Ár Ráiteas Straitéise
Tar éis próiseas rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara agus comhairliúcháin phoiblí, tá ár gcéad Ráiteas Straitéise á thabhairt chun críche againn faoi láthair.
Nuair a bheidh sí críochnaithe, foilseofar an Straitéis ar an leathanach seo, agus treoróidh sí ár gcuid oibre go léir le linn na tréimhse trí bliana 2025 go 2027 agus na blianta sin san áireamh. Soiléireoidh sí an cineál eagraíochta atá againn, ár luachanna, agus cineál na hoibre a dhéanaimid. Beidh sí uaillmhianach mar is iomchuí, ach beifear in ann í a bhaint amach ag an am céanna.
Clár Oibre Bliantúil
Roimh an 31 Deireadh Fómhair gach bliain, cuirfimid clár oibre faoi bhráid an Aire don bhliain dár gcionn. Áireofar leis sin ár gcuspóirí, ár n-aschuir bheartaithe agus ár dtosaíochtaí oibre. Nuair a bheidh ár gclár oibre 2025 ar fáil, foilseofar é ar an leathanach seo.