Seirbhísí Craolacháin agus Físeáin ar Éileamh – Do Cheart chun Gearán a Dhéanamh

Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh má chreideann tú go bhfaca tú, nó gur chuala tú, rud a craoladh nó a cuireadh ar fáil ar sheirbhís closamhairc ar éileamh (“Físeán ar Éileamh”) nach bhfuil i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar amach i reacht (Cuid 3B den Acht Craolacháin 2009) agus/nó i gcód nó riail maidir le seirbhís meán.  Soláthraítear do cheart chun gearán a dhéanamh ag alt 48(1) den Acht Craolacháin 2009.

Is é an ról atá ag Coimisiún na Meán i ndáil le gearáin gearán a bhreithniú agus a chinneadh cé acu ar cheart nó nár cheart:

  1. é a chur ar aghaidh chuig an gcraoltóir nó an soláthraí físeáin ar éileamh ábhartha lena láimhseáil,
  2. diúltú dó (in imthosca áirithe), nó
  3. é a chur ar aghaidh le go ndéanfaidh duine atá údaraithe ag an gCoimisiún chun na cinntí sin a dhéanamh, é a imscrúdú. 

Gheobhaidh tú roinnt ceisteanna agus freagraí coitianta thíos chun tú a threorú tríd an bpróiseas gearán.  Mura dtugtar freagra ar do cheisteanna anseo, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis Coimisiún na Méan (an gCoimisiún) ag: + 353 1 963 7755 nó usersupport@cnam.ie.

Séanadh: Ní comhairle dlí atá san fhaisnéis a sholáthraítear ar an suíomh gréasáin seo agus tá sí beartaithe chun críoch faisnéiseach ginearálta amháin.  Níl an fhaisnéis a sholáthraítear uileghabhálach ná ina hionadaí ar chomhairle ghairmiúil.

Cé atá in ann gearán a dhéanamh?
Cé na seirbhísí faoinar féidir liom gearán a dhéanamh?
Cé na hábhair ar féidir liom gearán a dhéanamh fúthu?
Cé leis a ndéanaim gearán?

Gearán a dhéanamh le craoltóir nó soláthraí físeáin ar éileamh

Cad é atá ag teastáil uaim chun gearán a dhéanamh le craoltóir/soláthraí físeáin ar éileamh?
Cá mhéad ama atá agam chun gearán a dhéanamh?
Céard leis ar féidir liom a bheith ag súil ó chraoltóir/soláthraí físeáin ar éileamh agus mo ghearán á láimhseáil?
Cad is féidir liom a dhéanamh mura dtugann craoltóir/soláthraí físeáin ar éileamh freagra ar mo ghearán?
Cad is féidir liom a dhéanamh mura bhfuilim sásta leis an bhfreagra ó chraoltóir/soláthraí físeáin ar éileamh ar mo ghearán?
Céard is féidir liom a dhéanamh mura mian liom gearán a dhéanamh le craoltóir/soláthraí físeáin ar éileamh?

Gearán a Dhéanamh le Coimisiún na Meán

Conas is féidir liom gearán a dhéanamh le Coimisiún na Meán?
Cathain is féidir liom gearán a dhéanamh le Coimisiún na Meán?
Cá mhéad ama atá agam chun gearán a dhéanamh le Coimisiún na Meán?
Cad é is gá dom a áireamh i mo ghearán le Coimisiún na Meán?
An seiceálann Coimisiún na Meán an bhfuil mo ghearán bailí?
Conas a dhéanann Coimisiún na Meán measúnú ar mo ghearán?
Cé na critéir a chuireann an Coimisiún i bhfeidhm agus cinneadh á dhéanamh maidir le mo ghearán?
Cé chomh fada a thógfaidh sé ar an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le mo ghearán?
Conas a fhaighim uasdátaithe ar mo ghearán?
Cathain a thabharfar fógra dom maidir le cinneadh an Choimisiúin i ndáil le mo ghearán?
Cad a tharlaíonn má chuirtear mo ghearán ar aghaidh chuig an gcraoltóir/an soláthraí físeáin ar éileamh?
Cad a tharlaíonn má dhiúltaítear do mo ghearán?
Cad a tharlaíonn má chuirtear mo ghearán ar aghaidh lena bhreithniú le haghaidh imscrúdú?
Cad is féidir liom a dhéanamh mura bhfuilim sásta le cinneadh Choimisiún na Meán maidir le mo ghearán?
Cén fhaisnéis a fhoilsíonn Coimisiún na Meán faoi mo ghearán?
Cad a dhéanann Coimisiún na Meán le sonraí pearsanta a sholáthraítear le linn dom mo ghearán a dhéanamh?
Cén fhaisnéis a fhéadfaidh Coimisiún na Meán a chur ar fáil maidir le mo ghearán?