Idirnáisiúnta
Tá raon dlíthe Eorpacha agus caighdeáin idirnáisiúnta mar bhonn agus mar thaca ag ár gcuid oibre rialála. Ós rud é go bhfuil cuid de na hardáin meán sóisialta agus ar líne is suntasaí lonnaithe in Éirinn, tá ról uathúil ag Éirinn ar an ardán idirnáisiúnta.
Fágann sé seo go bhfuil rannpháirtíocht idirnáisiúnta ina cuid ríthábhachtach dár gcuid oibre, ag tacú lenár misean foriomlán tírdhreach faoi bhláth, éagsúil agus sábháilte ar líne agus sna meáin a chinntiú.
An méid a dhéanaimid
Reáchtálaimid clár um chomhar idirnáisiúnta foirmiúil agus neamhfhoirmiúil. Is éard atá i gceist leis sin rannpháirtíocht ghníomhach agus ceannaireacht a thabhairt inár líonraí rialála, cruinnithe déthaobhacha leis an gCoimisiún Eorpach agus le contrapháirtithe ábhartha eile, agus deiseanna chun tuairimí maidir le cúrsaí sábháilteachta ar líne agus beartais na meán a mhalartú le lucht ceaptha beartas, le hacadóirí agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta san Eoraip agus ar fud an domhain.
Labhraíonn foireann Choimisiún na Meán go minic ag comhdhálacha agus imeachtaí idirnáisiúnta chun ár n-aidhmeanna maidir le dea-chleachtas a roinnt agus foghlaim ón gcuid eile den domhan a chur chun cinn.
Bainistíonn ár bhFoireann Idirnáisiúnta clár rannpháirtíochta idirnáisiúnta a ligeann dúinn comhoibriú go dlúth lenár gcomhrialtóirí san Eoraip agus ar fud an domhain, agus tionchar a bheith againn ar fhorbairtí rialála sna hearnálacha atá tábhachtach dúinn. Táimid i gcónaí ag iarraidh foghlaim, ionas go léireoidh ár gcuid oibre beartais agus forfheidhmithe an dea-chleachtas idirnáisiúnta, chomh maith lenár dtaithí agus ár saineolas féin a roinnt go gníomhach lenár gcomhghleacaithe agus le saineolaithe eile thar lear.
Ár líonraí rialála
Oibrímid i ndlúthchomhar le contrapháirtithe rialála sa Rialachán maidir leis an Ardán Digiteach agus na Meáin, go háirithe tríd an méid seo a leanas:
- An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha
- Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc (ERGA)
- An tArdán Eorpach um Údaráis Rialála (EPRA)
- Líonra Domhanda na Rialálaithe Sábháilteachta ar Líne (GOSRN)
Tá poist cheannaireachta againn in go leor de na líonraí sin, lena n-áirítear post ar Bhord ERGA agus post mar Leas-Chathaoirleach Sinsearach in EPRA.
An tírdhreach rialála idirnáisiúnta
Tá go leor dár bhfreagrachtaí bunaithe ar dhlí na hEorpa, agus mar sin leanaimid go dlúth cur i bhfeidhm an dlí ag Ballstáit eile den Aontas Eorpach agus forbairtí. Áirítear leis sin:
- An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc
- An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha
- An Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne
- An Rialachán Eorpach maidir le Saoirse na Meán
Déan teagmháil leis an bhFoireann Idirnáisiúnta
Más mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoinár gcuid oibre idirnáisiúnta, más gá duit labhairt linn faoi shaincheisteanna rialála trasteorann, más mian leat go labhródh duine dár gcomhghleacaithe ag imeachtaí lasmuigh d’Éirinn, nó má tá suim ag d’eagraíocht cuairt a thabhairt orainn – déan teagmháil leis an bhFoireann Idirnáisiúnta [email protected].