€7m bronnta sa bhabhta is déanaí d’Fhuaim & Fís

Two people reviewing content on laptop

Maoiniú leithdháilte ar 25 léiriú teilifíse agus 59 léiriú raidió

D’fhógair Coimisiún na Meán inniu (18.03.2025) €7.1 milliún i maoiniú chun tacú le craoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha ar fud na tíre. Bronnadh maoiniú ó bhabhta 55 den Scéim Fuaim & Fís ar 84 thionscadal teilifíse agus raidió, lena náirítear cláir faisnéise, drámaí agus gearrthóga beochana, chomh maith le clársceidealú siamsaíochta agus oideachasúil. 

Rachaidh 92% den mhaoiniú ón mbabhta seo i dtreo na hearnála léiriúcháin neamhspleách – €6.5 milliún san iomlán.  Rachaidh nach mór 35% den mhaoiniú chuig léiriúcháin Ghaeilge nó dhátheangacha agus leithdháilfear nach mór an ceathrú cuid den mhaoiniú ar thionscadail atá dírithe ar leanaí agus daoine óga, rud a chuidíonn le réimse leathan clársceidealúcháin a léiriú do gach aoisghrúpa.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán: “Tá Coimisiún na Meán tiomanta do thacaíocht a thabhairt d’earnáil meán atá rathúil, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte agus iontaofa. Tá ríméad orainn a bheith in ann maoiniú Fuaim & Fís a bhronnadh ar réimse tionscadal raidió agus teilifíse, rud a chuirfidh go mór le hinfhaighteacht réimse éagsúil clársceidealúcháin do lucht féachana agus éisteachta ar fud na tíre agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an Aire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt agus lena Roinn a leithdháil maoiniú breise €1 mhilliún don bhabhta maoiniúcháin seo.

“Leanann Fuaim & Fís de bheith ina fhoinse maoiniúcháin ríthábhachtach don earnáil léiriúcháin neamhspleách, go háirithe do chlársceidealú nach mbeadh déanta murach sin. Tríd sin, spreagtar an nuálaíocht agus cuirtear an inbhuanaitheacht chun cinn laistigh den earnáil. Rannchuidíonn an maoiniú freisin le comhionannas inscne, éagsúlacht agus ionchuimsitheacht, agus é á áirithiú go ndéantar ionadaíocht do ghlórtha ó chúlraí éagsúla agus go dtacaítear leo laistigh den tionscal. As na 25 thionscadal teilifíse rathúla, tá baint ag mná i ról an léiritheora in 80% díobh.”

I gcomhréir leis na babhtaí roimhe sin maidir le Fuaim & Fís, sháraigh an téileamh ar an scéim na cistí atá ar fáil go mór – fuarthas 159 niarratas inar iarradh €18.3 milliún san iomlán.

Seo a leanas roinnt samplaí d’iarratasóirí rathúla:

  • Try! – Tá Try!, a léirigh Pipedream Productions, lena chraoladh ar Virgin Media One ina léiriú ar cheathrar carachtar éagsúil a scriosann steiréitíopaí agus a sháraíonn bacainní, ar an bpáirc agus lasmuigh di, ar a dturas chuig Corn an Domhain sa Rugbaí don Chumas Measctha in Pamplona i mí an Mheithimh 2025. Sa scéal ionchuimsitheachta spreagúil seo, tá ceathrar imreoirí, atá agus nach bhfuil faoi mhíchumas, a oibríonn agus a imríonn le chéile chun a mbrionglóid a bhaint amach maidir le Corn an Domhain a bhuachan.  
  • Beo ón gCuan 3 – Déanfar séasúr nua de cheolchoirmeacha 90 nóiméad le ceoltóirí agus grúpaí traidisiúnta aitheanta a thaifeadadh beo i Stiúideo Cuan agus a chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus RTÉ Radio 1. 
  • One Sweet Hour – Le craoladh ar RTÉ, baineann an príomhscannán drámaíochta seo le haithriseoir Elvis atá ag dul in aois agus a thugann aghaidh ar a chuid fadhbanna, ar deireadh, faoi mar a thugann sé turas ar chanálacha Lár na Tíre ar bhád lena dheartháir nach raibh feicthe le fada an lá aige agus a d’fhág a shaol le déanaí i mainistir. Is é Declan Recks a bheidh ina stiúrthóir ar an scannán a scríobh Eugene O’Brien agus a léirigh Samson Films. 
  • Wordsmith Léirigh Padraic Flaherty é lena chraoladh ar Clare FM, agus sa chlár faisnéise seo, fiosrófar saol agus oidhreacht Edna O’Brien, údar úrscéalta, drámaí agus gearrscéalta a rugadh i gContae an Chláir. Lena cuid saothar, lena náirítear an tríológ choiscthe The Country Girls, athmhúnlaíodh insint nua-aimseartha na hÉireann. 
  • Misinformation Nation – Léirigh Virgin Media é lena chraoladh ar Virgin Media One, agus leis an tsraith faisnéise, fiosraítear mífhaisnéis sa ré dhigiteach in Éirinn agus an tionchar atá aici ar an tsochaí i gcoitinne.   
  • A Day in May Leis an gclár faisnéise seo, rud a léirigh John Kelleher Media lena chraoladh ar Theilifís an Oireachtais, machnófar ar chuimhneachán 10 mbliana Reifreann 2015 ar Phósadh. Tabharfaidh an drámadóir Colin Murphy athchuairt ar thrasghearradh éagsúil de phobal LADT in Éirinn, daoine ar bhuail Charlie Bird leo 10 mbliana roimhe sin dá leabhar A Day in May. Is é is aidhm don chlár tuiscint a fháil ar conas a thit Reifreann 2015 ar Phósadh amach agus cad is féidir linn a fhoghlaim uaidh inniu. 
  • Lí Ban: The Quest for Mídenn – Léireoidh Paper Owl Films Limited an dara sraith den anime eachtraíochta atá dátheangach agus anchorraitheach do leanaí idir 7 agus 9 mbliana d’aois lena chraoladh ar Chúla 4. Leathnaíonn an véarsa scéalaíochta Lí Ban le misean chun Mídenn a tharrtháil ón urchóid Balor. Tá miotais atá úrnua ach ársa, naimhde fíochmhara agus draíocht de chuid na gCeilteach le feiceáil ann, le cailín óg amháin agus a cara dílis lárnach iontu, agus iad cróga, umhal agus tiomanta an bua a fháil. 
  • Rath Dara Community College Music Project Sa tsraith trí chuid seo do stáisiún raidió an phobail, Phoenix FM, leanann na héisteoirí daltaí na hIdirbhliana i scoil DEIS i mBaile Átha Cliath ar thuras cumadóireachta ceoil. Le tacaíocht ó ghairmithe, déanann siad tobsmaointeoireacht ar théamaí agus seánraí, cumann, seinneann, taifeadann agus meascann siad a bpíosa ceoil agus cuireann siad a gceol chun cinn ar líne.
  • Anam na Mara I gclár faisnéise Gaeilge a léirigh Venom Films lena chraoladh ar TG4, breathnófar ar dhomhan cumhachtach agus fíoriomaíoch na rásaíochta curaí. I measc geallta bád diana, leanaimid grúpa fear ó phobal Gaeilge iargúlta a bhíonn ag rámhaíocht le haghaidh i bhfad níos mó ná boinn agus cearta maímh.