Cinntí i dtaobh Gearáin faoi Chraoltóireacht agus Físeán ar Éileamh

Tá sé de cheart ag baill an phobail gearán a dhéanamh má chreideann siad go bhfaca siad, nó gur chuala siad, rud a craoladh nó a cuireadh ar fáil ar sheirbhís closamhairc ar éileamh (“Físeán ar Éileamh”) nach bhfuil i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar amach i reacht (Cuid 3B den Acht Craolacháin 2009) agus/nó i gcód nó riail maidir le seirbhís meán. Foráiltear an ceart chun gearán a dhéanamh in alt 48(1) den Acht Craolacháin 2009.

  1. Is é an ról atá ag Coimisiún na Meán i ndáil le gearáin gearán a bhreithniú agus a chinneadh cé acu ar cheart nó nár cheart:
  2. é a chur ar aghaidh chuig an gcraoltóir nó an soláthraí físeáin ar éileamh ábhartha lena láimhseáil, diúltú dó (in imthosca áirithe), nó
  3. é a chur ar aghaidh le go ndéanfaidh duine atá údaraithe ag an gCoimisiún chun na cinntí sin a dhéanamh, é a imscrúdú.

I gcás nach gcuireann an Coimisiún gearán ar aghaidh chuig an gcraoltóir ná an soláthraí físeáin ar éileamh ábhartha nó ina ndiúltaíonn sé dó, is gá don Choimisiún an gearán a chur ar aghaidh le go mbreithneofar é lena imscrúdú. Nuair a dhéantar an cinneadh gearán a chur ar aghaidh le go mbreithneofar é lena imscrúdú, ní chiallaíonn sé sin gur sáraíodh caighdeáin reachtúla agus/nó rialála sa ghearán ná go bhfuil gá le himscrúdú.

Leagtar na critéir do chinneadh an Choimisiúin amach sa treoir maidir le gearáin faoin gceannteideal ‘Cé na critéir a chuireann an Coimisiún i bhfeidhm agus cinneadh á dhéanamh maidir le mo ghearán?’. I gcás ceist ar bith nár freagraíodh sa treoir seo, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Coimisiún na Meán ag: + 353 1 963 7755 nó usersupport@cnam.ie.

Ní foláir do Choimisiún na Meán fógra a thabhairt ar a shuíomh gréasáin maidir lena chinntí i dtaobh gearán. Liostaítear anseo cinntí an Choimisiúin i dtaobh gearán go dtí seo.

Cruinniú maidir le Cinneadh ar Ghearáin 10 Iúil 2024