![](https://www.cnam.ie/app/uploads/2025/02/CNM_PRINT_MUSEUM_-020-scaled.jpg)
Líonfar níos mó ná 100 ról nua nó feabhsaithe san iriseoireacht faoi Scéimeanna Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil agus Cúirteanna
Nach mór €5.7 milliún bronnta ar sholáthraithe nuachta ar fud na hÉireann chun tacú le hiriseoireacht neamhspléach atá ar ardchaighdeán
D’fhógair Coimisiún na Meán inniu (06.02.25) go mbronnfaí €5.7 milliún ar sholáthraithe nuachta ar fud na hÉireann faoina chuid Scéimeanna Iriseoireachta nua.
Cuimsítear Tuairisciú ar Dhaonlathas Áitiúil agus Cúirteanna sna Scéimeanna Iriseoireachta seo. Is é seo an chéad uair ag Coimisiún na Meán tacú go díreach le cúrsaí iriseoireachta ar leas an phobail atá neodrach ó thaobh ardáin de agus rachaidh a leithéid chun tairbhe do mhuintir na hÉireann go léir.
Mar chuid de na sparánachtaí seo, cruthófar níos mó ná 100 ról, cuid acu nua agus cuid acu feabhsaithe, san iriseoireacht ar fud fad na tíre.
Astu seo, beidh 71 ról nua-mhaoinithe le haghaidh iriseoirí agus cuirfear le ról 30 iriseoir eile a bhí mar shaor-iriseoirí nó mar iriseoirí páirtaimseartha go dtí seo.
Ag trácht dó ar sheoladh na Scéimeanna Iriseoireachta, dúirt an Coimisinéir ar Fhorbairt na Meán i gCoimisiún na Meán, Rónán Ó Domhnaill:
“Comhlíontar sna Scéimeanna seo cuspóir Choimisiún na Meán chun tacú le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha atá ar ardchaighdeán, iontaofa agus neamhspleách. Imreoidh na Scéimeanna Iriseoireachta ról lárnach chun daonlathas bríomhar na hÉireann a chothú agus muintir na hÉireann a spreagadh agus a chur ar an eolas mar gheall ar cheisteanna atá tábhachtach dóibh. Tá tábhacht nach beag ag baint leis an nuacht áitiúil do mhuintir na hÉireann, agus cinnteofar leis na scéimeanna seo go bhfaighidh siad na scéalta a bhaineann leo.”
“Ní beag an t-éileamh a bhí ar na Scéimeanna seo. Fuair muid 131 iarratas agus bhronn muid maoiniú ar 103 díobh seo faoin Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil agus Cúirteanna, Scéim Tuairiscithe na gCúirteanna agus faoi Scéimeanna Coimhdeacha eile a thacaíonn le hiriseoireacht i bhfoirm fhada, le mion-iriseoireacht agus le hiriseoireacht iniúchta. Déanfar iriseoireacht a mhaoiniú i ngach ceann den 26 contae a bhaineann le mórcheisteanna poiblí, obair na n-údarás áitiúil agus na gcúirteanna dúiche agus cuarda san áireamh. Cúis mhórtais dúinn é go bhfuil maoiniú á chur ar fáil againn d’iriseoireacht Ghaeilge agus Bhéarla agus do thionscadail tuariscithe ar líne nuálacha eile.”
“Bhí an-tábhacht ag baint le tacaíocht an Aire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt agus a Roinn chun na Scéimeanna seo a mhaoiniú agus táimid ag súil le caidreamh breise a dhéanamh leis an Roinn amach anseo. An chéad chéim atá i gceist leis na Scéimeanna Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil agus Cúirteanana as na sé Scéim ar a laghad a dearadh chun tacú agus cur le hiriseoireacht na hÉireann sna blianta amach romhainn. Amach sa bhliain, osclófar dhá Scéim eile le haghaidh iarratas, chomh maith le glaoch eile den Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil agus Cúirteanna.”
Is ar bhonn riaracháin atá na chéad Scéimeanna Iriseoireachta ag feidhmiú i láthair na huaire agus forbraíodh iad i ndiaidh próiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh anuraidh. Rinne painéal de mheasúnóirí neamhspleácha na hiarratais a mheas. Bhí na Scéimeanna ar cheann de na moltaí a rinneadh i dTuairisc an Choimisiúin ar Thodhchaí na Meán.
Déanfar athbhreithniú rialta ar na Scéimeanna Iriseoireachta tosaigh chun a gcuid éifeachtachta a mheas, agus beidh an t-athbhreithniú mar bhonn eolais agus Scéimeanna á bhforbairt amach anseo chun earnáil na meán in Éirinn a neartú.