
D’fhógair Coimisiún na Meán conarthaí craoltóireachta fuaime nua do sheirbhísí raidió formáide leithne áitiúla a fhreastalaíonn ar éisteoirí sna contaetha seo a leanas: Gaillimh, an Lú agus an Mhí, Maigh Eo, Port Láirge agus an Clár.
- Galway Bay FM
- LMFM
- Midwest Radio
- WLR FM
- Clare FM
Shínigh gach craoltóir thuas conarthaí nua deich mbliana idir mí Lúnasa agus mí na Nollag 2023, i ndiaidh próiseas ceadúnaithe a thosaigh réamhtheachtaí an Choimisiúin, Údarás Craolacháin na hÉireann.
Dúirt an Coimisinéir Craoltóireachta, Celene Craig, an méid seo a leanas: “Tá ríméad ar Choimisiún na Meán conarthaí nua deich mbliana a dhéanamh leis na craoltóirí seo, atá i ndiaidh a bheith ag soláthar réimse éagsúil ábhair áitiúil ar ardchaighdeán dá n-éisteoirí ina gcuid réimsí saincheadúnais faoi seach, ábhar a chuireann siamsaíocht agus faisnéis ar fáil. Guím gach rath ar gach stáisiún le linn a dtéarma conartha nua.”
“Tá an Coimisiún tiomanta do chabhrú le héagsúlacht seirbhísí agus réimse roghanna seirbhíse a choimeád d’éisteoirí raidió ar fud na hÉireann agus táimid ag súil le leanúint ar aghaidh lenár ngníomhaíochtaí ceadúnaithe san athbhliain.”
CRÍOCH
Teagmhálaí Meán Coimisiún na Meán: Síona Cahill / Joanne Ahern, DHR Communications. Teil: 087-753 0255 / 087-9881837
Nótaí d’Eagarthóirí
- Tá Galway Bay FM á oibriú ag Western Community Broadcasting Services Limited agus rinne sé a chonradh nua a shíniú ar an 10 Lúnasa 2023.
- Tá LMFM á oibriú ag Independent Broadcasting Corporation Limited agus rinne sé a chonradh nua a shíniú ar an 16 Deireadh Fómhair 2023.
- Tá Midwest Radio á oibriú ag County Mayo Radio Limited agus rinne sé a chonradh nua a shíniú ar an 23 Deireadh Fómhair 2023.
- Tá WLR FM á oibriú ag South East Broadcasting Company Limited agus rinne sé a chonradh nua a shíniú ar an 6 Nollaig 2023.
- Tá Clare FM á oibriú ag Clare Community Radio Holdings Plc agus rinne sé a chonradh nua a shíniú ar an 19 Nollaig 2023.
Maidir le Coimisiún na Meán:
Coimisiún nua na hÉireann chun craoltóirí, seirbhísí ar éileamh agus na meáin ar líne a rialáil, agus chun tacú le forbairt na meán is ea Coimisiún na Meán. Bunaíodh é i mí an Mhárta 2023 faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne 2022, agus tógann sé ar obair a réamhtheachtaí, Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá sé freagrach as tírdhreach rathúil agus éagsúil meán a chinntiú agus a choinneáil ar bun in Éirinn a éascaíonn meascán guthanna, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha, chomh maith le timpeallacht shábháilte ar líne. Is iad seo a leanas a chuid freagrachtaí:
- Maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físeáin ar éileamh.
- Maoirseacht a dhéanamh ar mhaoiniú earnáil na meán i gcoitinne in Éirinn agus tacú le forbairt na hearnála sin.
- Córas rialála na hÉireann maidir le sábháilteacht ar líne a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú.