Fuaim & Fís 4 – Babhta Maoinithe atá le Teacht Fógraithe 

Tá sonraí fógartha ag Coimisiún na Meán maidir le babhta maoinithe atá le teacht faoin Scéim Fuaim & Fís 4

Babhta 56 – Babhta ‘Oscailte’ Fuaim & Fís 

Osclóidh Babhta 56 ar an 8 Aibreán 2025 do chraoltóirí agus do léiritheoirí neamhspleácha chun tacú le hábhair chraolta a chruthú atá luachmhar ó thaobh an chultúir de, ábhar i nGaeilge ina measc. Dúnfar an babhta seo ag meán lae (12:00) Déardaoin, an 29 Bealtaine 2025. Tá sé beartaithe go mbeidh cinntí maoinithe ar fáil faoi dheireadh Lúnasa 2025. 

Foilseofar na Treoirlínte agus na Foirmeacha Iarratais cuí don babhta seo ar shuíomh gréasáin Choimisiún na Meán ar an dáta oscailte. Reáchtálfar Seimineár Gréasáin freisin do dhaoine a bhfuil sé ar intinn acu iarratas a dhéanamh ar an scéim. Caithfear gach iarratas a dhéanamh trí www.cnamonline.ie 

Fuaim & Fís  Dáta OscailteSeimineár Gréasán d’Iarratasóirí Spriocdháta  Torthaí a bhfuiltear ag súil leo  
FF4 Babhta 56 Babhta OscailteDé Máirt 8ú Aibreán 2025   Dé Máirt   15ú Aibreán  2025 Déardaoinn 29ú Bealtaine 2025 12 meánlaeDeireadh Lúnasa 2025  

D’aon fhiosrúcháin a bhaineann go sonrach leis an Scéim Fuaim & Fís déan teagmháil le: [email protected]