Tá sainchúram mór ag Coimisiún na Meán i rialáil agus i bhforbairt na meán. Tá a fhios againn go bhféadfadh sé a bheith deacair do mhúinteoirí agus d’oideoirí an t-am a fháil chun taighde a dhéanamh ar dhlíthe agus eagraíochtaí nua.
Gheobhaidh tú acmhainní éagsúla ar an leathanach seo chun cabhrú leat tuiscint níos fearr a fháil ar ról Choimisiún na Meán, ina measc pleananna ceachta agus físeán chun eolas a thabhairt do dhaltaí ar an gcaoi a gcosnaíonn Coimisiún na Meán cearta ar líne.
D’fhéadfadh ról Choimisiún na Meán agus a chumhachtaí chun cearta a chosaint ar líne a bheith ina ábhar spéise sna hábhair mheánscoile seo a leanas:
- Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS)
- Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil (OSSP)
- Inniúlacht ar na Meáin Dhigiteacha (gearrchúrsa roghnach don Teastas Sóisearach)
- Béarla
- Oideachas san Eitic
- An Pholaitíocht agus an tSochaí
- Gnó
- Stair
Ceapadh ár bpleananna ceachta chun cabhrú leat ról Choimisiún na Meán a chur i láthair do ranga agus chun iniúchadh a dhéanamh ar chearta faoinár gCreat Sábháilteachta ar Líne Treoir do Mhúinteoirí agus póstaeir in-íoslódáilte ar leith ag gabháil leis na pleananna ceachta seo.
Seo breac-chuntas ar a bhfuil i ngach plean ceachta:
Plean Ceachta don tSraith Shóisearach | Plean Ceachta don tSraith Shinsearach | ||
---|---|---|---|
Ceacht PowerPoint Bileog – Ceisteanna Coitianta do dhaltaí Bileog – Gníomhaíocht Bileog – Tábla de na dlíthe | Ceacht PowerPoint Bileog – Ceisteanna Coitianta do dhaltaí Bileog – Gníomhaíocht Bileog – Tábla de na dlíthe | ||
Ar fáil don tSraith Shóisearach agus don tStraith Shinsearach | |||
Treoir don mhúinteoir Póstaeir In-íoslódáilte Grafaic Faisnéise In-íoslódáilte * |
Tá an físeán thíos ina chuid den phlean ceachta. Tugtar cur síos ann ar na cearta a thugann ár gCreat Sábháilteachta ar Líne do dhaoine óga.
Cé nach bhfuil ár ngrafaic faisnéise* ceangailte lenár bplean ceachta, is achoimre cabhrach é do na cearta atá ag leanaí faoin ár gCreat Sábháilteachta ar Líne.
Déanfaimid an leathanach seo a nuashonrú go rialta le tuilleadh treorach agus acmhainní. Más mian leat aiseolas a thabhairt dúinn ar ár bplean ceachta, nó má tá aon treoir eile is mian leat a thabhairt dúinn, comhlánaigh an suirbhé gearr seo, le do thoil.
Má tá cabhair uait ábhar mídhleathach nó díobhálach a thuarisciú, léigh ar leathanch faoi conas gearráin a dhéanamh linn.