Gach Nuacht

Déanann na rialtóirí domhanda um shábháilteacht  ar líne fís a leagan amach chun comhordú idirnáisiúnta a fheabhsú.

Foilsithe ar

24,05,2024

Téann níos mó tíortha isteach sa Líonra Rialála de réir mar a leathaníonn comhoibriú trasteorann.

Thug rialtóirí um shábháilteacht ar líne ar fud an domhain breac-chuntas inniu ar a bhfís maidir le conas is féidir cur chuige rialaitheach idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht ar líne a bheith níos comhtháite agus níos comhordaithe.  

Tugann Líonra na Rialálaithe Domhanda um Shábháilteacht ar Líne (‘an Líonra’) 18 rialtóir agus breathnóir ó chúig mhór-roinn le chéile. D’fhoilsigh an Líonra a dhara ráiteas seasaimh inniu maidir le conas a oibreoidh rialtóirí le chéile chun aghaidh a thabhairt ar dhushlán domhanda na rialála sábháilteachta ar líne.

Cé go bhfuil creat rialála intíre féin ag gach ball den Líonra, níl an baol a bhíonn ann do dhaoine ar líne, ná na seirbhísí ar líne a úsáideann siad, teoranta do theorainneacha náisiúnta nó ilchríochacha. Dá réir sin, táimid ag obair le chéile chun ár gcumas agus ár gcur chuige rialála a fhorbairt, chun na torthaí atá leagtha amach inár rialacha sábháilteachta ar líne faoi seach a bhaint amach. 

Cé go bhfuil difríocht idir ár gcórais rialála ar bhealaí áirithe, tá ár gcreataí cosúil lena chéile ar roinnt bealaí tábhachtacha. 

Trí na cosúlachtaí agus na héagsúlachtaí inár sainchúraimí rialála a mhapáil, d’aithin an Líonra deiseanna i réimsí éagsúla chun comhleanúnachas a bhaint amach idir ár gcórais faoi seach. Áirítear an méid seo a leanas leis sin:

  • Uirlisí rialála. Roinnfimid ár gcur chuige maidir le modheolaíochtaí agus cleachtais mheastóireachta chun cabhrú lena chinntiú go bhfuil ár n-uirlisí rialála faoi seach go maith, agus oibreoimid chun méadracht choiteann a fhorbairt chun éagsúlachtaí gan údar eatarthu a laghdú.
  • Gearáin úsáideoirí. Roinnfidh an méid againn a bhailíonn gearáin ó úsáideoirí ár dtaithí agus ár gcuid fianaise chun cabhrú le treochtaí i gcineál agus leitheadúlacht na ndíobhálacha ar líne ar fud na réigiún agus i gcleachtais agus torthaí comhlíontachta a aithint agus a chur i gcomparáid.
  • Iarratais ar fhaisnéis don tionscal. Fiosróimid deiseanna chun comhordú a dhéanamh maidir leis na cineálacha ceisteanna a chuirfimid ar an tionscal mar chuid dár ngníomhaíochtaí rialála.
  • Bearta sábháilteachta. Bainfimid leas as ár dtaithí ar dhea-chleachtas, chun sraith choiteann céimeanna réasúnta a shainaithint is féidir le seirbhísí a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar dhíobhálacha sonracha agus ar thosca riosca.

Dúirt an Coimisinéir um Shábháilteacht Ar Líne i gCoimisiún na Meán, Niamh Hodnett: “Tá sé ríthábhachtach oibriú i gcomhpháirtíocht lenár gcomhrialtóirí domhanda chun cabhrú linn ár sprioc a bhaint amach maidir leis an spás ar líne a dhéanamh níos sábháilte do gach úsáideoir. Ós rud é nach bhfuil aon teorainn ag an idirlíon, cuireann ár gchomhgníomhachtaí agus obair le rialtóirí um sháibháilteacht ar líne eile ar fud an domhain, ar ár gcumas, foghlaim a roinnt, le creat rialála comhleanúnach a chothú.”

Nótaí: 

Is comhoibriú é Líonra na Rialálaithe Domhanda um Shábháilteacht ar Líne idir eagraíochtaí a bhí ina gceannródaith i réimse na sábháilteachta ar líne. Leis an Líonra, cuirtear ar chumas rialálaithe léargas, taithí, saineolas agus dea-chleachtais a roinnt, chun an bealach a réiteach le haghaidh cur chuige comhleanúnach idirnáisiúnta maidir le rialáil na sábháilteachta ar líne.

Áirítear le baill reatha an Líonra: 

Geallann na baill gníomhú go neamhspleách ó thionchar tráchtála agus polaitiúil agus cloí le critéir oibiachtúla chun cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a urramú. Tá an Líonra oscailte freisin do bhreathnóirí – go háirithe eagraíochtaí a bhfuil saineolas agus spéis acu i rialáil sábháilteachta ar líne agus ar mian leo an Líonra a leanúint agus dul i ngleic leis. 

Áirítear ar na breathnóirí reatha: 

Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoin Líonra na Rialálaithe Domhanda um Shábháilteacht ar Líne déan teagmháil le do thoil leis an gCathaoirleach reatha, Ofcom ag ofcom.international@ofcom.org.uk