Gach Nuacht

Foilsíonn Coimisiún na Meán próiseas cinnteoireachta chun aghaidh a thabhairt ar ábhar sceimhlitheoireachta a scaiptear ar líne

Foilsithe ar

13,06,2024
  • Leagann an Creat um Chinntí nuafhoilsithe cur chuige céim ar chéim amach lena mheas cé acu an bhfuil nó nach bhfuil soláthraí seirbhísí óstála (HSP) ‘neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta’
  • Bheadh ar nasoláthraithe sin bearta sonracha a dhéanamh ansin chun seirbhísí a chosaint ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta
  • Tá Rialachán an AE maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta Ar Líne mar chuid de Chreat Sábháilteachta Ar Líne Choimisiún na Meán
  • Inniu, (13 Meitheamh), d’fhoilsigh Coimisiún na Meán an próiseas cinnteoireachta a bheidh in úsáid acu le cinneadh a dhéanamh cé acu atá soláthraí seirbhísí óstála (HSP) in Éirinn neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta ar líne. Is samplaí iad ardáin meán sóisialta, seirbhísí óstála gréasáin agus néalseirbhísí de sholáthraithe seirbhísí óstála.

    Sa chás go gcinntear go bhfuil soláthraí seirbhísí óstála neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta, beidh sé de dhualgas orthu bearta sonracha a dhéanamh. Féadfaidh an méid a leanas a bheith san áireamh:

    • céimeanna a ghlacadh lena sheirbhísí a chosaint ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar an bpobal
    • a bheith freagrach do Choimisiún na Meán maidir leis na bearta sonracha atá glactha aige – agus a ghlacfaidh sé – le cloí lenaoibleagáidí.
    • forálachaa áireamh, i gcás inarb infheidhme, ina gcuid téarmaí agus coinníollachachun aghaidh a thabhairt ar mhí‑úsáid a sheirbhísí le haghaidh scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar an bpobal

    Sa Chreat um Chinntí, leagtar na céimeanna amach a ghlacfaidh Coimisiún na Meán chun Rialachán an AE maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne (TCOR) a fhorfheidhmiú, atá mar chuid de Chreat Sábháilteachta Ar Líne na heagraíochta.

    Tá foráil sa Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne le haghaidh sásra ar fud an AE chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh an ábhair sceimhlitheoireachta ar líne agus chun cur ar chumas na soláthraithe seirbhíse óstála ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint go tapa. Is ábhar é ábhar sceimhlitheoireachta a ghríosaíonn, a mheallann, a bhagraíonn nó a chuireann treoir ar fáil maidir le cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh.

    Faoin reachtaíocht, is é An Garda Síochána an t-údarás inniúil faoin Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne atá freagrach as orduithe baint anuas a eisiúint ar ábhar sceimhlitheoireachta do sholáthraithe seirbhísí óstála in Éirinn. Cuirtear tús le ról an Choimisiúin faoin Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne nuair a chuirtear ar an eolas é go bhfuil dhá ordú baint anuas nó níos mó faighte ag soláthraí seirbhísí óstála atá lonnaithe in Éirinn mar gheall ar ábhar sceimhlitheoireachta ó aon údarás inniúil de chuid an Aontais Eorpaigh sa 12 mhí roimhe sin. Ansin, déanfaidh an Coimisiúnbreithniú cé acu ar chóir forálacha an Rialacháin maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne a chur i bhfeidhm agus an Creat um Chinntí chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh an ábhair sceimhlitheoireachta ar líne á chomhlíonadh aige.

    Má sháraíonn soláthraithe seirbhísí óstála an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta Ar Líne, féadfar fíneálacha riaracháin a ghearradh lena n-áirítear pionóis airgeadais suas le ceathair faoin gcéad den láimhdeachas iomlán.

    Dúirt Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne de chuid Choimisiún na Meán, Niamh Hodnett:“Tá Coimisiún na Meán freagrach as iallach a chur ar sheirbhísí digiteacha, a bhfuil a gceanncheathrú in Éirinn acu, a bheith freagrach as an gcaoi a dtugann siad cosaint do dhaoine ó dhíobháil ar líne. Tá ábhar sceimhlitheoireachta ar cheann de na catagóirí is dainséaraí d’ábhar sceimhlitheoireachta a dtugtar aghaidh air inár gCreat Sábháilteachta Ar Líne.

    “Bainfidh an Coimisiún úsáid as gach beart atá ar fáil faoinár gCreat Sábháilteachta Ar Líne le húsáideoirí a chosaint ó ábhar sceimhlitheoireachta ar líne. Sa Chreat um Chinntí a foilsíodh inniu, leagtar amach an próiseas a leanfaidh Coimisiún na Meán mar údarás inniúil na hÉireann faoi Rialachán an Aontais maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne chun cinneadh a dhéanamh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil soláthraí seirbhísí óstála neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta, agus leagtar amach na príomhoibleagáidí a bheadh ar sholáthraí seirbhísí óstála tar éis de chinneadh den chineál sin a bheith glactha. Is céim eile é an Creat um Chinntí le húsáideoirí seirbhísí ar líne a chosaint ó dhíobháil”.

    Tá an Creat Sábháilteachta ar Líne comhdhéanta den Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne, an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, a chuireann bac ar ábhar mídhleathach ar ardáin ar líne, lena n-áirítear ábhar sceimhlitheoireachta, agus den Chód Sábháilteachta ar Líne nuafhoilsithe, a chuirfidh bac, agus é tugtha chun críche, ar ábhar sceimhlitheoireachta a uaslódáil agus a roinnt ar sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán.