Spriocdháta Sínte – Glao ar Ionchuir ar Fhorbairt an Chéad Chóid um Shábháilteacht Ar Líne

Ar an 11 Iúil 2023, d’fhoilsigh Coimisiún na Meán Glao ar Ionchuir, dar teideal Sábháilteacht Ar Líne – An Chéad Chód Ceangailteach um Shábháilteacht Ar Líne in Éirinn maidir le Seirbhísí Ardáin Comhroinnte Físeáin a Fhorbairt.

Tar éis iarratais a fháil ó eagraíochtaí tionscail agus na sochaí sibhialta, tá sé comhaontaithe ag an gCoimisiún síneadh a chur leis an spriocdháta. Is é Dé Luain 4 Meán Fómhair 2023 an spriocdháta nua le haghaidh aighneachtaí.

Is féidir aighneacht a dhéanamh chuig VSPSregulation@cnam.ie agus tá cóip den Ghlao ar Ionchuir le fáil anseo.

Babhta Maoinithe chun Tacú le Raidió Neamhspleách Tráchtála Fógraithe

Tá Coimisiún na Meán ag glacadh le hiarratais anois ó Stáisiúin Raidió Tráchtála Neamhspleách ar mhaoiniú faoi bhabhta maoinithe forbartha den Scéim Sound & Vision.

Tá an tionscnamh maoinithe seo á chur i bhfeidhm mar fhreagra ar iarratas ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, TD, a fuair €2.5 milliún breise do Scéim Fuaim & Fís Coimisiún na Meán chun tacú leis an mbabhta.

Tá sé mar aidhm ag an mbabhta seo maoiniú a thairiscint do stáisiúin Raidió Tráchtála Neamhspleách chun ábhar cláir nua agus breise a fhorbairt agus a tháirgeadh dá lucht féachana. I gcomhairle le Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann (“IBI”), tá roinnt réimsí straitéiseacha aitheanta ag Coimisiún na Meán le haghaidh clár den sórt sin a sheachadfaidh cuspóirí an chiste ach a chuideoidh freisin le riachtanais forbartha agus cláir na stáisiún agus a chinnteoidh go mbeidh aon ábhar ann. Tá an táirgeadh ábhartha agus cuireann sé le fealsúnacht agus sceideal clár uathúil gach craoltóra. Áirítear orthu sin Litearthacht sna Meáin, Claochlú Digiteach, tionscnaimh Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht chomh maith le Pobail agus Pobail Sainspéise a Fhorbairt.

Molann an Coimisiún go láidir do chraoltóirí smaointe a chur chun cinn maidir le cláir chruthaitheacha, nuálaíocha agus bhreise a mbeidh ábhar luachmhar mar thoradh orthu don stáisiún/do na stáisiúin agus don lucht éisteachta, lena n-áirítear mionlaigh agus daoine óga.

Tá Treoir d’Iarratasóirí ar fáil anseo.

Tá Foirm Iarratais ar fáil anseo.

Is é meán lae an 31 Lúnasa 2023 an dáta deiridh chun iarratais chomhlánaithe a fháil.

Tá seimineár eolais agus ceardlann d’iarratasóirí á n-eagrú le Learning Waves Skillnet, an mol oiliúna & líonraithe a sholáthraíonn Oiliúint Sainiúil don Earnáil Raidió Neamhspleách. Déanfar teagmháil le gach iarratasóir incháilithe.

Le tuilleadh eolais a fháil faoin mbabhta seo, déan teagmháil le do thoil le bfurey@cnam.ie

Seolann Coimisiún na Meán feachtas earcaíochta do raon ról 

Leanfaidh coimisiún nua na meán ag fostú ar bhonn rollach i rith na bliana – 120 le h-earú ar dtús báire

Tá feachtas earcaíochta seolta ag Coimisiún na Meán, rialtóir meán nua na hÉireann agus gníomhaireacht forbartha meán na hÉireann, chun baill foirne shinsearacha a bheith mar bhall dá fhoireann. Bunaithe chun cur le hobair a réamhtheachtaí, Údarás Craolacháin na hÉireann, tá an Coimisiún ag earcú do róil stiúrthóra agus bhainistíochta i raon príomhréimsí chun cabhrú leis a phleananna chun sábháilteacht ar líne a fheabhsú a chur i gcrích, agus chun rialú agus tacaíocht a thabhairt dó earnáil na meán.

Mar atá leagtha amach ina Chlár Oibre tosaigh, áirítear ar ghníomhaíochtaí a mbeidh An Coimisiún ag gabháil dóibh sa bhliain atá romhainn forbairt an chéad chód sábháilteachta ar líne atá ceangailteach in Éirinn; seirbhísí ar-éileamh agus meáin chraolta a rialáil; tacaíochtaí maoinithe nua a fhorbairt d’earnáil na meán níos leithne; straitéis a fhorbairt chun inscne, comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú sna meáin a chur chun cinn, agus athbhreithniú a dhéanamh ar sheirbhísí Gaeilge.

Tá An Coimisiún fostaithe thar raon réimsí a dhéileálann le tírdhreach foriomlán na meán, beartas rialála, maoirseacht agus imscrúduithe ar ardáin, tacaíocht d’úsáideoirí maidir le hábhar craolta nó ar líne, Acmhainní Daonna agus TF.  Beidh deis ag na hiarrthóirí rathúla ról lárnach a bheith acu chun an treo a mhúnlú agus cur chuige na rannán laistigh den rialtóir agus cabhróidh sé le forbairt leanúnach struchtúir, tionscnamh agus próisis nua le linn na céime tosaigh seo don eagraíocht.

Dúirt Cathaoirleach Feidhmiúcháin Choimisiún na Meán Jeremy Godfrey, “Tá Coimisiún na Meán tiomanta do thírdhreach rathúil, éagsúil agus slán ar líne agus ar na meáin. Ag tógáil ar obair agus ar shainchúram UCÉ, táimid sa chéim tosaithe faoi láthair, agus beidh timpeall 120 comhghleacaí nua á bhfostú againn ar gach leibhéal sa bhliain atá romhainn. Ligfidh sé seo dúinn a bheith ag feidhmiú go hiomlán faoi thús 2024.

“Is tréimhse thar a bheith spreagúil é seo le bheith ag obair leis an gCoimisiún agus tá áthas orainn a bheith ag earcú do raon ról a thacóidh le seachadadh ár gcuspóirí straitéiseacha. Táimid ag iarraidh anois cloisteáil ó iarrthóirí a bhfuil na scileanna agus an taithí oiriúnach acu chun cabhrú linn dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn, agus, ag an gcéim ríthábhachtach seo, lenár n-eagraíocht a fhás agus a mhúnlú.”

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na deiseanna atá ar fáil agus conas iarratas a dhéanamh, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Choimisiún an Mheáin.

CRÍOCH

Teagmháil Meáin: Joanne Ahern / Síona Cahill, DHR Communications, Tel: 087-9881837 / 087-7530255.

Nóta d’Eagarthóirí:

  • Tá an Cathaoirleach Feidhmiúcháin, Jeremy Godfrey ar fáil le haghaidh agallaimh, arna iarraidh.

Faoi Coimisiún na Meán:

Is é Coimisiún na Meán coimisiún nua na hÉireann chun craoltóirí, seirbhísí ar-éileamh agus na meáin ar líne a rialáil, agus chun tacú le forbairt na meán. Bunaithe i mí an Mhárta 2023 faoin Acht um Shábháilteacht ar Líne agus um Rialáil Meáin 2022, tógann sé ar obair a réamhtheachtaí, Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá sé freagrach as tírdhreach meán rathúil agus éagsúil na hÉireann a chinntiú agus a chothabháil a éascaíonn meascán de ghuthanna, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha, chomh maith le timpeallacht shábháilte ar líne.

Is iad a fhreagrachtaí ná:

  • Maoirseacht a dhéanamh ar mhaoiniú earnáil na meán níos leithne in Éirinn agus tacú lena forbairt.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físeáin ar éileamh.
  • Córas rialála na hÉireann a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú maidir le sábháilteacht ar líne.

Tá tuairimí á lorg ag Coimisiún na Meán maidir le forbairt na chéad Chóid cheangailtigh um Shábháilteacht ar Líne in Éirinn

SPRIOCDHÁTA SÍNTE: Tar éis iarratais a fháil ó eagraíochtaí tionscail agus na sochaí sibhialta, tá sé comhaontaithe ag an gCoimisiún síneadh a chur leis an spriocdháta. Is é Dé Luain 4 Meán Fómhair 2023 an spriocdháta nua le haghaidh aighneachta.

Tá Coimisiún na Meán, an rialtóir nua meán agus gníomhaireacht forbartha meán in Éirinn, ag lorg tuairimí ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara eile chun bonn eolais a chur faoin gcéad Chód ceangailteach um Shábháilteacht ar Líne in Éirinn. Tá sé beartaithe go mbeidh béim ar sholáthraithe seirbhísí ardáin comhroinnte físeán sa chéad Chód Sábháilteachta ar Líne agus go gcinnteofar go gcuirfidh siad bearta i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar dhíobhálacha ar líne i mbealach níos éifeachtaí.

Tá príomhfhreagracht ar an gCoimisiúin, a bunaíodh i mí an Mhárta 2023, chun caighdeáin, rialacha, agus cóid a bhunú do na cineálacha éagsúla seirbhísí meán agus seirbhísí ábhartha ar líne atá i mbun gnó in Éirinn. San áireamh anseo tá an fhreagracht maidir le Cód Sábháilteachta ar Líne a ullmhú agus a chur i bhfeidhm. Inniu (11.07.23) sheol an Coimisiún Glao ar Ionchuir, dar teideal Sábháilteacht ar Líne – An Chéad Chód Ceangailteach um Shábháilteacht ar Líne in Éirinn do Sheirbhísí Ardáin Comhroinnte Físeán a Fhorbairt. Táthar ag súil go mbaileofar réimse leathan tuairimí leis an nGlao ar Ionchuir chun cabhrú le forbairt cóid a bheidh oiriúnach don fheidhm, agus cuirfidh siad bonn eolais faoin dréacht-chód don chomhairliúchán foirmiúil níos deireanaí i mbliana.

Arsa an Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne, Niamh Hodnett: “Ar cheann na de príomhdhualgais atá ar an gCoimisiún tá forbairt có(i)d sábháilteachta ar líne do sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán (VSPS). San áireamh anseo tá seirbhísí meán ar líne agus aipeanna ar a roinntear físeáin ó úsáideoirí agus ar a mbreathnaítear orthu, páistí agus daoine óga san áireamh.  Tá sé i gceist againn go mbeadh béim ar sholáthróirí VSPS sa chéad Chód Sábháilteachta ar Líne, ag cinntiú go dtugann siad aghaidh ar dhíobhálacha ar líne i mbealach níos éifeachtaí.

“Táimid anois ag lorg ionchur ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara eile faoin mbealach ar cheart dúinn an chéad Chód Sábháilteachta ar Líne in Éirinn a fhorbairt. Déantar iniúchadh ar fhéidearthachtaí an Chóid inár gcáipéis maidir leis an nGlao ar Ionchuir agus leagtar amach réimse ceisteanna ar mhaith linn go ndéanfadh daoine machnamh orthu. Beidh ról tábhachtach ag na freagraí seo agus muid ag iarraidh fadhbanna agus eolas a shainaithint ar cheart a thógáil san áireamh agus an Cód á fhorbairt. Ina dhiaidh seo, foilseoimid dréacht-Chód, agus beidh deis ag daoine a gcuid tuairimí a chur in iúl faoinár moltaí faoi leith le linn an chomhairliúcháin phoiblí ar an dréacht-Chód. Ansin, cuirfear an Cód i gcrích agus i bhfeidhm ar sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán. Tá sé fíorthábhachtach don Choimisiún cód nua a thabhairt isteach a láidríonn rialáil ardáin comhroinnte físeán agus a laghdaíonn go suntasach na díobhálacha féideartha a bhaineann le físeáin ar líne do pháistí agus daoine óga.”

Agus ullmhúchán ar siúl d’fhorbairt an Chóid Sábháilteachta ar Líne, tá comhairliúchán ar siúl ag an gCoimisiún chomh maith maidir le Straitéis nua Comhlíontachta Ríomhthráchtála (á fhoilsiú inniu freisin). Chomh maith leis sin, tá sé i gceist aige Coiste Comhairleach Óige a bhunú agus tá taighde ar bun ar dhíobhálacha ar líne.

Sna míonna amach romhainn, ainmneoidh an Coimisiún na hardáin chomhroinnte físeán a bheidh faoi scóip chreat rialála an Choimisiúin maidir le sábháilteacht ar líne.

Dúirt Cathaoirleach Feidhmiúcháin Choimisiún na Meán, Jeremy Godfrey: “Is céim thábhachtach é an Glao ar Ionchuir i dtreo fhorbairt na chéad Chóid cheangailtigh um Shábháilteacht ar Líne in Éirinn. Is mian linn réimse leathan tuairimí a bhailiú chun cabhrú linn cód atá soiléir, inoibrithe agus láidir de réir dlí a fhorbairt, chomh maith le daoine a chosaint ó dhíobháil ar líne agus cloí le cearta daonna, an ceart Saoirse chun Tuairimí a Nochtadh san áireamh. Iarraimid ar dhuine ar bith a bhfuil spéis aige sa réimse seo a bheith páirteach agus bonn eolais á chur faoi fhorbairt an Chóid thábhachtaigh seo trí aighneacht a dhéanamh mar chuid den Ghlao ar Ionchuir.”

Tá cáipéis maidir leis an nGlao ar Ionchuir agus sonraí maidir le haighneacht a dhéanamh ar fáil anseo. An spriocdháta d’aighneachtaí ná 16 Lúnasa 2023 ag 5pm.

CRÍOCH

Sonraí teagmhála do na meáin: Joanne Ahern / Síona Cahill, DHR Communications, Fón: 087-9881837 / 087- 753 0255.

Nótaí d’Eagarthóirí

  • Tá an Cathaoirleach Feidhmiúcháin, Jeremy Godfrey, ar fáil le haghaidh agallaimh, ach é a iarraidh.
  • Is féidir beathaisnéisí na gcoimisinéirí a fháil anseo
  • Is féidir íomhánna na gcoimisinéirí a fheiceáil anseo.

Maidir le Coimisiún na Meán:

Coimisiún nua na hÉireann chun craoltóirí, seirbhísí ar éileamh agus na meáin ar líne a rialáil, agus chun tacú le forbairt na meán is ea Coimisiún na Meán. Bunaíodh é i mí an Mhárta 2023 faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne 2022, agus tógann sé ar obair a réamhtheachtaí, Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá sé freagrach as tírdhreach rathúil agus éagsúil meán a chinntiú agus a choinneáil ar bun in Éirinn a éascaíonn meascán guthanna, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha, chomh maith le timpeallacht shábháilte ar líne.

Is iad seo a leanas a chuid freagrachtaí:

  • Maoirseacht a dhéanamh ar mhaoiniú earnáil na meán i gcoitinne in Éirinn agus tacú le forbairt na hearnála sin.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físeáin ar éileamh.
  • Córas rialála na hÉireann maidir le sábháilteacht ar líne a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú.

I mí an Mheithimh, d’fhoilsigh an Coimisiún a chéad phlean oibre, atá ar fáil anseo.

Tá Coimisiún na Meán faoi stiúir Chathaoirleach Feidhmiúcháin, agus faoi láthair tá Coimisinéir Sábháilteachta Ar Líne, Coimisinéir Forbartha na Meán, agus Coimisinéir Craolacháin ann.

Coimisiún na Meán/ Duais Aiste Scoil Dlí na Tríonóide 2023

I gcomhar le Scoil Dlí Choláiste na Tríonóide, d’fhoilsigh Coimisiún na Meán aiste ar an ábhar a bhaineann le rialáil meán an AE a d’ullmhaigh an mac léinn is fearr atá ag tabhairt faoin modúl Margadh Aonair Digiteach an AE: Rialáil na Meán mar chuid den chlár iarchéime LL.M i gColáiste na Tríonóide. Tá an tionscnamh seo deartha chun díospóireacht phoiblí faoi bheartas agus cleachtas na meán a chur chun cinn. ‘Cosaint an Iolrachais sna Meáin: i dtreo creat dlíthiúil atá láidir agus éifeachtúil ar leibhéal an Aontais Eorpaigh’ is teideal don aiste a bhuaigh in 2023. Claire de Villiers de la Noue a scríobh é agus tá sé curtha in eagar ag an Dr Ewa Komorek, ollamh cúnta, Coláiste na Tríonóide.

Tá cóip den aiste ar fáil le híoslódáil anseo.

CRÍOCH

Nuashonrú Nuachta

Ar an 28 Meitheamh sheol Coimisiún na Meán a chéad chomhairliúchán ar an ainmniúchán atá beartaithe do sheirbhísí ardán comhroinnte físeán, agus tá sonraí le fáil anseo. Tá treoirlínte comhairliúcháin Choimisiún na Meán le fáil anseo.

CRÍOCH

Déanann taighde nua iniúchadh ar na cleachtais a bhaineann le táirgeadh tráchtaireachta fuaime agus tá sé mar aidhm aige feabhas a chur ar eispéireas na tráchtaireachta fuaime don lucht lagamhairc

Taighde á dhéanamh ag na hacadóirí ag DKIT, IADT, RTÉ agus OCBÁC agus tá sé á mhaoiniú ag Coimisiún na Meán

Seoladh tuarascáil taighde nua a bhaineann leis na seirbhísí a úsáideann an lucht lagamhairc chun rochtain a fháil ar ábhar na teilifíse, agus seoladh ar maidin í (27.06.23) le linn ócáide á hóstáil ag Coimisiún na Meán.

An aidhm atá leis an taighde, dar teideal ‘Investigating a Standardised Approach to Setting Audio Description Dip Values’, ná tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaidreamh idir na leibhéil fuaime i gcláir theilifíse ina bhfuil reacaireacht agus an caighdeán a mheastar atá ag an reacaireacht sna cláir.

Sa tuarascáil, a cuireadh i gcrích i mí an Mheithimh 2023, déantar achoimre ar na torthaí ar fad den tionscadal taighde ilchéime agus moltar bearta a d’fhéadfadh cleachtóirí tionscail a dhéanamh chun leanúnachas níos fearr a chur chun cinn i gcleachtais táirgthe TF agus chun eispéireas éisteachta feabhsaithe a chruthú d’úsáideoirí seirbhíse atá lagamhairc.

Ba é Coimisiún na Meán a mhaoinigh an tionscadal taighde trína chlár Éagsúlachta um Fhoghlaim agus Forbairt Earnála. Ba é Kieran Lynch  ó Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan agus Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire agus Óran O’Neill  ó RTÉ, i gcomhar leis an Ollamh Tomás Ward ó Ionad Taighde Léargas SFI le haghaidh Anailísíocht Sonraí, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a rinne an taighde. Chomh maith leis sin, bhí ról lárnach ag Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill chun éascaíocht a dhéanamh ar an obair a chur i gcrích.

Is tráchtaireacht í Tráchtaireacht Fuaime (TF) a thugann cur síos ar an méid atá ag tarlú ar scáileán teilifíse i gcaitheamh an ama do dhaoine dalla nó lagamhairc sa lucht féachana. Ionas go mbeidh an tráchtaireacht soiléir, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le laghdú fuaime, nó Ísliú, sa bhunábhar cláir, chun cosc ​​a chur ar an tráchtaireacht fuaime a chumhdach. Is é an Luach Íslithe (LI) an méid comhthoraidh a laghdaítear fuaim an ábhair cláir. Déanann an staidéar iniúchadh ar na bealaí ar féidir feabhas a chur ar na cleachtais táirgthe TF, ar an gcaoi ar féidir leanúnachas níos fearr a chur ar fáil i socrú na leibhéil fuaime TF, agus ar an gcaoi ar féidir feabhas a chur ar an eispéireas éisteachta d’úsáideoirí na seirbhíse Rochtain TF.

Cuireadh an taighde i gcrích thar roinnt céimeanna, lenar áiríodh:

  • Suirbhé tionscail i measc an phobail táirgthe TF idirnáisiúnta chun treochtaí agus dualgais táirgthe reatha a bhunú, chun taifead a dhéanamh ar eolas teicniúil na ndaoine atá ag táirgeadh TF, agus chun iniúchadh a dhéanamh lena fháil amach an gcuirfí fáilte roimh uathoibriú a dhéanamh ar Luachanna Íslithe (LIanna) a shocrú. Léiríodh sna torthaí go raibh neamhréireanna ann laistigh de chleachtais táirgthe TF, rud a thugann le fios go bhfuil gá le treoirlínte agus moltaí idirnáisiúnta chun na LIanna a shocrú laistigh de chláir reacaireachta.
  • Sraith turgnamh chun cleachtas measctha na n‑innealtóirí fuaime gairmiúla a thagarmharcáil agus iad ag socrú LIanna. Ghlac ochtar saineolaí ó phobal innealtóireacht fuaime na hÉireann páirt sa chéim seo i mí Mheán Fómhair/mí Dheireadh Fómhair 2022. D’eascair raon Luachanna Íslithe TF ‘tástála’ as seo – is é sin sraith de thrí LI do gach ceann de na raonta fuaime do chláir ‘Ciúin’, ‘Normálta’, agus ‘Ard’ – agus moladh go ndéanfadh lucht éisteachta sprice measúnú ar an méid sin.
  • Tástálacha éisteachta chun measúnú a dhéanamh ar na socruithe LI beartaithe lena fháil amach céard a gceapfadh an lucht éisteachta de. Rinneadh sin i mí Feabhra 2023 agus bhí 35 rannpháirtí i gceist, úsáideoirí seirbhíse TF agus éisteoirí ó réimse grúpaí níos leithne san áireamh.

Dúirt Kieran Lynch an méid seo, agus é ag caint faoin taighde: “Tá sé soiléir ónár dtaighde nach amháin go bhfuil rochtain thar a bheith tábhachtach maidir le hionchuimsitheacht an luchta éisteachta ach tá caighdeán na seirbhísí rochtana a chuirtear ar fáil chomh tábhachtach céanna. Ba cheart go gcuirfeadh na seirbhísí Tráchtaireachta Fuaime soiléireacht leanúnach ar fáil faoi na sleachta reacaireachta, chomh maith le caighdeán an bhunscéil sa chlár a choinneáil. Ach, tugann an fhianaise anseo le fios nach bhfuil eispéiris na n‑úsáideoirí TF leanúnach ar fud na seirbhísí craolacháin agus sruthaithe, go n‑eascraíonn na neamhréireanna as easpa moltaí agus treoirlínte sa tionscal chun Luachanna Íslithe Tráchtaireachta Fuaime a shocrú, agus déanann pearsanra léiriúcháin neamhtheicniúla an tasc teicniúil seo go minic. Mar sin, tá sé tábhachtach go mbunófar sraith caighdeán agus treoirlíne teicniúil chun na Luachanna Íslithe TF cuí a shocrú.

“Táimid den tuairim gurb é dea‑chleachtas i dtáirgeadh an ábhair TF chun innealtóirí fuaime gairmiúla a bhfuil taithí acu a bheith againn agus na Luachanna Íslithe Tráchtaireachta Fuaime á socrú. Ach, aithnímid nach rogha é seo i gcónaí agus is mar gheall air sin gur cheart do shraith beart teicniúil molta ligean do na léiritheoirí TF caighdeán leanúnach a thabhairt isteach ina n‑ábhar agus tionchar dearfach a imirt ar an bpobal lagamhairc.”

Dúirt an Coimisinéir Craolacháin Celene Craig an méid seo a leanas: “Tá Coimisiún na Meán tiomanta do thírdhreach rathúil, éagsúil agus sábháilte a chinntiú sna meáin, ag tógáil ar obair ár réamhtheachtaí, Údarás Craolacháin na hÉireann. Rinne an BAI athbhreithniú in 2022 ar na Rialacha Rochtana, atá deartha chun tuiscint agus taitneamh na teilifíse a mhéadú i measc daoine atá bodhar, lagéisteachta, dall nó lagamhairc. I rith na bliana seo chugainn, déanfaidh an Coimisiún comhairliúchán poiblí mar chuid den athbhreithniú ar na rialacha seo. Beidh an taighde a foilsíodh inniu ina chabhair chun eolas a dhéanamh do chomhráite agus d’fhorbairt beartais sa réimse seo.”

CRÍOCH

Teagmháil: Joanne Ahern / Síona Cahill, DHR Communications. Teil: 087-9881837 / 087-753 0255.

Nótaí d’Eagarthóirí

  • Is féidir an tuarascáil a fháil ar shuíomh gréasáin Choimisiún na Meán anseo.
  • Rinneadh an suirbhé tionscail i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus bhí 42 rannpháirtí páirteach ann, lenar áiríodh scripteoirí TF, tráchtairí, innealtóirí fuaime, léiritheoirí meán agus stiúrthóirí in Éirinn, sa RA, san Eoraip, i SAM, i gCeanada, san Airgintín agus san Astráil.

Maidir le Coimisiún na Meán:

Coimisiún nua na hÉireann chun craoltóirí agus na meáin ar éileamh agus na meáin ar líne a rialáil, agus chun tacú le forbairt na meán is ea Coimisiún na Meán. Bunaíodh é i mí an Mhárta 2023 faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne 2022, agus tógann sé ar obair a réamhtheachtaí, Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá sé freagrach as tírdhreach rathúil, éagsúil agus sábháilte sna meáin a chinntiú agus a chothabháil in Éirinn, tírdhreach a éascaíonn meascán guthanna, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha.

Is iad seo a leanas a chuid freagrachtaí:

  • Maoirseacht a dhéanamh ar mhaoiniú earnáil na meán i gcoitinne in Éirinn agus tacú le forbairt na hearnála sin.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus seirbhísí físeáin ar éileamh.
  • Córas rialála na hÉireann maidir le sábháilteacht ar líne a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú.

Tá Coimisiún na Meán faoi stiúir Chathaoirleach Feidhmiúcháin, agus faoi láthair tá Coimisinéir Sábháilteachta Ar Líne, Coimisinéir Forbartha na Meán, agus Coimisinéir Craolacháin ann. Tá earcaíocht ar siúl faoi láthair le haghaidh Coimisinéir Seirbhísí Digiteacha.

Leagann Coimisiún na Meán pleananna amach chun sábháilteacht ar líne a fheabhsú agus chun earnáil na meán in Éirinn a rialáil agus tacú léi

Inniu, leag Coimisiún na Meán, rialtóir meán agus gníomhaireacht nua na hÉireann um fhorbairt na meán, amach a chlár oibre as seo go ceann naoi mí.

I measc na mbuaicphointí tá:

  • Den chéad uair, beidh oibleagáid a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí ar sholáthraithe seirbhíse ar líne céimeanna a ghlacadh chun an t-idirlíon a dhéanamh níos sábháilte dúinn go léir
  • Leathnófar an rialachán chun seirbhísí ar éileamh chomh maith le teilifís thraidisiúnta a chlúdach, rud a léiríonn athruithe suntasacha ar nósanna féachana le blianta beaga anuas
  • Leathnófar an tacaíocht d’earnáil na meán i gcoitinne, le scéimeanna maoinithe d’iriseoireacht áitiúil, athbhreithniú ar sheirbhísí Gaeilge, agus straitéis chun Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú a chur chun cinn sna meáin
  • Fásfaidh an eagraíocht ó thart ar 50 ball foirne faoi láthair go dtí thart ar 160 sa chéad chéim den fhás

Dúirt Cathaoirleach Feidhmiúcháin Choimisiún na Meán, Jeremy Godfrey:

“Fadhb idirnáisiúnta is ea ábhar díobhálach agus neamhdhleathach ar líne. Is é an ról atá againn soláthraithe seirbhíse atá lonnaithe in Éirinn a rialáil, chun an t-idirlíon a dhéanamh níos sábháilte do dhaoine anseo agus ar fud an Aontais. Glacfaidh an Coimisiún  cód sábháilteachta ceangailteach ar líne chun aghaidh a thabhairt ar ábhar díobhálach ar ardáin comhroinnte físeán, agus cuirfimid an tAcht nua um Sheirbhísí Digiteacha an AE i bhfeidhm maidir le raon níos leithne díobhálacha. Beimid ag díriú go háirithe ar leanaí a choinneáil sábháilte. Oibreoimid go dlúth freisin lenár gcomheagraíochtaí i mballstáit eile an Aontais agus leis an gCoimisiún Eorpach ionas go dtabharfar cosaint d’úsáideoirí na hÉireann, cibé áit a bhfuil na soláthraithe bunaithe.”​

Thug an tUasal Godfrey faoi deara go mbeidh éifeacht láidir ag an gcód sábháilteachta ar líne agus ag an Acht um Sheirbhísí Digiteacha. Mura nglacann soláthraithe seirbhíse céimeanna iomchuí chun díobhálacha ar líne a laghdú, gearrtar fíneálacha suas le 10% nó 6% den láimhdeachas domhanda orthu faoi seach.

Ag labhairt dó faoin gcraoladh, dúirt an tUasal Godfrey:

“Tá nósanna féachana ag athrú go tapa. Tá an teilifís thraidisiúnta fós ina eispéireas náisiúnta comhchoiteann tábhachtach. Ach tá lucht féachana ag caitheamh níos mó dá gcuid ama ag breathnú ar ábhar trí sheirbhísí ar éileamh. Déanfaimid na rialacha maidir le craoltóireacht thraidisiúnta a thabhairt cothrom le dáta agus a chur in oiriúint ionas go mbeidh feidhm acu freisin maidir le físeáin ar éileamh, agus féachfaimid ar cheart rialacha a bheith ann a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca ábhar seirbhíse poiblí a fháil ar chomhéadain úsáideoirí ar éileamh.”

Dúirt an tUasal Godfrey freisin go dtabharfadh Coimisiún na Meán faoi athbhreithniú ​ar sholáthar seirbhísí Gaeilge ar fud thírdhreach na meán, chomh maith le scéimeanna maoinithe nua a fhorbairt d’iriseoireacht áitiúil agus straitéis a fhorbairt chun Inscne, Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú a chur chun cinn sna meáin.​

Mar fhocal scoir, dúirt an tUasal Godfrey:

“Tá Coimisiún na Meán fós sa chéim nuathionscanta. Táimid ag súil le bheith ag feidhmiú go hiomlán faoi thús 2024.​Is rud riachtanach é in aon sochaí dhaonlathach, ó thaobh bhunchearta an duine de, meáin chraoltóireachta agus ar líne a bheith ann a fheidhmíonn mar is cuí. Táim ag tnúth le bheith ag obair le mo chomhchoimisinéirí, páirtithe leasmhara sa tionscal agus grúpaí abhcóideachta chun coimisiún meán a fhorbairt a fhreastalaíonn i ndáiríre ar riachtanais mhuintir na hÉireann, agus na hEorpa.”​

Is féidir clár oibre tosaigh Choimisiún na Meán a fháil anseo.​ 

CRÍOCH  

Teagmháil: Joanne Ahern / Patricia Ryan, DHR Communications. Teil: 087-9881837 / 087-2412928.

Nótaí d’Eagarthóirí

  • Tá an Cathaoirleach Feidhmiúcháin, Jeremy Godfrey; an Coimisinéir Sábháilteachta Ar Líne, Niamh Hodnett; an Coimisinéir Forbartha Meán, Rónán Ó Domhnaill, agus an Coimisinéir Craolacháin, Celene Craig, ar fáil le haghaidh agallaimh, ach iad a iarraidh.
  • Is féidir beatháisnéisí na gcoimisinéirí a fheiceáil anseo.

Maidir le Coimisiún na Meán:

Coimisiún nua na hÉireann chun craoltóirí agus na meáin ar líne a rialáil, agus chun tacú le forbairt na meán is ea Coimisiún na Meán. Bunaíodh é i mí an Mhárta 2023 faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne, agus tógann sé ar obair a réamhtheachtaí, Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá sé freagrach as tírdhreach rathúil agus éagsúil meán a chinntiú agus a choinneáil ar bun in Éirinn a éascaíonn meascán guthanna, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha, chomh maith le timpeallacht shábháilte ar líne.

Is iad seo a leanas a chuid freagrachtaí:

  • Maoirseacht a dhéanamh ar mhaoiniú earnáil na meán i gcoitinne in Éirinn agus tacú le forbairt na hearnála sin.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físeáin ar éileamh.
  • Córas rialála na hÉireann maidir le sábháilteacht ar líne a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú.

Tá Coimisiún na Meán faoi stiúir Chathaoirleach Feidhmiúcháin, agus faoi láthair tá Coimisinéir Sábháilteachta Ar Líne, Coimisinéir Forbartha na Meán, agus Coimisinéir Craolacháin ann. Tá earcaíocht ar siúl faoi láthair le haghaidh Coimisinéir Seirbhísí Digiteacha.

Seirbhísí nuachta a mhaoinítear go poiblí ‘tábhachtach don tsochaí’ — Digital News Report Ireland 2023

Maoiníonn Coimisiún na Meán cuimsiú sonraí Éireannacha i dtuarascáil idirnáisiúnta de chuid Reuters don naoú bliain

Creideann níos mó ná leath (58%) de thomhaltóirí nuachta digití in Éirinn go bhfuil seirbhísí nuachta a fhaigheann maoiniú poiblí ‘measartha tábhachtach’ nó ‘an-tábhachtach’ don tsochaí.  Creideann siad, áfach, go bhfuil na seirbhísí seo níos tábhachtaí don tsochaí ná mar atá siad dóibh féin (48%). Tá sin de réir torthaí ó Digital News Report Ireland 2023, a fhoilseoidh Coimisiún na Meán ar maidin (14.06.23).

Fuarthas amach sa staidéar freisin nach n-aontaíonn ach an ceathrú cuid de mhuintir na hÉireann (25%) gur fearr eagarthóir/iriseoir daonna a bheith ann chun roghnú nó coimeád a dhéanamh ar an nuacht a chuirtear ar fáil dóibh, agus creideann 31% gur fearr nuacht a bheith ar fáil atá roghnaithe ag algartam, bunaithe ar a stair féachana agus a roghanna. Mar sin féin, tá níos mó ná leath de thomhaltóirí nuachta na hÉireann (53%) ann a ‘aontaíonn go láidir’ nó go bhfuil ‘claonadh acu aontú’ go bhféadfadh nuacht phearsantaithe a bheith ina gcúis go gcaillfidís amach ar scéalta tábhachtacha nuachta, agus tá 51% ‘an-bhuartha’ nó ‘measartha buartha’ faoi bheith ag teacht ar na dearcthaí sin amháin a thagann lena gcuid tuairimí féin.

Déanann Institiúid Reuters don Staidéar ar an Iriseoireacht taighde don Digital News Report agus is é an taighde seo an staidéar comparáideach is mó leanúnach ar thomhaltas nuachta ar domhan. Tá sonraí na hÉireann mar chuid den suirbhé níos mó a dhéantar i 46 tír. Tá rannpháirtíocht na hÉireann éascaithe i mbliana ag Coimisiún na Meán, rialtóir nua na hÉireann do na meáin chraolacháin, ar éileamh agus ar líne. Tá feidhm forbartha meán ag an gCoimisiún freisin agus leanann sé leis an tacaíocht a thug a réamhtheachtaí, Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI). Is taighdeoirí ó Institiúid DCU um Meáin Todhchaí, Daonlathas agus Sochaí (FuJo) a chuireann anailís ar shonraí na hÉireann ar fáil.

Áirítear sa tuarascáil anailís ar threochtaí idirnáisiúnta agus ar threochtaí na hÉireann ar lucht féachana nuachta ar líne, ar an gcaoi a bhfaigheann lucht féachana ar líne rochtain ar nuacht, ar mhuinín as foinsí nuachta, agus ar íocaíocht as an nuacht. I dtuarascáil na bliana seo breathnaítear freisin ar an ngéarchéim maidir le costas maireachtála mar fhaisnéis chomhthéacsúil ar shaincheisteanna na meán. Áirítear inti sé aiste ar ábhar spéise reatha, lena n-áirítear tionchar an chaillte post ardteicneolaíochta; podchraoladh nuachta agus íocaíocht as; líonraí frithshóisialta; laethanta deiridh an chló; tuairisciú ar an athrú aeráide, agus IS agus todhchaí na nuachta.

Ar na príomhthorthaí ó thuarascáil na bliana seo tá:

Spéis sa Nuacht: Tá spéis sa nuacht tar éis titim arís. Dúirt 52% de fhreagróirí go raibh ‘an-spéis go deo’ nó ‘an-spéis’ acu sa nuacht, síos cúig phointe céatadáin ar 2022. Léirítear sa tuarascáil go bhfuil titim ghéar tagtha ar an-spéis sa nuacht i measc daoine óga ó 2016 i leith. Sa bhliain sin, léirigh 53% de na freagróirí idir 18 agus 24 bliana d’aois go raibh ‘an-spéis’ nó ‘an-spéis go deo’ acu sa nuacht, i gcomparáid le 28% in 2023. I gcodarsnacht leis sin, léirigh thart ar 69% acu siúd 65 bliana d’aois agus níos sine go raibh spéis mhór acu sa nuacht.

Muinín as an Nuacht: Tá muinín as an nuacht tite siar go dtí na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim, agus dúirt 47% de fhreagróirí gur ‘aontaigh siad go láidir’ nó go raibh ‘claonadh acu aontú’ leis an ráiteas gur féidir leo muinín a bheith acu as an gcuid is mó den nuacht an chuid is mó den am. Cé go bhfuil sé sin tar éis titim cúig phointe ón bhliain seo caite, tá sé níos airde ná sa Ríocht Aontaithe (32%); sna Stáit Aontaithe (31%), agus san Eoraip (40%).

Foinsí Nuachta: Faigheann freagróirí an chuid is mó dá nuacht fós ar an teilifís agus ar líne (gan na meáin shóisialta san áireamh) agus tá an dá cheann acu ag 32%. Tá na meáin shóisialta ag 20%, tá raidió ag 11% agus tá nuachtáin chlóite ag 5%. I gcás daoine idir 18 agus 24 bliana d’aois, is iad na meáin shóisialta an fhoinse nuachta is tábhachtaí ag 39%, agus ina dhiaidh sin tá nuacht ar líne (gan na meáin shóisialta san áireamh) ag 31%. I measc na ‘dúchasaigh shóisialta’ sin, tá an teilifís ag 18%, an raidió ag 5% agus nuachtáin chlóite ag 5%.

Bréagnuacht: Tá imní faoin mífhaisnéis agus faoin mbréagaisnéis ag dul i méid. Tá imní faoi cad atá fíor agus cad atá bréagach ar an idirlíon measartha ard in Éirinn (64%), suas sé phointe céatadáin ar anuraidh. Tá sé seo i gcomparáid le 50% sa chuid eile den Eoraip. San am céanna, tá an leibhéal imní ag 64% sna Stáit Aontaithe agus is airde é sa Ríocht Aontaithe ag 69%.

Éisteacht le podchraoltaí: Tá an-tóir fós ar phodchraoltaí in Éirinn, agus dúirt 44% de fhreagróirí gur éist siad le podchraoladh le linn na míosa roimhe sin, i gcomparáid le 41% de fhreagróirí SAM, 34% de fhreagróirí Eorpacha agus 30% de fhreagróirí na Ríochta Aontaithe.

Maoiniú ón Rialtas d’iriseoireacht chun leas an phobail: Bhí an t-athrúaeráide agus nuacht faoin chomhshaol (44%) ina bpríomhábhair a mheastar gur fiú acmhainní breise rialtais a chur ar fáil dóibh. Sa dara háit bhí ‘grúpaí nach bhfuil freastal maith orthu’ (33%) amhail Lucht Siúil na hÉireann, pobal na n-imirceach agus an lucht féachana/éisteachta atá faoi mhíchumas. Tháinig cruinnithe comhairle áitiúla isteach ag 31%, agus ina dhiaidh sin clúdach na gcúirteanna ag 22%.

Ag trácht di, dúirt Coimisinéir Craolacháin Choimisiún na Meán, Celene Craig: “Thosaigh an BAI ar mhaoiniú a chur ar fáil do chuimsiú shonraí na hÉireann i dtuarascáil dhomhanda Reuters in 2015 toisc go dtugann an taighde léargas luachmhar ar thomhaltas na meán in Éirinn agus ar an gcaoi a dtéann sé i gcomparáid lenár gcomhpháirtithe san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe. I mbliana, tá léargas iontach tugtha sa tuarascáil arís ar an gcaoi a leanann teicneolaíocht dhigiteach agus treochtaí digiteacha ar aghaidh le hathrú a dhéanamh ar chruth ár dtírdhreach meán nuachta in Éirinn.

“Ar na príomhthorthaí i mbliana is ea an méadú atá ag teacht ar an imní atá ann i measc freagróirí Éireannacha faoi cad atá fíor agus cad atá bréagach ar an idirlíon — b’fhéidir mar gheall ar an gcaoi a bhfuil dúshlán ag baint leis an méadú ar úsáid na hintleachta saorga ó thaobh trédhearcacht agus cruinneas a chinntiú i dtáirgeadh nuachta. Tá sé mar aidhm ag Coimisiún na Meán oibriú i gcomhpháirtíocht le réimsí ábhartha spéise chun iarmhairt na bréagaisnéise in Éirinn agus ar fud na hEorpa a íoslaghdú.  Chuige sin, tá súil ag Coimisiún na Meán tógáil ar an obair a rinne an BAI ar Chód Cleachtais an AE maidir le Bréagaisnéis ó tugadh isteach an Cód deonach den chéad uair in 2018.

“Tá an Coimisiún ag cur go gníomhach freisin leis an obair ullmhúcháin atá á déanamh ar an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (EMFA), a thacaíonn leis an iolrachas agus leis an trédhearcacht sna meáin agus a bhfuil sé mar aidhm aige cosaintí a thabhairt isteach do réimse gníomhaithe in earnáil na meán. Ar deireadh, tá an Coimisiún ag súil freisin le leanúint ar aghaidh le taighde fiúntach a chur ar fáil chun cabhrú linn tírdhreach meán atá éagsúil agus iolraíoch a chinntiú in Éirinn, agus le scéimeanna nua maoinithe a fhógairt níos déanaí i mbliana chun tacú le hiriseoireacht chun leas an phobail.”

Dúirt an tOllamh Colleen Murrell: “Tá athrú de shíor ag teacht ar an gcaoi a ndéanaimid rochtain ar nuacht in Éirinn agus ar an gcaoi a dtéimid i ngleic léi. Tá cuid de na hathruithe sin ag tarlú go seasta le himeacht ama, amhail an t-aistriú ó nuachtáin chlóite go dtí na meáin shóisialta agus ar líne. Tá dlús á chur anois le cuid de na hathruithe sin de bharr tosca eile, amhail paindéim COVID-19, an ghéarchéim maidir le costas maireachtála, scoilt á déanamh ar lucht féachana ar líne atá agus cur isteach á dhéanamh ar ardáin. Is é an tábhacht a bhaineann leis an suirbhé nuachta bliantúil seo de chuid Reuters ná go gcuireann sé ar chumas comhlachtaí meán na treochtaí seo a scrúdú agus freagairt dóibh chun a chinntiú gur féidir le muintir na hÉireann leanúint ar aghaidh le rochtain a fháil ar mheáin atá faisnéiseach agus iontaofa. I mbliana arís, tugtar léargas an-spéisiúil ar na hábhair a bhfuil suim ag lucht féachana d’aoisghrúpaí éagsúla iontu, a bhfuil ina cúis imní dóibh, agus ar an áit a bhfuil siad ag fáil a gcuid nuachta.”

Is féidir Digital News Report Ireland 2023 a fháil anseo

CRÍOCH

Teagmháil: Joanne Ahern / Síona Cahill, DHR Communications. Teil: 087-9881837 / 087-753 0255..

RÁITEAS UAIDH COIMISIÚN NA MEÁN

Tá Coimisiún na Meán an-bhuartha maidir le físeán ar na meán shóisialta a bhaineann le hionsaí ar dhuine cheithre bhliana déag d’aois sa Mhí an tseachtain seo.

Nuair a bheidh muid i mbun oibre ina iomláine, beidh rialacha á gcur i bhfeidhm againn a leagadh dualgas ar ardáin ábhar a dhéanann dochair, ar nós seo, a bhaint anuas go tapaidh, chomh luath agus a ndírítear a n-aird ar. Beidh rialacha eile maidir le hábhair a dhéanann dochair agus atá mídhleathach á gcur i bhfeidhm againn freisin.

Idir an dá linn, de bharr agus cé chomh dáiríre agus atá an cás seo, tá iarrtha ag an gCoimisinéir um Shábháilteacht Ar-Líne, Niamh Hodnett, ar na príomh ardáin do na meáin shóisialta cuntas a chur ar fáil don Choimisiún, gan mhoill, faiona bhfuil déanta acu chun an físeán a bhaint anuas agus lena chinntiú nach gcrochtar an físeán céanna in athuair.

Bunaíodh an Coimisiún ar an 15ú Márta 2023 agus tá baillchríoch á chur ar phlean oibre don 12 mí amach romhainn, ina n-áireofar seirbhísí atá sainnithe le rialáil a dhéanamh orthu agus chun cód ceangailte maidir le sábháilteacht ar-líne a dhaingniú freisin.

Socrófar caighdeáin sa gcód a churfidh ina luí ar sholathóírí, ábhar a dhéanann dochair a íoslaghdú. Cuirfear san áireamh sa gcód an dochair a d’fhéadfadh an t-ábhar céanna a dhéanamh, agus go mbainfí anuas an t-ábhar go tapaidh.

Tá cosaint leanaí ó hábhar a dhéanann dochair thar a bheith ard ar chlár oibre An Choimisiúin agus beidh sin mar dhlúthchuid de na cóid ar shábháilteacht ar-líne.

Mar chuid de fhorbairt na gcód céanna, beidh macnamh á ndéanamh ag An Coimisiún ar na dualgais éagsúla a bheadh ag dul leo. D’fhéadfadh a bheith san áireamh anseo – an chaoi a lámhsáileann ardáin gearáin maidir le hábhar a dhéanann dochair, an chaoi a gcosnaíonn siad gasúir uaidh ábhar nach bhfuil oiriúnach dá haois, agus an chaoi a ndéantar íoslaghdú ar an líon na ndaoine a thagnn trasna ar an ábhar a dhéanann dochair.

Mí Meitheamh foilseofar plean oibre An Choimisiúin. Mairifidh an phlean oibre go dtí Feabhra 2024, tráth a dtiocfaidh feidhm ina iomláine leis an Acht um Sheirbhísí Dhigiteacha, achtacháin de chuid an Aontas Eorpaigh.

CRÍOCH