Gairmeacha

Tá Coimisiún na Meán – an ghníomhaireacht in Éirinn a fhorbraíonn agus a rialaíonn earnáil na meán atá faoi bhláth, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte agus iontaofa – ag earcú faoi láthair do róil éagsúla ag gach leibhéal, chun cabhrú lena cuid oibre maidir le sábháilteacht ar líne, rialáil na meán agus forbairt earnáil na meán a chur chun cinn.

Tá foireann á lorg i raon réimsí lena n-áirítear déileáil le tírdhreach foriomlán na meán, beartas rialála, maoirseacht ardán agus imscrúduithe, tacaíocht úsáideora maidir le hábhar craolta nó ar líne, agus seirbhísí tacaíochta corparáideacha.

Beidh na hiarrthóirí rathúla ag teacht isteach i gCoimisiún na Meán ag am spreagúil agus muid ag fás agus ag tógáil ár n-eagraíocht.

Má bhraitheann tú go bhfuil scileanna agus taithí oiriúnacha agat chun cabhrú linn ár gcuspóirí a bhaint amach agus na dúshláin atá romhainn a chomhlíonadh, ba bhreá linn cloisteáil uait! 

Sonraí faoi na deiseanna gairme atá ar fáil faoi láthair agus conas iarratas a dhéanamh le fáil thíos.

Cliceáil ar an ról thíos chun tuilleadh a fhoghlaim.

Ceann na dTionscadal Airgeadais, Príomhoifigeach Cúnta – Conradh Téarma Socraithe
Data Deiridh: 15/01/2025 @3in. Deán iarratas anois trí CPL.

Bainisteoir Pleanála agus Anailíse Airgeadais, Ardoifigeach Feidhmiúcháin
Data Deiridh: 04/02/2025 @3in. Deán iarratas anois trí CPL.

Is iad na croíluachanna atá againn ná Iontaoibh, Tionchar, Neamhspleáchas, Misneach, Dírithea ar Dhaoine, agus Ionracas.

Tá níos mó ná focail amháin i gceist leis na luachanna seo – is iad sin na treoirphrionsabail a mhúnlaíonn ár ngníomhartha agus ár gcinntí. Trí bheart a dhéanamh de réir na luachanna sin inár gcuid oibre gach lá, is féidir linn cultúr comhroinnte dearfach a chruthú I gCoimisiún na Meán. Tacaíonn ár luachanna linn freisin chun ár gcuspóir a bhaint amach chun tírdhreach meán rathúil, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte agus iontaofa a chinntiú.

Is fostóir comhdheiseanna é Coimisiún na Meán. Táimid tiomanta do lucht saothair cuimsitheach agus éagsúil a chur chun cinn a léiríonn Éire an lae inniu. Oibrímid chun cultúr a chruthú ina bhfuil an rochtain chéanna ag gach duine ar dheiseanna agus ina mothaíonn siad compordach a bheith ar a ndóigh féin san áit oibre. Cuirfear socruithe réasúnta ar fáil, más gá, le linn an phróisis earcaíochta. Mas mian leat leas a bhaint as socruithe réasúnta nó do chás a phlé go rúnda, déan teagmháil le recruit@cnam.ie.