Tá a fhios againn gur mian le tuismitheoirí a leanaí a choinneáil sábháilte ar líne. Tuigimid freisin nach bhfuil a fhios ag tuismitheoirí i gcónaí conas tosú nó cá háit le dul chun cabhair a fháil. Is ábhar buartha é go léiríonn taighde ar nós thuarascáil NACOS go mb’fhéidir nach dtiocfaidh leanaí agus daoine óga chuig a dtuismitheoirí má bhíonn ceist acu nó imní orthu faoi rud éigin atá feicthe acu ar líne.
Agus aird á thabhairt air sin, tá sé ina chuidiú fios a bheith agat go bhfuil níos mó rialacha ann anois atá dírithe ar leanaí a chosaint ar líne. Rialaíonn ár gCreat Sábháilteachta ar Líne ardáin ar líne agus seirbhísí eile agus éilíonn sé orthu athruithe a dhéanamh ar a gcuid seirbhísí ionas go gcosnófar leanaí ar líne níos fearr agus gur lú an seans go bhfeicfidh siad ábhar díobhálach nó mídhleathach.
Féach ar an bhfíseán thíos, ina dtugtar cur síos ar na cearta a thugann ár gCreat Sábháilteachta ar Líne do dhaoine óga.
Má tá aon aisealas agaibh ar an bhfísean seo, ba bhreá linn cloisteáil uaibh. Is féidir an suirbhé seo a líonadh.
Má thagann tú ar ardán ar líne nár chomhlíon a dhualgais faoi na rialacha seo, is féidir leat tuairisc a dhéanamh do Choimisiún na Meán. Le tuilleadh eolais, féach ár leathanach faoi conas gearáin a dhéanamh linn.
Seo roinnt de na leideanna is fearr chun do leanbh a choinneáil sábháilte ar líne.
- Bain úsáid as socruithe príobháideachta: Bí cúramach cé dóibh a thugann tú cead thú a leanúint ar líne agus smaoinigh ar do chuntais a athrú go cuntais phríobháideacha. Má cheadaíonn agus nuair a ligeann tú do do leanaí rochtain a fháil ar shuíomhanna cluichíochta nó meáin shóisialta ar líne, déan cinnte go bhfuil a gcuntais socraithe go cuntais phríobháideacha agus labhair leo go rialta faoi idirghníomhú le strainséirí ar líne. Má tá imní ort faoi strainséir a bhíonn ag caint le do leanbh ar líne agus má tá amhras ort go bhféadfadh mealltóireacht a bheith ann, déan teagmháil leis na Gardaí ar 1800 555 222.
- Bain úsáid as pasfhocail láidre agus athraigh iad go minic: Smaoinigh ar fhocail Ghaeilge a úsáid i do phasfhocail le haghaidh tuilleadh cosanta, nó meascán de cheannlitreacha, litreacha beaga, uimhreacha, agus siombailí. Ba cheart duit focal atá le fáil i bhfoclóir nó ainm duine, carachtair, táirge, nó eagraíochta a sheachaint. Nuair a bhíonn pasfhocail ró-éasca, is féidir le leanaí buille iad a thomhas go minic agus rialúcháin tuismitheoirí a shárú.
- Bain úsáid as rialúcháin tuismitheoirí, ach lean ort ag caint le do leanbh faoi shábháilteacht ar líne freisin: Is féidir le rialúcháin tuismitheoirí a bheith úsáideach, go háirithe nuair a bhíonn do leanbh an-óg. Is féidir leat suíomhanna gréasáin áirithe a bhlocáil nó is féidir leat an Wi-Fi a mhúchadh ag amanna áirithe den lá. Is féidir leat a roghnú freisin rialúcháin tuismitheoirí a chur ar do Wi-Fi baile nó is féidir leat rialúcháin tuismitheoirí a shuiteáil ar gach gléas nó aip. Faoin gCreat Sábháilteachta ar Líne, ní mór go mbeadh rialúcháin tuismitheoirí i bhfeidhm ag ardáin áirithe ar líne a gceadaíonn a dtéarmaí seirbhíse d’úsáideoirí faoi 16 an tseirbhís a úsáid. Mar sin féin, tá sé tábhachtach a mheabhrú nach réiteach gasta iad rialúcháin tuismitheoirí, agus d’fhéadfaí a mheas go bhfuil siad ag baint den mhuinín agus den phríobháideachas. Is é sin an fáth go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh comhráite rialta oscailte agat le do leanbh faoi shábháilteacht ar líne. Seiceáil isteach go rialta le do leanbh faoi na rudaí is maith leo a dhéanamh ar líne, agus labhair leo faoina n-ábhair imní. Tá tuilleadh smaointe ar fáil maidir le conas é sin a dhéanamh ar uirlis Webwise chun ábhar cainte a spreagadh.
- Smachtaigh d’eispéireas: Cuir bac, balbhaigh agus/nó tuairiscigh cuntais a chuireann as duit. Má fheiceann tú rud éigin mídhleathach ar líne, Fainic, Seol Tuairisc, Seas Roimhe agus tuairiscigh go bhfuil an phostáil/an cuntas mídhleathach. Má thuairiscíonn agus nuair a thuairiscíonn tú ábhar ar líne, déan cinnte a fhiafraí de do leanaí an bhfuil a fhios acu conas é seo a dhéanamh agus, mura bhfuil, teagasc sin dóibh.
- Bain úsáid as rialúcháin folláine digiteacha: Cuimhnigh gur dearadh an chuid is mó de na haipeanna ar líne chun thú a choinneáil ag scrolláil ar feadh i bhfad. Uaireanta is féidir leis sin drochthionchar a imirt ar d’fholláine agus ar do mheabhairshláinte. Chun d’fholláine dhigiteach a chinntiú, bain úsáid as na hamadóirí agus na rialúcháin a ligeann duit súil a choinneáil ar do chuid ama ar líne. Bí aireach ar d’úsáid ghutháin/idirlín féin. D’fhéadfadh sé sin cabhrú leat dea-shampla a thabhairt do do leanaí freisin. Mar shampla, smaoinigh ar am a chur ar leataobh gach lá, nó chomh rialta agus is féidir leat, le bheith gan do ghléas agus rudaí eile a thaitníonn leat a dhéanamh (e.g. spóirt, léitheoireacht, ceardaíocht, bualadh le cara nó le duine muinteartha leat, nó fiú díreach dul ar shiúlóid). D’fhéadfá ‘staonadh digiteach’ a dhéanamh freisin má éiríonn rudaí iomarcach. Tá leideanna agus uirlisí chuige sin ar fáil ar líne.
- Seiceáil do chuid foinsí: Cé go bhfuil sé iontach go bhfuil an oiread sin faisnéise ar fáil go héasca ar líne, tá sé tábhachtach freisin a bheith aireach ar mhífhaisnéis agus ar bhréagaisnéis. Cuimhnigh agus Bíodh Tuiscint Agat ar na Meáin agus Stop, Smaoinigh, Seiceáil roimh eolas a roinnt ar líne nó glacadh leis go bhfuil sé fíor. Spreag do leanbh gan an chéad rud a thagann aníos ar inneall cuardaigh a chreidiúint (is fógra a thagann aníos ar dtús go han-mhinic), agus cuir i gcuimhne dóibh seiceáil isteach leatsa nó le múinteoir i gcónaí mura bhfuil siad cinnte faoi eolas ar líne.
- Bí cineálta ar líne: Smaoinigh sula postálann tú, bí i d’eiseamláir mhaith do pháistí agus bí cineálta ar líne.
Tuilleadh eolais/treoracha
Is rialálaí nua é Coimisiún na Meán sa spás sábháilteachta ar líne seo. Tá go leor eagraíochtaí iontacha eile in Éirinn ag obair go dian chun cumhacht a thabhairt do thuismitheoirí muinín a bheith acu astu féin chun sábháilteacht ar líne agus litearthacht sna meáin a phlé lena leanbh. Féach thíos ceisteanna coitianta a d’fhéadfadh a bheith ag tuismitheoirí agus ár dtreoracha chuig go leor acmhainní úsáideacha atá i bhfeidhm cheana féin.