Ráiteas ó Choimisiún na Meán maidir leis an gCód Sábháilteachta ar Líne 

Mar rialálaí na hÉireann don tsábháilteacht ar líne, d’fhorbair Coimisiún na Meán rialacha agus rialacháin laistigh den Chód Sábháilteachta Ar Líne, atá fréamhaithe i reachtaíocht na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh, tar éis dianchomhairliúcháin. 

Faoin gCód Sábháilteachta Ar Líne, tá sé d’oibleagáid ar ardáin comhroinnte físeán bearta a chur i bhfeidhm chun leanaí a chosaint ó ábhar díobhálach ar líne, bearta dearbhaithe aoise a bheith acu i gcás inarb iomchuí, rialúcháin tuismitheoirí a sholáthar agus tuairisciú agus sásraí comharthaíochta atá so-úsáidte agus trédhearcach a bheith acu. 

Is eol do Choimisiún na Meán go bhfuil athbhreithniú breithiúnach taiscthe ag Twitter International Unlimited Company (X) in aghaidh an Chóid Sábháilteachta Ar Líne. 

Beimid rannpháirteach sa phróiseas dlíthíochta seo agus cosnóimid an Cód Sábháilteachta Ar Líne agus cuspóir an chóid maidir le daoine, go háirithe leanaí, a choinneáil sábháilte ar líne. 

Ní thabharfaidh An Coimisiún aon tuairim eile go dtí go mbeidh na himeachtaí dlí tugtha chun críche. 

Cinneadh déanta faoin Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne

Cinneann an Coimisiún go bhfuil seirbhísí TikTok, X agus Meta (i dtaca le Instagram) ‘neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta’

Lean cinneadh an Choimisiúin an fógra maidir le dhá ordú baint anuas nó níos mó a thabhairt do na soláthraithe seo sa 12 mhí roimhe seo ó údaráis inniúla de chuid an Aontais Eorpaigh

Anois beidh ar sholáthraithe bearta sonracha a dhéanamh chun seirbhísí a chosaint óna n-úsáid chun ábhair sceimhlitheoireachta a scaipeadh agus beidh orthu tuairisciú maidir leis na bearta atá déanta acu

D’fhoilsigh Coimisiún na Meán cinneadh inniu (13 Samhain) i dtaca le trí sholáthraí seirbhísí óstála faoin Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne. Chinn an Coimisiún go bhfuil seirbhísí TikTok, X agus Meta (i dtaca le Instagram) ‘neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta.’

I ndlí an Aontais Eorpaigh déantar ábhar sceimhlitheoireachta a shainmhíniú mar:

  • ábhar lena ngríosaítear cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, amhail trí ghníomhartha sceimhlitheoireachta a ghlóiriú;
  • ábhar lena ndéantar cionta sceimhlitheoireachta a mholadh;
  • ábhar lena niarrtar ar dhuine nó ar ghrúpa daoine cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh, nó rannchuidiú leo sin a dhéanamh;
  • ábhar a ghríosaíonn, a mheallann, a bhagraíonn nó a chuireann treoir ar fáil maidir le cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh;
  • ábhar lena niarrtar ar dhuine nó ar ghrúpa daoine páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta;
  • ábhar lena ndéantar teagasc a chur ar fáil maidir le pléascáin, airm thine nó armáin eile nó substaintí guaiseacha nó díobhálacha a dhéanamh agus a úsáid, nó maidir le modhanna agus teicnící sonracha eile chun críocha cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh nó rannchuidiú leo sin a dhéanamh;
  • ábhar ar bagairt é chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh

Cuireann an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne, ar cuid amháin é de Chreat Sábháilteachta ar Líne Choimisiún na Meán, sásra ar fáil ar fud an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne agus chun cur ar chumas na soláthraithe seirbhísí óstála ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint go tapa.

Faoin Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne, féadtar go ndéanfar cinneadh go bhfuil soláthraithe seirbhísí óstála neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta má fhaigheann siad dhá ordú baint anuas nó níos mó ó údaráis inniúla de chuid an Aontais sa 12 mhí roimhe sin. Tháinig an Coimisiún ar an gcinneadh seo tar éis gur tugadh fógra faoi dhá ordú baint anuas nó níos mó i dtaca leis na trí sholáthraí seo agus tar éis dul i dteagmháil leis na soláthraithe seo. Rinne an Coimisiún a chinneadh i gcomhréir lena Chreat um Chinntí, a foilsíodh i mí Meithimh 2024.

Tar éis an chinnidh seo, beidh ar TikTok, X agus Meta (i dtaca le Instagram) bearta sonracha a dhéanamh chun a seirbhísí a chosaint óna n-úsáid chun ábhair sceimhlitheoireachta a scaipeadh agus tuairisciú chuig Coimisiún na Meán laistigh de trí mhí ón gcinneadh a fháil, ar na bearta sonracha atá déanta. Beidh na bearta seo éifeachtach, spriocdhírithe agus comhréireach, agus beidh siad measúil maidir le cearta bunúsacha na n-úsáideoirí. Ar na bearta ar gá do sholáthraí seirbhísí óstála atá neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta a dhéanamh tá forálacha ina chuid téarmaí agus coinníollacha maidir le haghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid a sheirbhíse chun ábhar sceimhlitheoireachta a scaipeadh ar an bpobal.

Déanfaidh Coimisiún na Meán na gníomhartha maolaitheacha a dhéanann na soláthraithe a mhaoirsiú agus a rochtain. Má mheasann an Coimisiún nach gcomhlíonann na bearta sonracha atá déanta ceanglais reachtacha, tabharfaidh an Coimisiún cinneadh don soláthraí seirbhísí óstála á cheangal air na bearta riachtanacha a chur i gcrích d’fhonn a chinntiú go gcloítear leis na forálacha reachtacha.

Má sháraíonn soláthraithe seirbhísí óstála an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta Ar Líne, féadfar fíneálacha riaracháin a ghearradh lena n-áirítear pionóis airgeadais suas le ceathair faoin gcéad den láimhdeachas iomlán.

Tá Creat Sábháilteachta ar Líne Choimisiún na Meán comhdhéanta den Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne, an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, an tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, atá mar bhunús lenár gCód Sábháilteachta ar Líne.

Molann an Coimisiún d’úsáideoirí seirbhísí ar líne a fheiceann ábhar sceimhlitheoireachta amhrasta é a thuairisciú don ardán ar a bhfaca siad é, agus aon ábhar a d’fhéadfadh a bheith ina bhagairt ar bheatha daoine a thuairisciú leis an nGarda Síochána.

Léigh ár dtreoirlínte nuashonraithe maidir le clúdach craolacháin toghchán

Tagann na Treoirlínte nuashonraithe i bhfeidhm ón inniu 11 Samhain go dtí go ndúnfar na stáisiúin vótaíochta an 29 Samhain

D’fhoilsigh Coimisiún na Meán a Threoirlínte inniu (11.11.24) maidir le Clúdach Craolacháin Toghchán. Tugtar treoir agus comhairle do chraoltóirí sna Treoirlínte maidir le conas is féidir cothroime, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a bhaint amach ina gclúdach ar thoghcháin.

Tá na Treoirlínte á bhfoilsiú roimh an Olltoghchán, atá sceidealta le bheith ar siúl an Dé hAoine, 29 Samhain. Tagann na Treoirlínte i bhfeidhm ón inniu, Dé Luan, 11 Sahmain agus tá feidhm acu maidir le clúdach na dtoghchán go dtí go ndúnfar na stáisiúin vótaíochta an 29 Samhain.

Ag labhairt faoi fhoilsiú na dTreoirlínte, dúirt an Coimisinéir Craoltóireachta agus Físeáin ar Éileamh de chuid Choimisiún na Meán, Aoife MacEvilly: “I mbliana, díreofar anseo i gCoimisiún na Meán ar na toghcháin agus sláine na dtoghchán thar aon ní eile. Imríonn craoltóirí ról lárnach maidir le conas a chuirtear daoine ar an eolas le linn tréimhsí toghcháin agus dá bhrí sin ní mór dóibh a chinntiú go bhfuil na cláir nuachta agus cúrsaí reatha go léir cothrom, oibiachtúil agus neamhchlaonta. Beidh foilsiú na dtreoirlínte toghcháin inniu ina chuidiú ag craoltóirí lena gcur chuige i leith clár le linn tréimhsí toghcháin agus cuideoidh sé leo a chinntiú go bhfuil a dtuairisciú oscailte agus trédhearcach. Ceapadh na treoirlínte chun cuidiú le craoltóirí a n-oibleagáidí a chomhlíonadh.”

“Taobh leis na treoirlínte seo, táimid ag foilsiú Pacáiste Eolais Toghcháin le heolas a chur ar fáil d’iarrthóirí a bheidh ag seasamh i dtoghcháin in Éirinn maidir le cad is féidir leo a dhéanamh i gcás díobháil ar líne. Táimid i dteagmháil le hardáin ar líne freisin le cinntiú go n-imríonn siad a ról chun sláine na dtoghchán a dhearbhú agus chun a chinntiú gur féidir le daoine fud fad na hÉireann roghanna saora, córa agus feasacha a dhéanamh maidir lena vóta a chaitheamh.”

Leis na Treoir uasdátaithe seo, in ionad an Mhoratóra Craolacháin beidh Ceanglas Cúraim Bhreise le haghaidh craoltóirí le linn Thréimhse Chriticiúil an Toghcháin. Rinneadh an cinneadh sin i ndiaidh do Choimisiún na Meán athbhreithniú a dhéanamh ar an Moratóir. Áiríodh leis an athbhreithniú sin iniúchadh ar thréimhsí ciúnais na dtoghchán i dtíortha eile, suirbhé ar dhearcthaí a rinneadh le Ipsos B&A, agus comhairliúchán poiblí.

Chomh maith le comhairle a chur ar fáil faoin gCeanglas Cúraim Bhreise, moltar sna Treoirlínte freisin nár chóir do chraoltóirí, le linn uaireanta vótaíochta, tuairimíocht a léiriú maidir le toradh an toghcháin, tuairisciú ar shuirbhéanna tuairimí agus pobalbhreitheanna díreach tar éis vótála san áireamh, go dtí go gcuirfear críoch leis an vótáil.

Meabhraítear do chraoltóirí freisin na riachtanais atá le comhlíonadh chun am craolta cothrom a bhaint amach agus toghchán á chlúdach acu, an cosc ar fhógraí polaitiúla agus an riachtanas bearta agus nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le hábhar ar an aer a thagann isteach trí na meáin shóisialta agus chun an riosca a mhaolú go mbeadh domhainbhrionnuithe IS-ghinte ann.

Deirtear sna Treoirlínte seo freisin go bhfuil sé míchuí do dhaoine a bhfuil baint acu le ‘leasanna toghcháin’ cláir a láithriú le linn thréimhse feachtais an toghcháin – tá iarrthóirí i dtoghchán san áireamh le ‘leasanna toghcháin’.

Íoslódáil ár bPacáiste Eolais d’iarrthóirí toghcháin, a cuireadh ar fáil leis An Garda Síochána

Inniu, (8ú Samhain), tá Coimisiún na Meán agus an Garda Síochána tar éis Pacáiste Eolais a fhoilsiú le haghaidh na n-iarrthóirí uilig atá le seasamh san Olltoghchán atá ag teacht aníos. Is é aidhm an phacáiste ná eolas a chur ar fáil maidir le róil an Gharda Síochána agus Choimisiún na Meán, agus le treoir a chur ar fáil d’iarrthóirí maidir leis an méid ba chóir dóibh a dhéanamh nuair atá ábhar nó iompar díobhálach agus/nó mídhleathach le feiceáil acu ar líne.

Sa Phacáiste tá eolas faoi roinnt sórt cásanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an fheachtais agus faoi na bearta is féidir leis na hiarrthóirí a ghlacadh. Cuirtear tuilleadh eolais ar fáil maidir le cearta úsáideoirí faoi Chreat Sábháilteachta ar Líne Choimisiún na Meán agus maidir leis na bealaí tuairiscithe atá le húsáid ar ardáin éagsúla nuair atáthar in amhras faoi ábhar mídhleathach ar líne.

Ina ráiteas inniu, dúirt Leas-Choimisinéir na nOibríochtaí Póilíneachta ag an nGarda Síochána, Shawna Coxon, go bhfuil sé “tábhachtach go mbeadh gach duine ar a gcompord agus iad ag glacadh páirte i bpróiseas an toghcháin, cé acu i láthair go pearsanta nó ar líne. Sin an fáth a bhfuil an Garda Síochána agus Coimisiún na Meán agus obair le chéile chun tacú lenár ndaonlathas trí dhaoine a choinneáil slán ar líne le linn an toghcháin seo.”
Dúirt John Evans, an Coimisinéir Seirbhísí Digiteacha ag Coimisiún na Meán, “Tá sé tábhachtach go mothaíonn daoine go bhfuil sé de chumhacht acu seasamh mar iarrthóir i dtoghchán ar bith gan a misneach a chailliúint mar gheall ar dhrochíde nó iompar mídhleathach ar líne. Táimid ag iarraidh go dtacófaí leis an daonlathas agus le sláine na dtoghchán i dtírdhreach na meán, agus tá súil againn go gcuideoidh an pacáiste eolais seo le hiarrthóirí a gcearta ar líne a thuiscint chomh maith le conas is féidir leo cabhair a fháil, más gá. Táimid i dteagmháil le hardáin ar líne freisin maidir lena gcuid ullmhúchán don toghchán, agus tá súil againn go n-imreoidh siad a ról chun a chinntiú gur féidir le daoine roghanna saora, córa agus feasacha a dhéanamh maidir lena vóta a chaitheamh.”

Glacann Coimisiún na Meán Cód deiridh Sábháilteachta Ar Líne 

Beidh feidhm ag rialacha ceangailteacha sábháilteachta ar líne maidir le hardáin comhroinnte físeán bunaithe in Éirinn

Inniu (21.10.2024), d’fhoilsigh Coimisiún na Meán an Cód críochnaithe Sábháilteachta Ar Líne. Leis an gCód leagtar síos rialacha ceangailteacha a bhaineann le hardáin comhroinnte físeán a bhfuil a gceanncheathrú AE acu in Éirinn. Tiocfaidh na hoibleagáidí ginearálta a fhaightear sa Chód i bhfeidhm ón mhí seo chugainn agus beidh tréimhse chur chun feidhme ag na hardáin d’fhoráil áirithe mionsonraithe, a theastaíonn togáil teicneolaíochta, le teacht le chomhlíontacht. Glacfaidh Coimisiún na Meán cur chuige maoirseachta maidir leis an gCód a fhorfheidhmiú, agus é á áirithiú go gcuirfidh ardáin córais iomchuí chun feidhme chun forálacha an Chóid a chomhlíonadh.

Tríd an gCód tugtar oibleagáidí isteach ar ardáin comhroinnte físeán chun daoine, agus leanaí go háirithe, a chosaint ar fhíseáin agus ábhar gaolmhar díobhálach, lena náirítear:

  • Cosc a chur le hábhar díobhálach a uaslódáil nó a chomhroinnt ar a seirbhísí lena náirítear cibearbhulaíocht, a bheith ag cur féindochar nó féinmharú chun cinn agus neamhoird itheacháin nó bheathaithe a bheith á gcur chun cinn chomh maith le gríosú chun fuatha nó foréigin, sceimhlitheoireacht, ábhar maidir le mí-úsáid gnéis leanaí, ciníochas agus seineafóibe.
  • Úsáid a bhaint as dearbhú aoise ionas nach bhfeicfidh leanaí pornagrafaíocht ná foréigean gan ghá ar líne agus bearta fíoraithe aoise a bheith i bhfeidhm mar is iomchuí.
  • Rialúcháin tuismitheoirí a chur ar fáil le haghaidh ábhar a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh d’fhorbairt fhisiciúil, meabhrach nó mhorálta i bpáistí faoi 16 bliana déag.

Beidh ar na hardáin sin a áirithiú freisin go gcuirfidh siad bealaí ar fáil do dhaoine chun ábhar lena mbristear na rialacha a thuairisciú, agus go ngníomhóidh siad ar na tuairiscí sin i gcomhréir lena gcuid Téarmaí agus Coinníollacha.

Rinneadh eolas d’fhorbairt an Chóid trí ghlao tosaigh ar ionchuir i samhradh na bliana 2023, agus bhí comhairliúchán poiblí iomlán ann ina dhiaidh sin ó mhí na Nollag 2023 go mí Feabhra 2024, rud a fuair nach mór 1400 freagra. Chuathas i gcomhairle freisin leis an gCoiste Comhairleach Óige de chuid Choimisiún na Meán maidir le forbairt an Chóid. Tugadh fógra don Choimisiún Eorpach faoin gCód ansin faoi phróiseas na Treorach um Chóras Faisnéise um Rialacháin Theicniúla (TRIS) chun ailíniú le Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha an Aontais Eorpaigh a áirithiú.

Tá an Cód mar chuid den Chreat foriomlán Sábháilteachta ar Líne de chuid Choimisiún na Meán. Leis an gCreat seo, beidh seirbhísí digiteacha freagrach as an gcaoi a dtugann siad cosaint d’úsáideoirí ar dhíobháil ar líne. Bainfidh an Cód nuashonraithe, agus na codanna eile den Chreat Sábháilteachta ar Líne, cuspóirí an Achta um Shábháilteacht ar Líne agus Rialúchán na Meán amach, rud a fhágfaidh go mbeidh eispéiris níos sábháilte ar líne ag daoine fud fad na hÉireann. Tugtar na huirlisí do Choimisiún na Meán sa Chreat Sábháilteachta ar Líne ina iomláine chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá le díobháil ar líne, lena náirítear infhaighteacht an ábhair neamhdhleathaigh, tionchar díobhálach na gcóras molta, agus cosaintí uireasacha le haghaidh páistí ar sheirbhísí na meán sóisialta.

Dúirt An Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne, Niamh Hodnett: “Le glacadh an Chóid Sábháilteachta Ar Líne cuirtear deireadh le ré fhéinrialúchán na meán sóisialta. Tríd an gCód, leagtar síos rialacha ceangailteacha atá le leanúint ag ardáin comhroinnte físeán chun an díobháil is féidir leo a dhéanamh d’úsáideoirí a laghdú. Oibreoimid chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh daoine ar an eolas faoina gcearta nuair a théann siad ar líne agus tabharfaimid na hardáin chun cuntais agus déanfaimid gníomh nuair nach gcomhlíonann ardáin a noibleagáidí.”

Dúirt Cathaoirleach Feidhmiúcháin Choimisiún na Meán, Jeremy Godfrey: “Le glacadh an Chóid Sábháilteachta Ar Líne, tá na gnéithe uile dár gCreat Sábháilteachta ar Líne i bhfeidhm anois. Díreoimid anois ar an gCreat a chur chun feidhme go hiomlán agus athruithe dearfacha a spreagadh i saol daoine ar líne. Tá an teachtaireacht atá againn do dhaoine soiléir: má thagann tú ar rud éigin is dóigh leat atá mídhleathach nó in aghaidh na rialacha atá ag an ardán féin maidir lena gceadaíonn sé, ba cheart duit é a thuairisciú go díreach don ardán. Tá ár Ionad Teagmhála ar fáil le chomhairle nó treoir a thabhairt do dhaoine má tá cabhair uathu.”

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD: “Fáiltím roimh ghlacadh Coimisiún na Meán lena gcéad Chód Sábháilteachta Ar Líne. Ag tógáil ar an mbunsraith atá leagtha amach san Acht um Shábháilteacht ar Líne agus um Rialáil Meán 2022, is céim mhór chun cinn é an cód seo maidir le sábháilteacht ar líne. Tugann sé isteach fíor-chuntasacht maidir le hardáin comhroinnte físeán ar líne agus ceanglaítear orthu beart a dhéanamh chun iad siúd a úsáideann a n-ardáin a chosaint, lena n-áirítear trí nósanna imeachta láidre um láimhseáil gearán a bheith acu agus fíorú aoise éifeachtach a thabhairt isteach. Déanfaidh sé sinn go léir, ach go háirithe ár bpáistí, níos sábháilte ar líne.”