Gach Nuacht

Coimisiún na Meán le fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach faoin gCód Sábháilteachta Ar Líne

Foilsithe ar

27,05,2024

Beidh feidhm ag rialacha sábháilteachta ar líne, ar rialacha ceangailteacha iad, maidir le hardáin comhroinnte físeán bunaithe in Éirinn

D’fhoilsigh Coimisiún na Meán (27.05.2024) Dréacht-Chód Sábháilteachta ar Líne nuashonraithe inniu mar fhreagairt ar a chomhairliúchán poiblí. Leagfar síos rialacha ceangailteacha leis an gCód deiridh a bheidh i bhfeidhm maidir le hardáin comhroinnte físeán a bhfuil a gceanncheathrú AE acu in Éirinn. Tá an Cód á chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh inniu (27.05.2024) faoin bpróiseas maidir leis an Treoir um Chóras Faisnéise na Rialachán Teicniúil (TRIS), a bhfuil tréimhse neamhghníomhaíochta 3-4 mhí i gceist leis. Nuair a bheidh an próiseas seo críochnaithe, cuirfidh Coimisiún na Meán an Cód i bhfeidhm ar ardáin comhroinnte físeán a bhfuil a gCeanncheathrú AE acu in Éirinn.

Beidh an Cód deiridh ina chuid de Chreat Iomlán Sábháilteachta ar Líne de chuid Choimisiún na Meán. Leis an gCreat seo, beidh seirbhísí digiteacha freagrach as an gcaoi a dtugann siad cosaint do dhaoine, go háirithe leanaí, ó dhíobháil ar líne. Bainfidh an Cód nuashonraithe, agus na codanna eile den Chreat Sábháilteachta ar Líne cuspóirí an Achta um Shábháilteacht ar Líne agus Rialúchán na Meán amach, rud a fhágfaidh go mbeidh eispéiris níos sábháilte ar líne ag daoine ar fud na hÉireann.

Tugann an Cód oibleagáidí isteach ar ardáin comhroinnte físeán chun a n‑úsáideoirí a chosaint ó ábhar díobhálach, lena n‑áirítear:

  • Cosc a chur ar uaslódáil nó ar chomhroinnt ábhair dhíobhálaigh ar a seirbhísí lena n‑áirítear cibearbhulaíocht, a bheith ag cur féindochar nó féinmharú chun cinn agus neamhoird ithe nó bheathaithe a bheith á gcur chun cinn chomh maith le mealltacht i dtreo fuatha nó foréigin, ábhar maidir le mí-úsáid gnéis leanaí, ciníochas agus seineafóibe.
  • Úsáid a bhaint as dearbhú aoise ionas nach bhfeicfidh páistí pornagrafaíocht ná foréigean gan ghá ar líne agus fíorú aoise i bhfeidhm de réir mar is cuí.
  • Rialúcháin tuismitheoirí a chur ar fáil le haghaidh ábhar a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh d’fhorbairt fhisiciúil, meabhrach nó mhorálta i bpáistí faoi 16 bliana déag.

Tugtar na huirlisí do Choimisiún na Meán sa Chreat Sábháilteachta ar Líne ina iomláine chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá le díobháil ar líne, lena n‑áirítear infhaighteacht an ábhair neamhdhleathaigh, tionchar díobhálach na gcóras molta, agus cosaintí uireasacha le haghaidh páistí ar sheirbhísí na meán sóisialta.

Dúirt an Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne, Niamh Hodnett: “Is gá saol níos sábháilte a chruthú ar líne do gach duine againn, agus go mór mór dár bpáistí. Is céim thábhachtach chun cinn é an Cód nuashonraithe seo ionas go mbeidh ardáin freagrach as daoine a choinneáil sábháilte ar líne. Cuirtear san áireamh sa Chód na freagairtí ar ár gcomhairliúchán poiblí agus ar ár gcomhairliúchán lenár gCoiste Comhairleach don Óige. Cuirimid an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoin gCód anois agus nuair a bheidh an próiseas sin críochnaithe, cuirfimid i bhfeidhm é níos déanaí i mbliana.”

Dúirt Cathaoirleach Feidhmiúcháin Choimisiún na Meán, Jeremy Godfrey: “I dteannta leis na cumhachtaí atá againn faoi Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha an AE agus faoin Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheora ar Líne, fágfaidh an Cód Sábháilteachta ar Líne go mbeidh sraith láidir uirlisí againn chun feabhas a chur ar shaol daoine ar líne. Déanfaimid cinnte go n‑úsáidfimid réimse iomlán ár gcumhachtaí chun feabhas a chur ar eispéiris daoine ar líne.”