An méid a dhéanaimid
Táimid tiomanta go mór do chearta bunúsacha a chur chun cinn agus a chaomhnú, rud a chinnteoidh go gcuirfidh ár dtírdhreach meán le sochaí oscailte dhaonlathach. Tá seasamh leis an gceart chun tuairimí a nochtadh mar bhonn agus mar thaca ag gach réimse dár gcuid oibre.
- Cuirimid an córas rialála maidir le sábháilteacht ar líne i bhfeidhm.
- Rialaímid craoltóirí agus soláthraithe físeáin ar éileamh.
- Tacaímid le hearnáil na meán cumarsáide níos leithne.
Forfheidhmiú an Chreata Sábháilteachta ar Líne
Is sinne atá freagrach as Creat Sábháilteachta ar Líne na hÉireann. Leis an gcreat tábhachtach sin, beidh seirbhísí digiteacha freagrach as an gcaoi a gcosnaíonn siad daoine, go háirithe leanaí, ar dhíobháil ar líne.
Rialáil ar sheirbhísí craolacháin agus físeáin ar éileamh
Déanaimid réimse leathan gníomhaíochtaí chun tacú le hearnáil meán na hÉireann agus chun cuidiú le hábhar a fhorbairt do lucht féachana/éisteachta na hÉireann a léiríonn agus a mhúnlaíonn sochaí na hÉireann. Áirítear orthu sin scéimeanna maoinithe agus cur chun feidhme clár foghlama agus forbartha earnála. Oibrímid freisin le craoltóirí chun comhionannas inscne, cothromas, éagsúlacht agus cuimsiú a chur chun cinn go leanúnach in earnáil meán na hÉireann.
Forbairt earnáil na meán

Tá ár gcéad ráiteas Straitéise á fhorbairt againn faoi láthair a chlúdóidh an tréimhse trí bliana 2025 go 2027, agus na blianta sin san áireamh. Nuair a bheidh sí críochnaithe, treoróidh an Straitéis ár gcuid oibre go léir le linn na tréimhse sin.