Foilsithe ar
Rinne Coimisiún na Meán inniu, (21.03.2024), fógra poiblí a chur ar nuachtán náisiúnta ina n-iarrtar léirithe spéise ar pháirtithe a bhfuil spéis acu i gconradh craolacháin fuaime a bhaint amach i gcomhair aon de na seirbhísí seo a leanas a sholáthar.
An Mhumhain
Tá an Conradh, le WKW FM Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Beat 102-103, le dul in éag ar an 30 Márta 2025.
Tá an Conradh, le Raidió Chiarraí Teoranta faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Radio Kerry, le dul in éag ar an 9 Aibreán 2025.
Tá an Conradh, le County Media Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhísí thuasluaite, le dul in éag ar an 30 Aibreán 2025.
Connacht-Ulaidh
Tá an Conradh, le Donegal Highland Radio Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Highland Radio, le dul in éag ar an 30 Márta 2025.
Tá an Conradh, le North West Broadcasting Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Ocean FM, le dul in éag ar an 30 Márta 2025.
Laighin seachas Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath
Tá an Conradh, le C.K. Broadcasting Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse KCLR 96FM, le dul in éag ar an 21 Aibreán 2025.
Tá an Conradh, le Midlands Community Radio Services Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Midlands 103, le dul in éag ar an 30 Márta 2025.
Cathair agus Contae Bhaile Átha Cliath
Tá an Conradh, le Bauer Audio Ireland Limited ar son Bauer Audio Ireland LP faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Spin 103.8, le dul in éag ar an 5 Aibreán 2025.
Tá an Conradh, le Star Broadcasting Limited faoi láthair atá ag craoladh na seirbhíse Sunshine 106.8, le dul in éag ar an 30 Márta 2025.
Ba cheart do pháirtithe leasmhara Treoir um Léirithe Spéise a léamh go cúramach agus ansin an fhoirm um Léirithe Spéise a chomhlánú ina hiomláine don tseirbhís nó do na seirbhísí ábhartha. Tá na Treoracha agus na Foirmeacha i gcomhair na seirbhísí craolacháin fuaime seo ar fáil ar na naisc thuasluaite nó ar iad a iarraidh ó licensing@cnam.ie nó glaoch ar 01 644 1200).
Ba cheart d’iarratasóirí nua tagairt a dhéanamh don Treoir Tháscach maidir le Ceadúnú Iomaíoch anseo.
Aon pháirtithe ar spéis leo léirithe spéise a chur faoi bhráid an Choimisún, déanaidís amhlaidh faoi 12 meán lae Dé Luan, an 20 Bealtaine 2024.