Tréaslaíonn Coimisiún na Meán le Ainmnithigh agus Buaiteoirí IFTA 

Ba mhaith le Coimisiún na Meán comhghairdeas a dhéanamh le hainmnithe agus buaiteoirí Ghradaim IFTA 2024, a d’óstáil Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann Dé Sathairn. 

D’aimsigh ​​roinnt tionscadal, maoinithe ag Scéim Mhaoinithe Craolacháin Fuaim & Fís Choimisiún na Meán, ainmniúcháin agus duaiseanna ar an oíche. Is scéim mhaoinithe é Sound & Vision do chláir teilifíse agus raidió, maoinithe trí tháille an cheadúnais teilifíse. 

Bhuaigh That They May Face The Rising Sun, oiriúnaithe as úrscéal John McGahern faoin saol faoin tuath in Éirinn, an phríomhdhuais don Scannán is Fearr. Faoi stiúir Pat Collins, eiseofar an scannán i bpictiúrlanna na hÉireann Dé hAoine seo chugainn agus fuair sé maoiniú ó Bhabhta 38 den Scéim. 

Bronnadh Gradam Príomhscannán Faisnéise George Morrison ar The Days of Trees ón stiúrthóir Alan Gilsenan agus an léiritheoir Tomás Hardiman, arna mhaoiniú faoi Bhabhta 31 den Scéim. 

Fógraíodh an t-aisteoir Siobhán Cullen mar Réalt Éirítheach 2024 de chuid Fhís Éireann / Screen Ireland as a róil in Obituary agus The Dry, an dá cheann maoinithe ag Fuaim & Fís. 

Tugann Coimisiún na Meán tacaíocht do Ghradaim IFTA trína Scéim Urraíochta. 

Lorgaíonn Coimisiún na Meán léirithe spéise le haghaidh seirbhísí craolacháin fuaime

Rinne Coimisiún na Meán inniu, (21.03.2024), fógra poiblí a chur ar nuachtán náisiúnta ina n-iarrtar léirithe spéise ar pháirtithe a bhfuil spéis acu i gconradh craolacháin fuaime a bhaint amach i gcomhair aon de na seirbhísí seo a leanas a sholáthar.   

An Mhumhain 

  • Réigiún an Oir-Dheiscirt lena n-áirítear Cathair agus Contae Phort Láirge, Tiobraid Árainn Theas agus Contae Cheatharlach, Contae Chill Chainnigh agus Loch Garman Seirbhís reigiúnach tiomanta ar cheol don aoisghrúpa 15-34 bliain d’aois  

Tá an Conradh, le WKW FM Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Beat 102-103, le dul in éag ar an 30 Márta 2025. 

Treoir agus Foirm 

  • Contae Chiarraí Seirbhís áitiúil i bhformáid leathan  

Tá an Conradh, le Raidió Chiarraí Teoranta faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Radio Kerry, le dul in éag ar an 9 Aibreán 2025. 

Treoir agus Foirm 

  • Cathair agus Contae Chorcaí – tá dhá sheirbhís ag feidhmiú faoi chonradh aonair, mar seo a leanas: 
  1. Seirbhís áitiúil i bhformáid leathan ag craoladh mar C103. 
  1. Seirbhís áitiúil tiomanta ar cheol don aoisghrúpa 25-44 bliain d’aois ag craoladh mar Cork’s 96FM. 

Tá an Conradh, le County Media Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhísí thuasluaite, le dul in éag ar an 30 Aibreán 2025. 

Treoir agus Foirm 


Connacht-Ulaidh 

  • Tuaisceart Dhún na nGall – Seirbhís áitiúil i bhformáid leathan  

Tá an Conradh, le Donegal Highland Radio Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Highland Radio, le dul in éag ar an 30 Márta 2025. 

Treoir agus Foirm 

  • Contae Shligigh, Liatroma Thuaidh agus Deisceart Dhún na nGall – Seirbhís áitiúil i bhformáid leathan  

Tá an Conradh, le North West Broadcasting Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Ocean FM, le dul in éag ar an 30 Márta 2025. 

Treoir agus Foirm 


Laighin seachas Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath 

  • Contae Chill Chainnigh agus Contae Cheatharlach – Seirbhís áitiúil i bhformáid leathan  

Tá an Conradh, le C.K. Broadcasting Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse KCLR 96FM, le dul in éag ar an 21 Aibreán 2025. 

Treoir agus Foirm 

  • Contae Laoise, Contae Uíbh Fhailí agus Contae na hIarmhí – Seirbhís áitiúil i bhformáid leathan  

Tá an Conradh, le Midlands Community Radio Services Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Midlands 103, le dul in éag ar an 30 Márta 2025. 

Treoir agus Foirm 


Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath 

  • Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath – Seirbhís áitiúil tiomanta ar cheol don aoisghrúpa atá 15-34 bliain d’aois 

Tá an Conradh, le Bauer Audio Ireland Limited ar son Bauer Audio Ireland LP faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Spin 103.8, le dul in éag ar an 5 Aibreán 2025. 

Treoir agus Foirm 

  • Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath – Seirbhís áitiúil tiomanta ar cheol sainréimse 

Tá an Conradh, le Star Broadcasting Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Sunshine 106.8, le dul in éag ar an 30 Márta 2025. 

Treoir agus Foirm 

Ba cheart do pháirtithe leasmhara Treoir um Léirithe Spéise a léamh go cúramach agus ansin an fhoirm um Léirithe Spéise a chomhlánú ina hiomláine don tseirbhís nó do na seirbhísí ábhartha. Tá na Treoracha agus na Foirmeacha i gcomhair na seirbhísí craolacháin fuaime seo ar fáil  ar na naisc thuasluaite  nó ar iad a iarraidh ó licensing@cnam.ie nó glaoch ar 01 644 1200).  

Ba cheart d’iarratasóirí nua tagairt a dhéanamh don Treoir Tháscach maidir le Ceadúnú Iomaíoch anseo

Aon pháirtithe ar spéis leo léirithe spéise a chur faoi bhráid an Choimisún, déanaidís amhlaidh faoi 12 meán lae Dé Luan, an 20 Bealtaine 2024.  

Tugann Coimisiún na Meán achoimre ar an gcaoi gur féidir le heintitis a bhfuil suim acu ann cur isteach ar stádas an Chomharthóra Iontaofa

Faoi Alt 22 den Acht um Sheirbhísí Digiteacha, is féidir le Coimisiún na Meán stádas an Chomharthóra Iontaofa a bhronnadh. Oibreoidh Comharthóirí Iontaofa laistigh de réimsí ainmnithe saineolais chun ábhar mídhleathach a shainaithint. Nuair a shainaithníonn Comharthóir Iontaofa ábhar mídhleathach, is féidir leis fógra a chur faoi bhráid an ardáin ar líne ábhartha. Beidh dualgas ar ardáin ar líne de réir dlí tús áite a thabhairt dá bhfógraí, agus na tuarascálacha seo a phróiseáil agus cinntí a dhéanamh ina leith gan moill mhíchuí.

Is féidir le comhlachtaí, mar shampla eagraíochtaí neamhrialtasacha, cónaidhmeanna tionscail agus comhlachais trádála, baill de líonraí seanbhunaithe na seiceálaithe fíricí, ceardchumainn, eintitis phoiblí neamhrialála agus comhlachtaí príobháideacha nó leathphoiblí, a bheith ina gComharthóirí Iontaofa.

Le bheith ina Chomharthóir Iontaofa, ní mór don chomhlacht iarrthach:

  • an saineolas agus an cumas a bheith aige ábhar mídhleathach a aimsiú, a shainaithint agus a chur in iúl;
  • a bheith neamhspleách ó aon soláthróir ardán ar líne;    
  • a chuid oibre a dhéanamh sa chaoi is go bhféadfadh sé fógraí a chur isteach go dúthrachtach, go cruinn agus go hoibiachtúil.

Is féidir le Coimisiún na Meán  stádas an Chomharthóra Iontaofa a bhronnadh ar eagraíochtaí a chomhlíonann na coinníollacha thuas agus táthar ag spreagadh eintitis cháilithe le cur isteach air. Le deireanaí, d’fhoilsíomar treoir agus foirm iarratais ar ár suíomh gréasáin agus moltar d’eagraíochtaí a bhfuil suim acu inti an treoir seo a léamh agus dul i dteagmháil le trustedflaggerapplications@cnam.ie le haon cheist atá acu.

Foilsíonn Coimisiún na Meán treoirlínte maidir le clúdach craolacháin reifreann

Tá Treoirlínte foilsithe ag Coimisiún na Meán inniu (14.02.2024) maidir le Clúdach Craolacháin Reifreann.  Tá na Treoirlínte foilsithe roimh na reifrinn ar an 39ú agus an 40ú Leasú ar an mBunreacht atá le bheith ar siúl ar an 8 Márta. Cuirtear na Treoirlínte i bhfeidhm le héifeacht láithreach agus baineann siad le clúdach na reifreann go dúnadh na stáisiún vótála ar an 8 Márta 2024.  

Forbraíodh na Treoirlínte de thoradh fhorálacha Chód maidir le Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht i gCláir Nuachta agus Cúrsaí Reatha Chód maidir le Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht i gCláir Nuachta agus Cúrsaí Reatha  agus cuireann siad treoir agus comhairle ar fáil do chraoltóirí faoin mbealach ar féidir cothroime, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a bhaint amach ina gclúdach d’fheachtais reifreann.

I measc na gcúrsaí a chumhdaítear sna Treoirlínte atá na bealaí éagsúla inar féidir cothroime, oibiachtúlacht agus neamhchlaontachta a bhaint amach, coinbhleachtaí leasa a bhainistiú, fógraíocht pholaitiúil a thoirmeasc, agus pobalbhreitheanna a chlúdach. Pléitear cúrsaí eile lena n-áirítear ionchuir beo ar an aer trí na meáin shóisialta, toirmeasc ar láithreoirí lucht éisteachta nó lucht féachana a spreagadh chun vótáil i bhfabhar nó in aghaidh aon toraidh ar leith sna reifrinn, agus an dualgas le fógraí a dhéantar thar ceann An Choimisiúin Toghcháin (the Electoral Commission) a chur i láthair.

Spreagann na Treoirlínte craoltóirí chun réimse guthanna agus tuairimí a áireamh ina gclúdach, lena n-áirítear meascán de thuairimí a léiríonn éagsúlacht chultúrtha inscne agus shóisialta. Mar a bhí i gceist le treoirlínte roimhe seo, tiocfaidh moratóir ar chlúdach i bhfeidhm ó 2pm ar an lá roimh vótáil agus cuirfear deireadh leis tar éis dhúnadh na stáisiún vótála ar lá na ballóide.

Ag labhairt faoi fhoilsiú na dTreoirlínte, dúirt an Coimisinéir Craoltóireachta, Celene Craig: “Le linn na bhfeachtas reifreann agus díreach go dúnadh na vótaíochta ar an 8 Márta, ní mór do chraoltóirí a chinntiú go mbeidh clúdach na reifreann cóir agus cothrom do na leasanna uile lena mbaineann. Áirítear sna Treoirlínte a foilsíodh inniu béim láidir ar an mbealach inar féidir cothroime, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a bhaint amach, agus ar an mbealach a bhfuil níos mó i gceist leis seo ná breithniú ama craolta do ghrúpaí feachtais. Tá fonn ar Choimisiún na Meán béim a leagan nach n-áirítear leis seo riachtanas le haghaidh cothrom saorga. Leagann na Treoirlínte béim ar an mbealach a mbeadh freastal níos fearr ar an lucht éisteachta agus ar an lucht féachana trí chur chuige clúdaigh nach cur chuige sáraíochta go hiomlán é, agus a leagann béim ar na saincheisteanna i reifreann.”

CRÍOCH 

  • Na Treoirlínte Maidir le Clúdach Reifreann ar fáil le híoslódáil anseo.
  • An Cód maidir le Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht ar fáil le híoslódáil anseo.

Figiúirí JNLR is déanaí foilsithe

Tá an tuairisc JNLR/Ipsos is déanaí de chuid MRBI maidir le lucht éisteachta raidió in Éirinn foilsithe inniu (08.02.24).

Thar ceann Choiste JNLR tá preaseisiúint do na meáin agus táblaí faisnéise achoimrithe ar fáil le híoslódáil anseo (Béarla).

CRÍOCH

Tabhair faoi deara:

Ba cheart fiosruithe do na meáin maidir le clár nó feidhmiú stáisiúin ar leith a chur chuig IPSOS MRBI nó chuig an gcraoltóir iomchuí.

Tá Lá na Sábháilteachta Idirlín 2024 á chomóradh ag Coimisiún na Meán

Bíonn Lá na Sábháilteachta Idirlín ar siúl gach Feabhra chun feasacht a ardú ar idirlíon níos sábháilte agus níos fearr do chách, agus go háirithe do leanaí agus do dhaoine óga.

Is é 6 Feabhra 2024 an 21ú bliain de Lá na Sábháilteachta Idirlín, agus an chéad Lá na Sábháilteachta Idirlín ó bunaíodh Coimisiún na Meán agus ceapadh an chéad Choimisinéir um Shábháilteacht Ar Líne in Éirinn, Niamh Hodnett. I mbliana, tá Coimisiún na Meán ag tacú le feachtas Webwise ar an téama ‘Teicneolaíocht inár ndomhan’, ag fiosrú tuairimí daoine óga ar ról na teicneolaíochta ina saol, athruithe atá tagtha chun cinn le déanaí agus forbairtí teicneolaíochta agus athruithe ba mhaith le daoine óga a fheiceáil.

Dúirt an Coimisinéir Sábháilteachta Ar Líne Niamh Hodnett:

“Tá lúcháir orm tacú le Lá na Sábháilteachta Idirlín na bliana seo, ar deis iontach é machnamh a dhéanamh ar an obair atá á déanamh ar fud an domhain chun domhan ar líne níos sábháilte a chruthú, go háirithe do leanaí. Tá muidne ag Coimisiún na Meán réidh lenár bpáirt a ghlacadh trínár gCreat Sábháilteachta Ar Líne a chur i bhfeidhm, mar chuid de Líonra Domhanda na Rialtóirí Sábháilteachta Ar Líne agus lenár gcomhghleacaithe i mBallstáit eile an AE tríd an mBord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha. Ó thosaigh mé ar mo ról i mí an Mhárta anuraidh, chuala mé ó raon leathan grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar leanaí agus daoine óga, lena n-áirítear ár gCoiste Comhairleach Óige féin, agus táimid ag tnúth le tionchar dearfach a imirt ar a son.”

Tá Coimisiún na Meán ag cur a Chreat Sábháilteachta Ar Líne i ngníomh in 2024. Cuirfidh sé seo deireadh le ré an fhéinrialaithe agus beidh ardáin ar líne cuntasach as an gcaoi a gcoimeádann siad a n-úsáideoirí, go háirithe leanaí, sábháilte ar líne. Tiocfaidh píosaí éagsúla reachtaíochta le chéile chun an creat foriomlán sábháilteachta ar líne seo a fhoirmiú:

  • An tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022, an bonn do Chód Sábháilteachta Ar Líne an Choimisiúin
  • An Treoir um Sheirbhísí Meán Closamhairc ón AE
  • An tAcht um Sheirbhísí Digiteacha an AE (infheidhmithe go hiomlán ón 17 Feabhra 2024)
  • An Rialachán AE um Ábhar Sceimhlitheoireachta Ar Líne

Leanann Coimisiún na Meán de bheith ag tacú le Litearthacht sna Meáin, Éire agus leis an bhFeachtas Bíodh Tuiscint Agat Ar Na Meáin, lena chinntiú go bhfuil na scileanna agus an mhuinín ag gach duine in Éirinn chun rochtain a fháil ar fhaisnéis ar líne, chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn seirbhísí digiteacha agus chun na rioscaí ar féidir le daoine aghaidh a thabhairt orthu ar líne a bhainistiú.

Comhordaíonn Ionad Idirlín Níos Sábháilte, Éire, Lá na Sábháilteachta Idirlín. Is comhpháirtíocht é idir Webwise, ISPCC, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí Bunscoile agus Hotline.ie, a sholáthraíonn raon seirbhísí sábháilteachta comhlántacha ar líne, lena n-áirítear ionad oideachais agus feasachta, línte cabhrach do leanaí agus do thuismitheoirí, agus beolíne. Comhordaíonn an Roinn Dlí agus Cirt an tIonad agus cómhaoiníonn an tAontas Eorpach é.

Litir chuig an eagarthóir maidir le bearta fíoraithe aoise agus tráchtaireacht na meán maidir le dréacht Chód Sábháilteachta ar Líne

Cóip de litir a sheol an Cathaoirleach Feidhmiúcháin Jeremy Godfrey chuig eagarthóir an Irish Times ar 25 Eanáir.

Tugann colún teicneolaíochta Karlin Lillington ón 25 Eanáir drochléiriú ar mholtaí Choimisiún na Meán maidir leis na bearta fíoraithe aoise atá in úsáid ag ardáin chomhroinnte físeán.

Cuireann sí ina leith go bhfuilimid ag moladh clár d’úsáideoirí pornagrafaíochta a chruthú agus ag maíomh ar líne, gan bhunús, go mbeadh ar dhaoine a ndoiciméid aitheantais agus scanadh aghaidhe a uaslódáil, agus go gcoimeádfadh suíomhanna pornagrafaíochta an fhaisnéis seo ar feadh sé bliana. Maíonn sí go fiú go bhféadfadh go mbeadh ar dhaoine nach bhfuil ach ag iarraidh féachaint ar fhíseáin de chait seo a dhéanamh freisin.

Deir sí go mbeadh a leithéid de mholadh ar mire glan. Aontaímid. Agus sin an chúis nach ndearnamar breith air ná a mholadh.

Tá neart fianaise ann den dochar a dhéanann rochtain éasca ar phornagrafaíocht ar líne do pháistí, ach níor mhór do bhearta a laghdaíonn an rochtain seo meas a léiriú ar phríobháideachas úsáideoirí agus ba chóir dóibh a laghad cur isteach agus is féidir a dhéanamh ar chumas daoine fásta breathnú ar ábhar atá dleathach.

Tá comhairliúchán ar bun ag Coimisiún na Meán maidir le dréacht de Chód Sábháilteachta ar Líne le haghaidh ardáin chomhroinnte físeán, lena n-áirítear bearta fíoraithe aoise. An moladh atá againn ná nár chóir d’ardáin chomhroinnte físeán lonnaithe in Éirinn ábhar pornagrafaíochta a thaispeáint d’úsáideoirí d’aon turas, ach amháin sa chás go bhfuil sé deimhnithe acu go bhfuil an t-úsáideoir ina dhuine fásta.

Ní cheadaíonn an chuid is mó d’ardáin in Éirinn pornagrafaíocht, agus ní bheidh impleachtaí ag an moladh seo dóibh nó dá n-úsáideoirí. Ní bheadh ach ar ardáin a cheadaíonn pornagrafaíocht aois a n-úsáideoirí atá ag iarraidh breathnú uirthi a fhíorú. Ní bheadh ar úsáideoirí nach bhfuil suim acu ach i bhfíseáin de chait a n-aois a fhíorú.

Nílimid ag moladh go mbeimid forordaitheach maidir leis an modh fíoraithe aoise a bheidh in úsáid ag ardáin sula dtaispeántar ábhar pornagrafaíochta d’úsáideoirí. Is iad na hardáin a roghnóidh modh a chinntíonn nach bhfuil rochtain ag páistí ar phornagrafaíocht, agus is iad na hardáin a chuirfidh seo i bhfeidhm ar bhealach a chloíonn le RGCS. Modh amháin atá i ndoiciméid agus/nó féinín beo a uaslódáil, nuair atá cosaintí príobháideachais cuí ag gabháil leo.

Ach ní leor iarraidh ar úsáideoir a dhearbhú go bhfuil siad thar 18 mbliana d’aois le stop a chur le páistí rochtain a fháil ar phornagrafaíocht. Is cúis imní forleathan é seo ar fud na hEorpa, agus baineann sé le suíomhanna do dhaoine fásta i mBallstáit eile. Mar sin de, táimid ag obair leis an gCoimisiún Eorpach agus lenár gcomheagraíochtaí ar fud na hEorpa lena chinntiú go bhfuil cur chuige uile-Eorpach i bhfeidhm le tabhairt faoin saincheist seo.

Táimid tiomanta do shábháilteacht ar líne a fheabhsú, mar chuid de thírdhreach rathúil, éagsúil agus sábháilte meán. Cé go bhfuil difear ann idir craoltóir ceadúnaithe a rialú agus ardáin ar líne a rialú, tá an sprioc céanna ann, agus is é sin go bhfuil rochtain ag luchtanna féachana ar ábhar iolraíoch atá ábhartha ó thaobh cultúir de, ó thaobh na teangeolaíochta de agus go sóisialta, agus iad cosanta ó dhíobháil. Táimid dírithe ar ár misean a bhaint amach ar mhaithe le gach duine in Éirinn agus leo siúd ar fud na hEorpa.

Celene Craig chun éirí as a ról mar Choimisinéir Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh

Tar éis breis agus tríocha bliain ag obair i rialáil na meán, tá cinneadh déanta ag Celene Craig gan téarma iomlán cúig bliana a lorg mar Choimisinéir Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh nuair a rachaidh a téarma reatha in éag i mí an Mhárta i mbliana.

Cheap an tAire, Catherine Martin, Celene, a bhí ina Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann, ina Coimisinéir Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh ar feadh buntéarma bliana nuair a bunaíodh Coimisiún na Meán i mí an Mhárta 2023, faoi fhorálacha an Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022.

Cuirfear deireadh le téarma Celene mar Choimisinéir an 15 Márta 2024. Tá ról an Choimisinéara Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh á fhógairt anois ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a reáchtálann an próiseas earcaíochta. Ba chóir aon cheisteanna breise faoin bpróiseas a chur chuig an Roinn nó chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Dúirt Jeremy Godfrey, Cathaoirleach Feidhmiúcháin Choimisiún na Meán:

“Tá Celene ina crann taca ar rialáil na meán in Éirinn le breis agus tríocha bliain anuas. Le linn a gairmréime, chuir sí go mór le forbairtí reachtaíochta agus beartais san earnáil in Éirinn agus san Eoraip. Le bliain anuas, bhí sí go fial ag roinnt a cuid eolais dhosháraithe ar thírdhreach na meán agus muid tar éis an t-aistriú ó Údarás Craolacháin na hÉireann go Coimisiún na Meán a dhéanamh. Cronóidh na Coimisinéirí eile agus mé féin, chomh maith lenár gcomhghleacaithe go léir ag Coimisiún na Meán, a nádúr gnaíúil, cairdiúil. Guímid gach rath uirthi don todhchaí.”

Seo mar a labhair Celene Craig, Coimisinéir Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh:

“I ndiaidh gairmréim thar a bheith taitneamhach ag Coimisiún na Meán, Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI), Coimisiún Craolacháin na hÉireann (BCI) agus an Coimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách (IRTC), tá cinneadh déanta agam seasamh siar ó ról an Choimisinéara Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh. Bhí sé de phribhléid agam obair ar thús cadhnaíochta in earnáil na meán atá ag athrú ó bhonn ar leibhéal na hÉireann agus ar leibhéal na hEorpa araon.  Le blianta beaga anuas, bhain mé an-sásamh as cur le creat rialála nua sábháilteachta ar líne na hÉireann a mhúnlú agus as an BAI a threorú isteach sa chomhlacht rialála nua.  Bhí sé de phribhléid agam páirt a ghlacadh le mo chomh-choimisinéirí agus mo chomhghleacaithe i mbunú agus in oibríochtú Choimisiún na Meán sa chéad bhliain spreagúil den bhunú.  Molaim a ngairmiúlacht, a ndíograis agus a dtiomantas do na tascanna atá idir lámha agus guím gach rath orthu ina gcuid oibre amach anseo. Táim ag súil go mór leis An Coimisiún a fheiceáil ag fás agus ag forbairt sna blianta amach romhainn agus ag soláthar tírdhreach na meán atá éagsúil, rathúil agus sábháilte.”

CRÍOCH

Ainmníonn Coimisiún na Meán Seirbhísí Ardáin Comhroinnte Físeán 

Inniu (09.01.24) d’fhoilsigh Coimisiún na Meán, comhlacht nua na hÉireann um rialáil craoltóirí, seirbhísí ar éileamh, agus na meán ar líne, agus um thacú le forbairt na meán, sonraí  a bhaineann le hainmniúchán deich seirbhís mar sheirbhísí ainmnithe ardáin comhroinnte físeán.  

Críochnaíodh an próiseas ainmniúcháin do na seirbhísí seo le linn mhí na Nollag 2023. 

Is iad seo a leanas na seirbhísí ainmnithe: 

Is féidir an dréacht-Chód Sábháilteachta Ar Líne, atá faoi réir comhairliúchán poiblí faoi láthair, a chur i bhfeidhm ar na seirbhísí seo. Beidh an Cód deiridh mar chuid de chreat foriomlán sábháilteachta ar líne na hÉireann. Leis an gcreat sin, beidh réimse seirbhísí ar líne freagrach go dlíthiúil as an gcaoi a gcoimeádann siad daoine sábháilte ar líne. Tá an creat sin bunaithe ar an Acht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022, ar Acht an Aontais Eorpaigh um Sheirbhísí Digiteacha agus ar Rialachán an AE maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne. 

CRÍOCH 

Teagmhálaí do na meáin: Joanne Ahern/ Síona Cahill, DHR Communications, Teil: 087-9881837/ 087-7530255 

Gach ceist eile: Coimisiún na Meán, 01-6441200. 

Maidir le Coimisiún na Meán: 

Coimisiún nua na hÉireann chun craoltóirí, seirbhísí ar éileamh agus na meáin ar líne a rialáil, agus chun tacú le forbairt na meán is ea Coimisiún na Meán. Bunaíodh é i mí an Mhárta 2023 faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta Ar Líne agus na Meán, 2022, agus tógann sé ar obair a réamhtheachtaí, Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá sé freagrach as tírdhreach rathúil agus éagsúil meán a chinntiú agus a choinneáil ar bun in Éirinn a éascaíonn meascán guthanna, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha, chomh maith le timpeallacht ar líne atá sábháilte. 

Is iad seo a leanas a chuid freagrachtaí: 

  • Maoirseacht a dhéanamh ar mhaoiniú earnáil na meán i gcoitinne in Éirinn agus tacú le forbairt na hearnála sin. 
  • Maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físeáin ar éileamh. 
  • Córas rialála na hÉireann maidir le sábháilteacht ar líne a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú. 

Maidir le hainmniúchán: 

Faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta Ar Líne agus na Meán, 2022, tá Coimisiún na Meán freagrach as ardáin comhroinnte físeán a bhfuil a mbunáit AE acu in Éirinn a rialáil.  

De réir an dlí, ceanglaítear ar Choimisiún na Meán seirbhísí ardáin comhroinnte físeán, a bhfuil a soláthraí faoi dhlínse an Stáit, a ainmniú mar chatagóir seirbhísí a bhféadfar cód sábháilteachta ar líne a chur i bhfeidhm orthu. Foilsíodh fógra faoin ainmniú sin ar an 14 Lúnasa 2023 agus tháinig an t-ainmniú i bhfeidhm ar an 11 Meán Fómhair 2023. Ní mór do Choimisiún na Meán freisin aon seirbhís ábhartha ar líne a ainmniú mar sheirbhís ainmnithe a dhealraíonn a bheith ina Sheirbhís Ardáin Comhroinnte Físeán i gcás ina bhfuil soláthraí na seirbhíse sin faoi dhlínse an Stáit.  

Conarthaí craoltóireachta fuaime nua sínithe ag Coimisiún na Meán 

D’fhógair Coimisiún na Meán conarthaí craoltóireachta fuaime nua do sheirbhísí raidió formáide leithne áitiúla a fhreastalaíonn ar éisteoirí sna contaetha seo a leanas: Gaillimh, an Lú agus an Mhí, Maigh Eo, Port Láirge agus an Clár. 

  • Galway Bay FM  
  • LMFM 
  • Midwest Radio  
  • WLR FM  
  • Clare FM 

Shínigh gach craoltóir thuas conarthaí nua deich mbliana idir mí Lúnasa agus mí na Nollag 2023, i ndiaidh próiseas ceadúnaithe a thosaigh réamhtheachtaí an Choimisiúin, Údarás Craolacháin na hÉireann.    

Dúirt an Coimisinéir Craoltóireachta, Celene Craig, an méid seo a leanas: “Tá ríméad ar Choimisiún na Meán conarthaí nua deich mbliana a dhéanamh leis na craoltóirí seo, atá i ndiaidh a bheith ag soláthar réimse éagsúil ábhair áitiúil ar ardchaighdeán dá n-éisteoirí ina gcuid réimsí saincheadúnais faoi seach, ábhar a chuireann siamsaíocht agus faisnéis ar fáil. Guím gach rath ar gach stáisiún le linn a dtéarma conartha nua.” 

“Tá an Coimisiún tiomanta do chabhrú le héagsúlacht seirbhísí agus réimse roghanna seirbhíse a choimeád d’éisteoirí raidió ar fud na hÉireann agus táimid ag súil le leanúint ar aghaidh lenár ngníomhaíochtaí ceadúnaithe san athbhliain.” 

CRÍOCH 

Teagmhálaí Meán Coimisiún na Meán: Síona Cahill / Joanne Ahern, DHR Communications. Teil: 087-753 0255 / 087-9881837 

Nótaí d’Eagarthóirí 

  • Tá Galway Bay FM á oibriú ag Western Community Broadcasting Services Limited agus rinne sé a chonradh nua a shíniú ar an 10 Lúnasa 2023. 
  • Tá LMFM á oibriú ag Independent Broadcasting Corporation Limited agus rinne sé a chonradh nua a shíniú ar an 16 Deireadh Fómhair 2023. 
  • Tá Midwest Radio á oibriú ag County Mayo Radio Limited agus rinne sé a chonradh nua a shíniú ar an 23 Deireadh Fómhair 2023. 
  • Tá WLR FM á oibriú ag South East Broadcasting Company Limited agus rinne sé a chonradh nua a shíniú ar an 6 Nollaig 2023. 
  • Tá Clare FM á oibriú ag Clare Community Radio Holdings Plc agus rinne sé a chonradh nua a shíniú ar an 19 Nollaig 2023. 

Maidir le Coimisiún na Meán: 

Coimisiún nua na hÉireann chun craoltóirí, seirbhísí ar éileamh agus na meáin ar líne a rialáil, agus chun tacú le forbairt na meán is ea Coimisiún na Meán. Bunaíodh é i mí an Mhárta 2023 faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne 2022, agus tógann sé ar obair a réamhtheachtaí, Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá sé freagrach as tírdhreach rathúil agus éagsúil meán a chinntiú agus a choinneáil ar bun in Éirinn a éascaíonn meascán guthanna, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha, chomh maith le timpeallacht shábháilte ar líne. Is iad seo a leanas a chuid freagrachtaí: 

  • Maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físeáin ar éileamh. 
  • Maoirseacht a dhéanamh ar mhaoiniú earnáil na meán i gcoitinne in Éirinn agus tacú le forbairt na hearnála sin. 
  • Córas rialála na hÉireann maidir le sábháilteacht ar líne a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú.