Maidir linn
Is sinne Coimisiún na Meán, gníomhaireacht na hÉireann chun tírdhreach meán faoi bhláth, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte agus iontaofa a fhorbairt agus a rialáil.
Mar rialtóir neamhspleách na meán, táimid freagrach as craoltóirí, soláthraithe físeáin ar éileamh agus ardáin ar líne atá lonnaithe in Éirinn a rialáil. Cuimsíonn ár sainchúram fairsing freisin tacú le hearnáil meán na hÉireann agus í a fhorbairt.