Gach Nuacht

Glacann Coimisiún na Meán Cód deiridh Sábháilteachta Ar Líne 

Foilsithe ar

21,10,2024

Beidh feidhm ag rialacha ceangailteacha sábháilteachta ar líne maidir le hardáin comhroinnte físeán bunaithe in Éirinn

Inniu (21.10.2024), d’fhoilsigh Coimisiún na Meán an Cód críochnaithe Sábháilteachta Ar Líne. Leis an gCód leagtar síos rialacha ceangailteacha a bhaineann le hardáin comhroinnte físeán a bhfuil a gceanncheathrú AE acu in Éirinn. Tiocfaidh na hoibleagáidí ginearálta a fhaightear sa Chód i bhfeidhm ón mhí seo chugainn agus beidh tréimhse chur chun feidhme ag na hardáin d’fhoráil áirithe mionsonraithe, a theastaíonn togáil teicneolaíochta, le teacht le chomhlíontacht. Glacfaidh Coimisiún na Meán cur chuige maoirseachta maidir leis an gCód a fhorfheidhmiú, agus é á áirithiú go gcuirfidh ardáin córais iomchuí chun feidhme chun forálacha an Chóid a chomhlíonadh.

Tríd an gCód tugtar oibleagáidí isteach ar ardáin comhroinnte físeán chun daoine, agus leanaí go háirithe, a chosaint ar fhíseáin agus ábhar gaolmhar díobhálach, lena náirítear:

  • Cosc a chur le hábhar díobhálach a uaslódáil nó a chomhroinnt ar a seirbhísí lena náirítear cibearbhulaíocht, a bheith ag cur féindochar nó féinmharú chun cinn agus neamhoird itheacháin nó bheathaithe a bheith á gcur chun cinn chomh maith le gríosú chun fuatha nó foréigin, sceimhlitheoireacht, ábhar maidir le mí-úsáid gnéis leanaí, ciníochas agus seineafóibe.
  • Úsáid a bhaint as dearbhú aoise ionas nach bhfeicfidh leanaí pornagrafaíocht ná foréigean gan ghá ar líne agus bearta fíoraithe aoise a bheith i bhfeidhm mar is iomchuí.
  • Rialúcháin tuismitheoirí a chur ar fáil le haghaidh ábhar a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh d’fhorbairt fhisiciúil, meabhrach nó mhorálta i bpáistí faoi 16 bliana déag.

Beidh ar na hardáin sin a áirithiú freisin go gcuirfidh siad bealaí ar fáil do dhaoine chun ábhar lena mbristear na rialacha a thuairisciú, agus go ngníomhóidh siad ar na tuairiscí sin i gcomhréir lena gcuid Téarmaí agus Coinníollacha.

Rinneadh eolas d’fhorbairt an Chóid trí ghlao tosaigh ar ionchuir i samhradh na bliana 2023, agus bhí comhairliúchán poiblí iomlán ann ina dhiaidh sin ó mhí na Nollag 2023 go mí Feabhra 2024, rud a fuair nach mór 1400 freagra. Chuathas i gcomhairle freisin leis an gCoiste Comhairleach Óige de chuid Choimisiún na Meán maidir le forbairt an Chóid. Tugadh fógra don Choimisiún Eorpach faoin gCód ansin faoi phróiseas na Treorach um Chóras Faisnéise um Rialacháin Theicniúla (TRIS) chun ailíniú le Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha an Aontais Eorpaigh a áirithiú.

Tá an Cód mar chuid den Chreat foriomlán Sábháilteachta ar Líne de chuid Choimisiún na Meán. Leis an gCreat seo, beidh seirbhísí digiteacha freagrach as an gcaoi a dtugann siad cosaint d’úsáideoirí ar dhíobháil ar líne. Bainfidh an Cód nuashonraithe, agus na codanna eile den Chreat Sábháilteachta ar Líne, cuspóirí an Achta um Shábháilteacht ar Líne agus Rialúchán na Meán amach, rud a fhágfaidh go mbeidh eispéiris níos sábháilte ar líne ag daoine fud fad na hÉireann. Tugtar na huirlisí do Choimisiún na Meán sa Chreat Sábháilteachta ar Líne ina iomláine chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá le díobháil ar líne, lena náirítear infhaighteacht an ábhair neamhdhleathaigh, tionchar díobhálach na gcóras molta, agus cosaintí uireasacha le haghaidh páistí ar sheirbhísí na meán sóisialta.

Dúirt An Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne, Niamh Hodnett: “Le glacadh an Chóid Sábháilteachta Ar Líne cuirtear deireadh le ré fhéinrialúchán na meán sóisialta. Tríd an gCód, leagtar síos rialacha ceangailteacha atá le leanúint ag ardáin comhroinnte físeán chun an díobháil is féidir leo a dhéanamh d’úsáideoirí a laghdú. Oibreoimid chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh daoine ar an eolas faoina gcearta nuair a théann siad ar líne agus tabharfaimid na hardáin chun cuntais agus déanfaimid gníomh nuair nach gcomhlíonann ardáin a noibleagáidí.”

Dúirt Cathaoirleach Feidhmiúcháin Choimisiún na Meán, Jeremy Godfrey: “Le glacadh an Chóid Sábháilteachta Ar Líne, tá na gnéithe uile dár gCreat Sábháilteachta ar Líne i bhfeidhm anois. Díreoimid anois ar an gCreat a chur chun feidhme go hiomlán agus athruithe dearfacha a spreagadh i saol daoine ar líne. Tá an teachtaireacht atá againn do dhaoine soiléir: má thagann tú ar rud éigin is dóigh leat atá mídhleathach nó in aghaidh na rialacha atá ag an ardán féin maidir lena gceadaíonn sé, ba cheart duit é a thuairisciú go díreach don ardán. Tá ár Ionad Teagmhála ar fáil le chomhairle nó treoir a thabhairt do dhaoine má tá cabhair uathu.”

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD: “Fáiltím roimh ghlacadh Coimisiún na Meán lena gcéad Chód Sábháilteachta Ar Líne. Ag tógáil ar an mbunsraith atá leagtha amach san Acht um Shábháilteacht ar Líne agus um Rialáil Meán 2022, is céim mhór chun cinn é an cód seo maidir le sábháilteacht ar líne. Tugann sé isteach fíor-chuntasacht maidir le hardáin comhroinnte físeán ar líne agus ceanglaítear orthu beart a dhéanamh chun iad siúd a úsáideann a n-ardáin a chosaint, lena n-áirítear trí nósanna imeachta láidre um láimhseáil gearán a bheith acu agus fíorú aoise éifeachtach a thabhairt isteach. Déanfaidh sé sinn go léir, ach go háirithe ár bpáistí, níos sábháilte ar líne.”