Gach Nuacht

Dearbhaíonn Coimisiún na Meán a intinn an mear-phróiseas ceadúnaithe chun conarthaí craolacháin fuaime a dheonú 

Foilsithe ar

10,06,2024

I gcomhréir le halt 67(3) den Acht Craolacháin 2009 arna leasú, (“Acht”) fógraíonn Coimisiún na Meán (“An Coimisiún”) leis seo go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún an mear-phróiseas ceadúnaithe a agairt faoi alt 67(6) den Acht chun gach ceann de na naoi gconradh craolacháin fuaime (“Conradh”), a bhfuil cur síos orthu thíos, a dheonú. 

Má tá suim ag aon duine, seachas an sealbhóir, an tseirbhís chraolacháin fuaime seo a sholáthar, ní mór dóibh aighneacht i scríbhinn a chur isteach, ag cur in iúl gur mian leo iarratas a dhéanamh ar dheonú an chonartha seo, agus éarlais sa mhéad €20,000 a chur i dtaisce leis an gCoimisiún faoin spiocdháta atá luaite.  Tá an éarlais sin in-aisíoctha, má chuirtear iarratas ar dheonú an chonartha faoi bhráid an Choimisiúin ina dhiaidh sin, de réir alt 67(5) den Acht. 

Ní mór an aighneacht a bheith leagtha amach de réir an “Treoir d’Aighneachtaí: Léiriú Intinne” atá foilsithe thíos do gach conradh craolacháin fuaime. Ní ionann Léiriú Intinne a chuirtear isteach mar fhreagairt ar an bhfógra seo agus iarratas ar an gConradh. Eiseofar cuireadh chun iarratas a dhéanamh ar dheontas an Chonartha de réir alt 65(8) den Acht ar leithligh, má mheasann an Coimisiún gur cuí déanamh amhlaidh. 

An Mhumhain 

  • Réigiún an Oir-Dheiscirt lena n-áirítear Cathair agus Contae Phort Láirge, Tiobraid Árainn Theas agus Contae Cheatharlach, Contae Chill Chainnigh agus Loch Garman Seirbhís reigiúnach tiomanta ar cheol don aoisghrúpa 15-34 bliain d’aois  

Tá an Conradh, le WKW FM Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Beat 102-103, le dul in éag ar an 30 Márta 2025. 

Treoir agust Foirm

  • Contae Chiarraí Seirbhís áitiúil i bhformáid leathan  

Tá an Conradh, le Raidió Chiarraí Teoranta faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Radio Kerry, le dul in éag ar an 9 Aibreán 2025. 

Treoir agust Foirm

  • Cathair agus Contae Chorcaí – tá dhá sheirbhís ag feidhmiú faoi chonradh aonair, mar seo a leanas: 
  1. Seirbhís áitiúil i bhformáid leathan ag craoladh mar C103. 
  1. Seirbhís áitiúil tiomanta ar cheol don aoisghrúpa 25-44 bliain d’aois ag craoladh mar Cork’s 96FM. 

Tá an Conradh, le County Media Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhísí thuasluaite, le dul in éag ar an 30 Aibreán 2025. 

Treoir agust Foirm


Connacht-Ulaidh 

  • Tuaisceart Dhún na nGall – Seirbhís áitiúil i bhformáid leathan  

Tá an Conradh, le Donegal Highland Radio Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Highland Radio, le dul in éag ar an 30 Márta 2025. 

Treoir agust Foirm

  • Contae Shligigh, Liatroma Thuaidh agus Deisceart Dhún na nGall – Seirbhís áitiúil i bhformáid leathan  

Tá an Conradh, le North West Broadcasting Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Ocean FM, le dul in éag ar an 30 Márta 2025. 

Treoir agust Foirm


Laighin seachas Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath 

  • Contae Chill Chainnigh agus Contae Cheatharlach – Seirbhís áitiúil i bhformáid leathan  

Tá an Conradh, le C.K. Broadcasting Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse KCLR 96FM, le dul in éag ar an 21 Aibreán 2025. 

Treoir agust Foirm

  • Contae Laoise, Contae Uíbh Fhailí agus Contae na hIarmhí – Seirbhís áitiúil i bhformáid leathan  

Tá an Conradh, le Midlands Community Radio Services Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Midlands 103, le dul in éag ar an 30 Márta 2025. 

Treoir agust Foirm


Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath 

  • Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath – Seirbhís áitiúil tiomanta ar cheol don aoisghrúpa atá 15-34 bliain d’aois 

Tá an Conradh, le Bauer Audio Ireland Limited ar son Bauer Audio Ireland LP faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Spin 103.8, le dul in éag ar an 5 Aibreán 2025. 

Treoir agust Foirm

  • Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath – Seirbhís áitiúil tiomanta ar cheol sainréimse 

Tá an Conradh, le Star Broadcasting Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Sunshine 106.8, le dul in éag ar an 30 Márta 2025. 

Treoir agust Foirm