Gach Nuacht

Celene Craig chun éirí as a ról mar Choimisinéir Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh

Foilsithe ar

12,01,2024

Tar éis breis agus tríocha bliain ag obair i rialáil na meán, tá cinneadh déanta ag Celene Craig gan téarma iomlán cúig bliana a lorg mar Choimisinéir Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh nuair a rachaidh a téarma reatha in éag i mí an Mhárta i mbliana.

Cheap an tAire, Catherine Martin, Celene, a bhí ina Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann, ina Coimisinéir Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh ar feadh buntéarma bliana nuair a bunaíodh Coimisiún na Meán i mí an Mhárta 2023, faoi fhorálacha an Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022.

Cuirfear deireadh le téarma Celene mar Choimisinéir an 15 Márta 2024. Tá ról an Choimisinéara Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh á fhógairt anois ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a reáchtálann an próiseas earcaíochta. Ba chóir aon cheisteanna breise faoin bpróiseas a chur chuig an Roinn nó chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Dúirt Jeremy Godfrey, Cathaoirleach Feidhmiúcháin Choimisiún na Meán:

“Tá Celene ina crann taca ar rialáil na meán in Éirinn le breis agus tríocha bliain anuas. Le linn a gairmréime, chuir sí go mór le forbairtí reachtaíochta agus beartais san earnáil in Éirinn agus san Eoraip. Le bliain anuas, bhí sí go fial ag roinnt a cuid eolais dhosháraithe ar thírdhreach na meán agus muid tar éis an t-aistriú ó Údarás Craolacháin na hÉireann go Coimisiún na Meán a dhéanamh. Cronóidh na Coimisinéirí eile agus mé féin, chomh maith lenár gcomhghleacaithe go léir ag Coimisiún na Meán, a nádúr gnaíúil, cairdiúil. Guímid gach rath uirthi don todhchaí.”

Seo mar a labhair Celene Craig, Coimisinéir Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh:

“I ndiaidh gairmréim thar a bheith taitneamhach ag Coimisiún na Meán, Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI), Coimisiún Craolacháin na hÉireann (BCI) agus an Coimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách (IRTC), tá cinneadh déanta agam seasamh siar ó ról an Choimisinéara Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh. Bhí sé de phribhléid agam obair ar thús cadhnaíochta in earnáil na meán atá ag athrú ó bhonn ar leibhéal na hÉireann agus ar leibhéal na hEorpa araon.  Le blianta beaga anuas, bhain mé an-sásamh as cur le creat rialála nua sábháilteachta ar líne na hÉireann a mhúnlú agus as an BAI a threorú isteach sa chomhlacht rialála nua.  Bhí sé de phribhléid agam páirt a ghlacadh le mo chomh-choimisinéirí agus mo chomhghleacaithe i mbunú agus in oibríochtú Choimisiún na Meán sa chéad bhliain spreagúil den bhunú.  Molaim a ngairmiúlacht, a ndíograis agus a dtiomantas do na tascanna atá idir lámha agus guím gach rath orthu ina gcuid oibre amach anseo. Táim ag súil go mór leis An Coimisiún a fheiceáil ag fás agus ag forbairt sna blianta amach romhainn agus ag soláthar tírdhreach na meán atá éagsúil, rathúil agus sábháilte.”

CRÍOCH