Gach Nuacht

Deimhníonn Coimisiún na Meán an chéad Chomhlacht um Réiteach Díospóidí Lasmuigh den Chúirt

Foilsithe ar

08,10,2024

Inniu, an 08.10.2024, d’fhoilsigh Coimisiún na Meán sonraí maidir le deimhniúchán Ionad Eorpach um Achomhairc (ACE) mar chomhlacht um Réiteach Díospóidí Lasmuigh den Chúirt (Comhlacht ODS). Faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, d’fhéadfadh comhlachtaí a bhunaítear in Éirinn iarratas ar dheimhniúchán mar Chomhlacht ODS a chur faoinár mbráid.

Is féidir le comhlacht ODS cabhrú le húsáideoirí ar líne díospóidí maidir le hardáin ar líne a réiteach, lena n-áirítear gearáin nár réitíodh trí chóras inmheánach um láimhseáil gearán de chuid ardáin ar líne. Níl cinntí na gcomhlachtaí ODS ceangailteach.

Bronnadh deimhniúchán ar ACE, comhlacht atá cláraithe in Éirinn, ar feadh tréimhse cúig bliana, ón 26 Meán Fómhair 2024 go dtí an 26 Meán Fómhair 2029. Is ionann an réimse saineolais faoina mbronntar an deimhniúchán agus tabhairt isteach agus forfheidhmiú téarmaí agus coinníollacha i leith ardáin ar líne.

Chun deimhniúchán a fháil mar chomhlacht ODS ní mór don iarrthóir na coinníollacha seo a leanas, mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Ghníomh, a chomhlíonadh.

  • Neamhchlaontacht agus neamhspleáchas, lena n-áirítear neamhspleáchas ar bhonn airgeadais de, maidir le soláthraithe ardán ar líne agus faighteoirí na seirbhíse.
  • Saineolas maidir le hábhar mídhleathach, nó maidir le tabhairt isteach agus forfheidhmiú téarmaí agus coinníollacha i leith ardáin ar líne.
  • Luach Saothair, lena gceanglaítear go dtugtar luach saothair do chomhaltaí an chomhlachta ODS ar bhealach nach bhfuil nasctha le toradh an nós imeachta;
  • Inrochtaineacht, lena gceanglaítear go bhfuil rochtain éasca ar an díospóid ODS, trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí agus déantar foráil ann maidir leis an bhféidearthacht réiteach díospóidí a thionscnamh agus doiciméid tacaíochta riachtanacha a chur isteach ar líne.
  • Réiteach tapa éifeachtúil díospóide, lena gceanglaítear go bhfuil sé ar chumas an chomhlachta ODS díospóidí a réiteach ar bhealach tapa, éifeachtúil agus costéifeachtach agus i dteanga oifigiúil amháin de chuid institiúidí an Aontais ar a laghad;
  • Rialacha soiléire agus cothroma, lena gceanglaítear go réitítear an díospóid ODS i gcomhréir le rialacha nós imeachta soiléire agus cothroma atá inrochtana go héasca agus go poiblí.

Is féidir tuilleadh eolais maidir leis an bpróiseas deimhniúcháin do Chomhlacht ODS, lena n-áirítear cáipéis treorach agus foirm iarratais, a fháil ar ár leathanach um threoir tionscadail.