Gach Nuacht

Cinneadh breise déanta faoin Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne

Foilsithe ar

16,12,2024

Cinneann an Coimisiún go bhfuil seirbhísí Meta (i dtaca le Facebook) ‘neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta’

Lean cinneadh an Choimisiúin an fógra maidir le dhá ordú baint anuas nó níos mó a thabhairt don soláthraí seo sa 12 mhí roimhe seo ó údaráis inniúla de chuid an Aontais Eorpaigh

Anois beidh ar an soláthraí bearta sonracha a dhéanamh chun seirbhísí a chosaint óna n-úsáid chun ábhair sceimhlitheoireachta a scaipeadh agus beidh orthu tuairisciú maidir leis na bearta atá déanta acu

D’fhoilsigh Coimisiún na Meán cinneadh inniu (16 Nollaig) i dtaca le soláthraí seirbhíse óstála faoin Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne. Chinn an Coimisiún go bhfuil seirbhísí Meta (i dtaca le Facebook) ‘neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta.’

I ndlí an Aontais Eorpaigh déantar ábhar sceimhlitheoireachta a shainmhíniú mar:

  • ábhar lena ngríosaítear cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, amhail trí ghníomhartha sceimhlitheoireachta a ghlóiriú;
  • ábhar lena ndéantar cionta sceimhlitheoireachta a mholadh;
  • ábhar lena niarrtar ar dhuine nó ar ghrúpa daoine cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh, nó rannchuidiú leo sin a dhéanamh;
  • ábhar a ghríosaíonn, a mheallann, a bhagraíonn nó a chuireann treoir ar fáil maidir le cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh;
  • ábhar lena niarrtar ar dhuine nó ar ghrúpa daoine páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta;
  • ábhar lena ndéantar teagasc a chur ar fáil maidir le pléascáin, airm thine nó armáin eile nó substaintí guaiseacha nó díobhálacha a dhéanamh agus a úsáid, nó maidir le modhanna agus teicnící sonracha eile chun críocha cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh nó rannchuidiú leo sin a dhéanamh;
  • ábhar ar bagairt é chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh

Cuireann an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne, ar cuid amháin é de Chreat Sábháilteachta ar Líne Choimisiún na Meán, sásra ar fáil ar fud an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne agus chun cur ar chumas na soláthraithe seirbhísí óstála ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint go tapa.

Faoin Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne, féadtar go ndéanfar cinneadh go bhfuil soláthraithe seirbhísí óstála neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta má fhaigheann siad dhá ordú baint anuas nó níos mó ó údaráis inniúla de chuid an Aontais sa 12 mhí roimhe sin. Tháinig an Coimisiún ar an gcinneadh seo tar éis gur tugadh fógra faoi dhá ordú baint anuas nó níos mó i dtaca leis an soláthraí seo agus tar éis dul i dteagmháil leis an soláthraí seo. Rinne an Coimisiún a chinneadh i gcomhréir lena Chreat um Chinntí, a foilsíodh i mí Meithimh 2024.

Tar éis an chinnidh seo, beidh ar Meta (i dtaca le Facebook) bearta sonracha a dhéanamh chun a seirbhísí a chosaint óna n-úsáid chun ábhair sceimhlitheoireachta a scaipeadh agus tuairisciú chuig Coimisiún na Meán laistigh de trí mhí ón gcinneadh a fháil, ar na bearta sonracha atá déanta. Beidh na bearta seo éifeachtach, spriocdhírithe agus comhréireach, agus beidh siad measúil maidir le cearta bunúsacha na n-úsáideoirí. Ar na bearta ar gá do sholáthraí seirbhísí óstála atá neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta a dhéanamh tá forálacha ina chuid téarmaí agus coinníollacha maidir le haghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid a sheirbhíse chun ábhar sceimhlitheoireachta a scaipeadh ar an bpobal.

Déanfaidh Coimisiún na Meán na gníomhartha maolaitheacha a dhéanann na soláthraithe a mhaoirsiú agus a rochtain. Má mheasann an Coimisiún nach gcomhlíonann na bearta sonracha atá déanta ceanglais reachtacha, tabharfaidh an Coimisiún cinneadh don soláthraí seirbhísí óstála á cheangal air na bearta riachtanacha a chur i gcrích d’fhonn a chinntiú go gcloítear leis na forálacha reachtacha.

I mí na Samhna 2024, chinn an Coimisiún go raibh seirbhísí TikTok, X agus Meta (i dtaca le Instagram) ‘neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta’ faoin Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne.

Má sháraíonn soláthraithe seirbhísí óstála an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta Ar Líne, féadfar fíneálacha riaracháin a ghearradh lena n-áirítear pionóis airgeadais suas le ceathair faoin gcéad den láimhdeachas iomlán.

Tá Creat Sábháilteachta ar Líne Choimisiún na Meán comhdhéanta den Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne, an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, an tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, atá mar bhunús lenár gCód Sábháilteachta ar Líne.

Molann an Coimisiún d’úsáideoirí seirbhísí ar líne a fheiceann ábhar sceimhlitheoireachta amhrasta é a thuairisciú don ardán ar a bhfaca siad é, agus aon ábhar a d’fhéadfadh a bheith ina bhagairt ar bheatha daoine a thuairisciú leis an nGarda Síochána.