Gach Nuacht

Léigh ár dtreoirlínte nuashonraithe maidir le clúdach craolacháin toghchán

Foilsithe ar

11,11,2024

Tagann na Treoirlínte nuashonraithe i bhfeidhm ón inniu 11 Samhain go dtí go ndúnfar na stáisiúin vótaíochta an 29 Samhain

D’fhoilsigh Coimisiún na Meán a Threoirlínte inniu (11.11.24) maidir le Clúdach Craolacháin Toghchán. Tugtar treoir agus comhairle do chraoltóirí sna Treoirlínte maidir le conas is féidir cothroime, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a bhaint amach ina gclúdach ar thoghcháin.

Tá na Treoirlínte á bhfoilsiú roimh an Olltoghchán, atá sceidealta le bheith ar siúl an Dé hAoine, 29 Samhain. Tagann na Treoirlínte i bhfeidhm ón inniu, Dé Luan, 11 Sahmain agus tá feidhm acu maidir le clúdach na dtoghchán go dtí go ndúnfar na stáisiúin vótaíochta an 29 Samhain.

Ag labhairt faoi fhoilsiú na dTreoirlínte, dúirt an Coimisinéir Craoltóireachta agus Físeáin ar Éileamh de chuid Choimisiún na Meán, Aoife MacEvilly: “I mbliana, díreofar anseo i gCoimisiún na Meán ar na toghcháin agus sláine na dtoghchán thar aon ní eile. Imríonn craoltóirí ról lárnach maidir le conas a chuirtear daoine ar an eolas le linn tréimhsí toghcháin agus dá bhrí sin ní mór dóibh a chinntiú go bhfuil na cláir nuachta agus cúrsaí reatha go léir cothrom, oibiachtúil agus neamhchlaonta. Beidh foilsiú na dtreoirlínte toghcháin inniu ina chuidiú ag craoltóirí lena gcur chuige i leith clár le linn tréimhsí toghcháin agus cuideoidh sé leo a chinntiú go bhfuil a dtuairisciú oscailte agus trédhearcach. Ceapadh na treoirlínte chun cuidiú le craoltóirí a n-oibleagáidí a chomhlíonadh.”

“Taobh leis na treoirlínte seo, táimid ag foilsiú Pacáiste Eolais Toghcháin le heolas a chur ar fáil d’iarrthóirí a bheidh ag seasamh i dtoghcháin in Éirinn maidir le cad is féidir leo a dhéanamh i gcás díobháil ar líne. Táimid i dteagmháil le hardáin ar líne freisin le cinntiú go n-imríonn siad a ról chun sláine na dtoghchán a dhearbhú agus chun a chinntiú gur féidir le daoine fud fad na hÉireann roghanna saora, córa agus feasacha a dhéanamh maidir lena vóta a chaitheamh.”

Leis na Treoir uasdátaithe seo, in ionad an Mhoratóra Craolacháin beidh Ceanglas Cúraim Bhreise le haghaidh craoltóirí le linn Thréimhse Chriticiúil an Toghcháin. Rinneadh an cinneadh sin i ndiaidh do Choimisiún na Meán athbhreithniú a dhéanamh ar an Moratóir. Áiríodh leis an athbhreithniú sin iniúchadh ar thréimhsí ciúnais na dtoghchán i dtíortha eile, suirbhé ar dhearcthaí a rinneadh le Ipsos B&A, agus comhairliúchán poiblí.

Chomh maith le comhairle a chur ar fáil faoin gCeanglas Cúraim Bhreise, moltar sna Treoirlínte freisin nár chóir do chraoltóirí, le linn uaireanta vótaíochta, tuairimíocht a léiriú maidir le toradh an toghcháin, tuairisciú ar shuirbhéanna tuairimí agus pobalbhreitheanna díreach tar éis vótála san áireamh, go dtí go gcuirfear críoch leis an vótáil.

Meabhraítear do chraoltóirí freisin na riachtanais atá le comhlíonadh chun am craolta cothrom a bhaint amach agus toghchán á chlúdach acu, an cosc ar fhógraí polaitiúla agus an riachtanas bearta agus nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le hábhar ar an aer a thagann isteach trí na meáin shóisialta agus chun an riosca a mhaolú go mbeadh domhainbhrionnuithe IS-ghinte ann.

Deirtear sna Treoirlínte seo freisin go bhfuil sé míchuí do dhaoine a bhfuil baint acu le ‘leasanna toghcháin’ cláir a láithriú le linn thréimhse feachtais an toghcháin – tá iarrthóirí i dtoghchán san áireamh le ‘leasanna toghcháin’.