta ar líne, agus conas is féidir linn cuidiú leo, in éineacht lenár dtreoirlínte do chraoltóirí. Beimid i dteagmháil le hardáin ar líne freisin maidir lena gcuid ullmhúchán do na toghcháin, le cinntiú go n-imríonn siad a ról chun sláine na dtoghchán a dhearbhú agus chun a chinntiú gur féidir le daoine fud fad na hÉireann roghanna saora, córa agus feasacha a dhéanamh maidir lena vóta a chaitheamh.”


Ba cheart do chraoltóirí cúram breise a ghlacadh le cinntiú nach n-imríonn tuairimí a léiríonn rannpháirtithe clár aon tionchar ar phróiseas an toghcháin trí nithe bréagacha nó míthreoracha a mhaíomh i dtaca le nósanna imeachta an toghcháin. Iarrtar ar chraoltóirí chomh maith gan tuairisc a dhéanamh ar phobalbhreitheanna díreach tar éis vótála nó le linn uaireanta vótála.


Beidh an cur chuige nua le feiceáil sna Treoirlínte Maidir le Clúdach Craolacháin Toghchán de chuid Choimisiún na Meán, a fhoilseofar go gairid tar éis fhógairt an chéad dáta toghcháin eile. Tugtar treoir agus comhairle do chraoltóirí sna Treoirlínte maidir le conas is féidir cothroime, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a bhaint amach ina gclúdach ar thoghcháin.

Deimhníonn Coimisiún na Meán an chéad Chomhlacht um Réiteach Díospóidí Lasmuigh den Chúirt

Inniu, an 08.10.2024, d’fhoilsigh Coimisiún na Meán sonraí maidir le deimhniúchán Ionad Eorpach um Achomhairc (ACE) mar chomhlacht um Réiteach Díospóidí Lasmuigh den Chúirt (Comhlacht ODS). Faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, d’fhéadfadh comhlachtaí a bhunaítear in Éirinn iarratas ar dheimhniúchán mar Chomhlacht ODS a chur faoinár mbráid.

Is féidir le comhlacht ODS cabhrú le húsáideoirí ar líne díospóidí maidir le hardáin ar líne a réiteach, lena n-áirítear gearáin nár réitíodh trí chóras inmheánach um láimhseáil gearán de chuid ardáin ar líne. Níl cinntí na gcomhlachtaí ODS ceangailteach.

Bronnadh deimhniúchán ar ACE, comhlacht atá cláraithe in Éirinn, ar feadh tréimhse cúig bliana, ón 26 Meán Fómhair 2024 go dtí an 26 Meán Fómhair 2029. Is ionann an réimse saineolais faoina mbronntar an deimhniúchán agus tabhairt isteach agus forfheidhmiú téarmaí agus coinníollacha i leith ardáin ar líne.

Chun deimhniúchán a fháil mar chomhlacht ODS ní mór don iarrthóir na coinníollacha seo a leanas, mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Ghníomh, a chomhlíonadh.

  • Neamhchlaontacht agus neamhspleáchas, lena n-áirítear neamhspleáchas ar bhonn airgeadais de, maidir le soláthraithe ardán ar líne agus faighteoirí na seirbhíse.
  • Saineolas maidir le hábhar mídhleathach, nó maidir le tabhairt isteach agus forfheidhmiú téarmaí agus coinníollacha i leith ardáin ar líne.
  • Luach Saothair, lena gceanglaítear go dtugtar luach saothair do chomhaltaí an chomhlachta ODS ar bhealach nach bhfuil nasctha le toradh an nós imeachta;
  • Inrochtaineacht, lena gceanglaítear go bhfuil rochtain éasca ar an díospóid ODS, trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí agus déantar foráil ann maidir leis an bhféidearthacht réiteach díospóidí a thionscnamh agus doiciméid tacaíochta riachtanacha a chur isteach ar líne.
  • Réiteach tapa éifeachtúil díospóide, lena gceanglaítear go bhfuil sé ar chumas an chomhlachta ODS díospóidí a réiteach ar bhealach tapa, éifeachtúil agus costéifeachtach agus i dteanga oifigiúil amháin de chuid institiúidí an Aontais ar a laghad;
  • Rialacha soiléire agus cothroma, lena gceanglaítear go réitítear an díospóid ODS i gcomhréir le rialacha nós imeachta soiléire agus cothroma atá inrochtana go héasca agus go poiblí.

Is féidir tuilleadh eolais maidir leis an bpróiseas deimhniúcháin do Chomhlacht ODS, lena n-áirítear cáipéis treorach agus foirm iarratais, a fháil ar ár leathanach um threoir tionscadail.

Osclaíonn Coimisiún na Meán athbhreithniú ar chomhlíontacht na n-ardán ar líne le Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha an AE

  • Déanann an Rialtóir beart chun a chinntiú go ndéileálann ardáin go héifeachtach le tuairiscí ar ábhar mídhleathach ar líne faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha
  • Baineann gearán amháin as gach trí cinn de sheirbhísí digiteacha a dhéantar le Coimisiún na Meán le deacrachtaí a bhaineann le ábhar mídhleathach a thuairisciú ar líne
  • Is í an chéim thosaigh bailithe faisnéise an chéad chéim i dtreo comhlíontachta agus i dtreo na gníomhaíochta forfheidhmiúcháin foirmiúla agus an imscrúdaithe a d’fhéadfadh eascairt as
  • Tá imní ar Choimisiún na Meán go bhfuil deacrachtaí ag daoine ábhar mídhleathach a thuairisciú d’ardáin ar líne. Faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, ceanglaítear ar ardáin ar líne gníomhú ar thuairiscí ar ábhar mídhleathach de réir an dlí. Tagann imní sé seo tar éis athbhreithniú tosaigh, taobh le faisnéis a bailíodh ó Ionad Teagmhála an Choimisiúin agus gearáin a chuir rialálaithe Eorpacha eile ar aghaidh. Tá athbhreithniú foirmiúil á thionscnamh ag an gCoimisiún anois ar chórais ardán ar líne lena chinntiú go bhfuil na hardáin ag comhlíonadh a n-oibleagáidí faoi Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha an AE (DSA).

    Faoin DSA, ní mór d’ardáin ar líne bealaí éasca le rochtain agus éasca le húsáid a bheith acu le gur féidir le húsáideoirí ábhar mídhleathach a thuairisciú (Airteagal 16 den DSA). Ní mór pointe teagmhála soiléir agus inrochtana a bheith acu freisin le gur féidir le húsáideoirí teagmháil a dhéanamh leo (Airteagal 12). Tá Coimisiún na Meán freagrach as a chinntiú go gcloíonn gach ardán, a bhfuil a gceanncheathrú AE lonnaithe in Éirinn, leis na rialacha seo agus iad ag obair go dlúth leis an gCoimisiún Eorpach agus le rialálaithe sábháilteachta ar líne eile ar fud na hEorpa.

    Tá iarratais fhoirmiúla ar fhaisnéis eisithe ag Coimisiún na Meán anois chuig raon ardán le haghaidh tuilleadh sonraí cuimsitheacha maidir lena gcur chuige i leith roghanna tuairiscithe le haghaidh ábhar mídhleathach agus pointí teagmhála d’úsáideoirí. Nuair a bheidh an chéim bailithe faisnéise críochnaithe, rachaidh Coimisiún na Meán i dteagmháil leis na hardáin lena chinntiú go gcomhlíonann a sásraí tuairiscithe agus a bpointe teagmhála riachtanais an DSA. I gcás ina bhfuil ábhair imní ann ar fad, is féidir le Coimisiún na Meán fógra comhlíontachta a eisiúint lena n-ordófar ardáin chun aghaidh a thabhairt ar aon easnamh a shainaithnítear ina gcórais agus ina bpróisis. Mura dtagann athruithe agus feabhsuithe as sin, is féidir leis an gCoimisiún imscrúdú foirmiúil a oscailt. Má bhíonn cinneadh maidir le neamhchomhlíontacht mar thoradh ar an imscrúdú, is féidir le Coimisiún na Meán smachtbhannaí a ghearradh, mar shampla fíneáil. Is féidir leis an gCoimisiún comhaontú gealltanais atá ina cheangal de réir dlí a dhéanamh freisin le hardán, ina dtugann an t-ardán gealltanais chun a iompar a thabhairt i gcomhréir leis an dlí.

    Dúirt John Evans, Coimisinéir Seirbhísí Digiteacha ag Coimisiún na Meán, “Is dlí suntasach é an DSA atá dírithe ar thimpeallacht ar líne níos sábháilte agus níos cothroime a chruthú d’úsáideoirí. Mar sin féin, tá a éifeachtacht do shaoránaigh na hÉireann agus an AE ag brath ar chur i bhfeidhm iomlán a fhorálacha ag ardáin. As na gearáin atá faighte againn ó dhaoine in Éirinn agus ar fud na hEorpa faoi ardáin ar líne, baineann gearán amháin as gach trí chinn le fadhbanna agus ábhar mídhleathach ar líne á thuairisciú. Táimid ag déanamh idirghabhála anois lena chinntiú go gcloíonn ardáin leis na rialacha ionas gur féidir le daoine a gcearta a fheidhmiú go héifeachtach faoin DSA.”

    Dúirt Niamh Hodnett, Coimisinéir Sábháilteachta Ar Líne ag Coimisiún na Meán, “Táimid tiomanta don raon iomlán cumhachtaí atá ar fáil faoinár gCreat Sábháilteachta Ar Líne a úsáid chun ardáin a thabhairt chun cuntais as daoine a choinneáil sábháilte agus iad ar líne. Tríd an DSA, ár gCód Sábháilteachta Ar Líne atá le teacht agus Rialachán an AE maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne, táimid ag obair i dtreo tírdhreach digiteach inar féidir le daoine fásta agus leanaí dul ar líne gan eagla a bheith orthu go ndéanfaidh an t-ábhar nó an t-iompar a dtagann siad air díobháil dóibh. Nuair a fheiceann daoine ábhar mídhleathach, ba cheart dóibh é a thuairisciú don ardán ar a bhfaca siad é agus mura bhfuil siad sásta le freagra an ardáin, nó mura féidir leo bealach éasca a fháil chun an t-ábhar a thuairisciú, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh linn.”

    Is iad seo a leanas na hardáin a bhfuil teagmháil á déanamh leo ag an bpointe seo:

    ArdánAirteagal 12Airteagal 16
    TikTok
    X – i gcás nach bhfuil aon fhorluí le himscrúdú ón gCoimisiún Eorpach atá ar bun
    YouTube
    MetaX, faoi réir imscrúdú ón gCoimisiún Eorpach atá ar bun
    LinkedIn
    Temu
    Pinterest
    SheinX, faoi réir athbhreithniú leanúnach ón gCoimisiún Eorpach
    Etsy
    Dropbox
    Hostelworld
    Tumblr

Bronnann Coimisiún na Meán breis agus €10 milliún de mhaoiniú faoin mbabhta is déanaí denScéim Fuaim agus Fís

Is é an leithdháileadh nuafhógraithe, Babhta 53, an babhta maoinithe aonair is mó riamh i stair na scéime Fuaim agus Fís.

  • Tá breis agus €10.1 milliún de mhaoiniú leithdháilte i mBabhta 53, agus tá 91 tionscadal maoinithe lena n-áirítear beochan, drámaíocht, cláir faisnéise, siamsaíocht, cláir oideachasúla agus iad le bheith craolta ar an Teilifís agus ar an Raidió
  • Rinneadh 95% den mhaoiniú a leithdháileadh ar léiritheoirí neamhspleácha, agus tá 30% den mhaoiniú uilig ag dul chuig tionscadail i nGaeilge nó chuig tionscadail dhátheangacha
  • €2 mhilliún de mhaoiniú breise urraithe ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun tacú le cláir do pháistí agus daoine óga

D’fhógair Coimisiún na Meán inniu (09.09.24) go bhfuil sé le breis agus €10.1 milliún de mhaoiniú a bhronnadh faoin mbabhta is déanaí den scéim Fuaim & Fís. Mar chuid de Bhabhta 53 déanfar maoiniú ar an léiriú de 91 tionscadal don teilifís agus don raidió le léiritheoirí agus craoltóirí neamhspleácha ar fud fad na tíre. Rinneadh 95% den mhaoiniú atá mar chuid de Bhabhta 53 a chur ar fáil do léiritheoirí neamhspleácha agus tá 30% den mhaoiniú ar fad ag dul chuig tionscadail i nGaeilge nó chuig tionscadail dhátheangacha.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán: “Tá an scéim Fuaim & Fís i ndiaidh dul ó neart go neart, agus é ag leanúint de bheith ag maoiniú clár do lucht féachana agus do lucht éisteachta na hÉireann, agus béim á cur ar chultúr, oidhreacht agus taithí na hÉireann. Tá luachair orainn a fhógairt gurb é Babhta 53 an babhta aonair is mó riamh i stair na scéime Fuaim & Fís, agus breis agus €10.1 milliún leithdháilte ar 91 tionscadal nua don teilifís agus don raidió, lena n-áirítear beochan, drámaíocht, cláir faisnéise, siamsaíocht agus cláir oideachasúla. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis an Aire Catherine Martin as an leithdháileadh de €2 mhilliún de mhaoiniú breise le haghaidh clár do pháistí agus daoine óga, lena dtugtar aitheantas don ról tábhachtach atá ag páistí mar chruthaitheoirí agus mar thomhaltóirí i dtírdhreach na meán in Éirinn. Tá Fuaim & Fís fós mar fhoinse mhaoinithe ríthábhachtach le haghaidh craoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha, agus cuireann an scéim ar a gcumas cláir a chruthú do lucht féachana agus éisteachta, cláir nach mbeadh ann murach í.

“Cuirfidh an maoiniú ó Bhabhta 53 le mian Choimisiún na Meán tírdhreach bisiúil a fhorbairt do na meáin in Éirinn a léiríonn ilchineálacht ár muintire agus ár dtraidisiún. As na 35 léiriúchán teilifíse arna maoiniú, tá mná mar léiritheoirí in 80% acu agus tá mná mar stiúrthóirí in 54% acu. Tá muid ag súil go mór leis na tionscadail a fuair maoiniú faoin mbabhta seo den scéim Fuaim & Fís a fheiceáil agus a chloisteáil ar ár scáileáin agus ar ár n-aerthonnta.”

Ar na tionscadail atá maoinithe faoi Bhabhta 53 den scéim Fuaim agus Fís, tá:

  • Election ’24 – Tabharfaidh an comhfhiontar ar leith seo idir Tithe an Oireachtais agus an Coimisiún Toghcháin, a chraolfar ar Theilifís an Oireachtais, cuireadh don lucht féachana spléachadh taobh thiar den chuirtín le linn Olltoghcháin agus tabharfaidh sé oiliúint don lucht féachana Éireannach maidir leis an bpróiseas daonlathach.
  • First Timers on The Front Line – Leanfaidh an tsraith seo, a chraolfar ar Virgin Media Television, grúpa oiliúnaithe in aonaid oiliúna de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna ar fud fad na tíre agus beidh sí in éineacht leo agus iad ar a seacht ndícheall chun beatha daoine a shábháil agus iad ag iarraidh a gcáilíochtaí a bhaint amach san am céanna.
  • John Hume san Eoraip/John Hume in Europe – Bhí John Hume ar dhuine de na figiúirí polaitiúla is mó tionchar sa 20ú haois. Ina chuid oibre chuidigh sé le ceann de na próisis síochána is rathúla ar na saolta seo a chruthú, inseofar a scéal sa chlár faisnéise dátheangach seo do TG4, agus san am céanna déanfar iniúchadh ar stair na hEorpa agus na hÉireann le leathchéad bliain anuas.
  • Mondays with Maddy – Léiriúchán do RTÉ Junior, déanfaidh an tsraith seo iniúchadh ar an gceangal croíúil atá idir Maddy, cailín fuinniúil sé bliana d’aois agus a seanathair beoga 80 bliain d’aois a bhfuil néaltrú air. Déanfar an dís seo a leanúint i ngach clár agus seal spraíúil á chaitheamh acu lena chéile.
  • Puffin Rock: Sraith 3 – Fillfidh an tsraith bheochana seo a bhfuil an iliomad duaiseanna bainte aici chuig RTÉ Junior agus cuirfidh sí fáilte roimh chuairteoirí nua agus seanchuairteoirí ar ais chuig an oileán.
  • Ours to Protect: Sraith 2 – Léireofar 2,800 uair de chláir luachmhara raidió le haghaidh éisteoirí raidió ar fud na hÉireann nuair a fhillfidh an tsraith faisnéise raidió seo faoin athrú aeráide agus gníomhú ar son na haeráide, comhfhiontar idir Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann agus 16 stáisiún tráchtála.
  • Don’t Ask Me to Remember – Trí leas a bhaint as an gceol, amhránaíocht agus caidreamh sóisialta déanfaidh an tsraith faisnéise raidió seo do Dublin City FM iniúchadh ar an bhfulaingt a bhaineann le Galar Alzheimer. Tagann saineolaithe leighis, teaghlaigh, cúramóirí, daoine a bhfuil an galar orthu, agus ealaíontóirí le chéile chun solas a chaitheamh ar an bhfadhb shláinte seo.
  • Finscéalta Chiarraí: Scéalta Miotasacha ón Ríocht – Cuirfidh guthanna beoga páistí áitiúla scoile an tsraith faisnéise raidió seo ar Radio Kerry i láthair i nGaeilge, sraith a thógfaidh an lucht éisteachta ar aistear draíochta trí bhéaloideas aoibhinn Chiarraí.
  • Dying to get Ripped – tabharfaidh an tsraith faisnéise seo ó Newstalk ardán d’fhir óga a bhfuil neamhoird itheacháin ag gabháil dóibh.

Tacóidh Babhta 53 le 35 tionscadal a léiriú don teilifís, €9 milliún san iomlán, agus le 56 tionscadal raidió, €1.1 milliún san iomlán. Cuireadh isteach 175 iarratas faoi Bhabhta 53 den scéim Fuaim & Fís le measúnú a dhéanamh orthu, ag lorg os cionn €21 milliún, agus rinneadh beagán os cionn €10.1 milliún de mhaoiniú a bhronnadh.

Tacóidh beagnach 30% den mhaoiniú molta (breis agus €3 mhilliún) le léiriú tograí i nGaeilge nó tograí dátheangacha, agus téann 95% den mhaoiniú (€9.6 milliún) díreach chuig an earnáil léiriúcháin neamhspleách.

Tá Babhta 53 comhdhéanta de mhaoiniú ó tháille an cheadúnais teilifíse agus €2 mhilliún de mhaoiniú arna urrú ag Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus maoiniú á leithdháileadh ar 13 thionscadal don teilifís agus don raidió le haghaidh clár a dhíríonn ar pháistí agus ar dhaoine óga.

Seolann Coimisiún na Meán comhairliúchán ar Chóid agus Rialacha Craolacháin athbhreithnithe

Nuashonruithe ar Chóid agus Rialacha Craolacháin a theastaíonn chun oibleagáidí na hÉireann a chomhlíonadh faoi Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (AVMSD)

Sheol Coimisiún na Meán comhairliúchán inniu (04.09.2024) ar Chóid agus Rialacha Craolacháin athbhreithnithe le haghaidh craoltóirí raidió agus teilifíse. Ní mór na Cóid agus na Rialacha a nuashonrú chun Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (AVMSD) a chomhlíonadh.

Forálann AVMSD do na caighdeáin íosta agus d’oibleagáidí nach mór do sholáthraithe seirbhíse meán cloí leo i réimsí éagsúla, lena n-áirítear sábháilteacht leanaí, inrochtaineacht a seirbhísí, agus an toirmeasc ar ábhar a spreagann an fuath.

Dúirt Aoife MacEvilly, Coimisinéir Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh ag Coimisiún na Meán: “Tá sé ríthábhachtach a chinntiú go gcoinnítear na Cóid agus na Rialacha a bhaineann le craoltóirí in Éirinn cothrom le dáta le rialacháin an Aontais Eorpaigh chun tírdhreach meán atá bisiúil agus sábháilte a chinntiú do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann. D’oscail Coimisiún na Meán comhairliúchán inniu maidir le Cóid agus Rialacha athbhreithnithe ina bhfuil oibleagáidí nuashonraithe do chraoltóirí Éireannacha agus ina n-aithnítear nós imeachta nua gearán don phobal sa chás go gcreideann aon duine gur theip ar chraoltóir Cód nó Riail a chomhlíonadh. Amach anseo, tá sé i gceist ag an gCoimisiún athbhreithniú eile a dhéanamh ar ár gCóid agus ár Rialacha lena chinntiú go leanfaidh siad orthu ag freastal ar riachtanais lucht féachana agus éisteachta na hÉireann, agus ar ár dtírdhreach meán atá ag athrú.”

Is iad seo a leanas na Cóid agus na Rialacha Craolacháin athbhreithnithe a bhfuiltear ag dul i gcomhairle fúthu:

Mairfidh an comhairliúchán ón 04 Meán Fómhair go dtí an 03 Deireadh Fómhair 2024.

Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe

Tá an tuairisc JNLR/Ipsos is déanaí de chuid MRBI maidir le lucht éisteachta raidió in Éirinn foilsithe inniu (15.08.24).

Thar ceann Choiste JNLR tá preaseisiúint do na meáin agus táblaí faisnéise achoimrithe ar fáil le híoslódáil anseo (Béarla).

CRÍOCH

Tabhair faoi deara:

Ba cheart fiosruithe do na meáin maidir le clár nó feidhmiú stáisiúin ar leith a chur chuig IPSOS MRBI nó chuig an gcraoltóir iomchuí.

Tá tuairimí á lorg ag Coimisiún na Meán ar úsáid an mhoratóra chraolacháin le linn toghcháin agus reifrinn sa todhchaí

Leagtar amach roghanna féideartha do thodhchaí an mhoratóra sa chomhairliúchán poiblí

Inniu (07.08.24), d’oscail Coimisiún na Meán comhairliúchán poiblí ar thodhchaí an mhoratóra craolacháin. Faoi láthair, cuirtear leis an moratóir toirmeasc ar chúrsaí toghcháin agus reifrinn a phlé ar mheáin chraolta ó 2i.n. ar an lá roimh an toghchán nó reifreann go dtí go ndúntar an vótáil ar lá na vótála.

Ní bhaineann an moratóir le cineálacha eile meán, amhail meáin chlóite nó ar líne, agus ní cheadaítear faoin reachtaíocht na cineálacha meán seo a chur san áireamh in aon mhoratóir.

Tá Coimisiún na Meán ag cur cúig phríomhrogha chun cinn lena mbreithniú:

  1. An moratóir a fhágáil mar atá sé
  2. Fad an mhoratóra a leasú
  3. Na cineálacha tuairiscithe craolacháin atá san áireamh faoin moratóir a athrú
  4. Athchóiriú a dhéanamh ar an oibleagáid atá ar chraoltóirí mar oibleagáid dhearfach chun cúram ar leith a fheidhmiú i dtaobh saincheisteanna a bhaineann le toghcháin agus reifrinn
  5. Deireadh iomlán a chur leis an moratóir.

Tá an comhairliúchán poiblí mar chuid d’athbhreithniú leanúnach Choimisiún na Meán ar an moratóir craolacháin, ina ndearnadh teagmháil le craoltóirí agus páirtithe polaitíochta, agus ina ndearnadh taighde ar thuairimí an phobail chomh maith. Is é aidhm an Choimisiúin deireadh a chur leis an athbhreithniú, lena n áirítear aon athruithe is gá a dhéanamh ar an moratóir, faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2024.

Áiríodh an moratóir ar dtús i dtreoirlínte craolacháin do Thoghchán an Uachtaráin, 1997, tráth a raibh teilifís agus raidió ina bpríomhfhoinsí nuachta. Ba iad bunchuspóirí an mhoratóra tréimhse machnaimh a thabhairt do vótálaithe roimh dóibh a gcuid vótaí a chaitheamh, agus chun a chinntiú nach gcuirfí faisnéis nua nó mífhaisnéis nua i láthair na vótálaithe ag an nóiméad deireanach nuair a bhí sé ró-dhéanach chun é a mheas nó a phlé i gceart. Leis an méadú ar úsáid foinsí nuachta ar líne, ní mór athmheasúnú a dhéanamh ar leas an mhoratóra.

Dúirt Coimisinéir Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh de chuid Choimisiún na Meán, Aoife MacEvilly: “Anois an t am ceart a mheas an bhfuil gá le hathruithe ar an moratóir craolacháin maidir le tuairisciú ar reifrinn agus toghcháin. Cibé áit a dtagann daoine ar a gcuid nuachta, tá sé tábhachtach go bhfuil siad in ann teacht ar thuairisciú ábhartha, eolach, agus neamhchlaonta a bhféadtar muinín a chur ann. Is eol dúinn go dtéann níos mó agus níos mó daoine ar líne chun teacht ar a gcuid nuachta, bíodh sé ar shuíomh gréasáin nuachta nó ar na meáin shóisialta, ach maidir le nuacht faoi thoghcháin, is foinse thábhachtach nuachta fós iad craoltóirí do go leor daoine.

Táimid ag tnúth le dearcthaí an phobail a chloisteáil maidir leis an moratóir agus tá sé ar intinn againn cinneadh a dhéanamh roimh dheireadh mhí Dheireadh Fómhair i leith leanúint leis an moratóir, an moratóir a athrú nó an moratóir a bhaint”.

an comhairliúchán poiblí ar oscailt anois. Is é an Céadaoin 4 Meán Fómhair 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

Spriocdháta Sínte – Comhairliúcháin ar Dhréacht-Chód agus Rialacha le haghaidh Seirbhísí Físe Ar Éileamh

Ar 4 Iúil 2024, d’fhoilsigh Coimisiún na Meán doiciméad comhairliúcháin ar an Dhréacht-Chód agus Rialacha le haghaidh Seirbhísí Físe Ar Éileamh.

Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar iarratas chun síneadh a chur leis an spriocdháta, chomhaontaigh An Coimisiún ar spriocdháta nua. Is é Dé Máirt, 20 Lúnasa 2024 an spriocdháta nua le haghaidh aighneachtaí.Tá an doiciméad comhairliúcháin ar fáil ar ár suíomh gréasáin.