Ár bhfoireann
Tá Coimisiún na Meán faoi stiúir Cathaoirligh Feidhmiúcháin agus ceathrar Coimisinéirí.
Jeremy Godfrey
Cathaoirleach Feidhmiúcháin
Tá breis agus 30 bliain de thaithí rialála, rialtais agus gnó ag Jeremy Godfrey sna hearnálacha cumarsáide, teicneolaíochta agus ar líne, in Éirinn agus i Hong Cong.
Bhí Jeremy ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC). Roimhe sin, chaith sé ocht mbliana mar Choimisinéir agus mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg). Le linn an ama sin, bhí sé ina Chathaoirleach agus ina Leas-Chathaoirleach ar BEREC, an comhlacht comhordaithe do rialtóirí teileachumarsáide an Aontais Eorpaigh. I Hong Cong, d’fhóin sé mar Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais, mar shainchomhairleoir bainistíochta agus mar fheidhmeannach sinsearach san earnáil teileachumarsáide.
Bhí Jeremy páirteach i bhforbairtí rialála amhail Gníomh an Aontais Eorpaigh um Sheirbhísí Digiteacha, an Gníomh um Margaí Digiteacha, agus an Rialachán maidir leis an Idirlíon Oscailte. Mar CIO Rialtas Hong Cong, bhí sé freagrach as an gclár ríomhrialtais agus as an straitéis néalríomhaireachta, chomh maith le rialachas Idirlín, cuimsiú digiteach agus sábháilteacht ar líne a chur chun cinn. Mar chomhairleoir, chuir sé comhairle ar chliaint faoi straitéisí gnó ar líne agus faoi shaincheisteanna rialála sna hearnálacha cumarsáide, fuinnimh, iompair agus seirbhísí airgeadais. Le linn dó a bheith sa tionscal teileachumarsáide, bhí baint aige le seoladh na chéad seirbhíse tráchtála físeáin ar éileamh ar líne ar domhan agus le go leor saincheisteanna rialála chomh maith.
Chuir Jeremy tús lena ghairm bheatha mar státseirbhíseach i rialtas na Ríochta Aontaithe. Bhain sé céim MA amach in Ollscoil Cambridge, áit a ndearna sé staidéar ar an matamaitic.

Niamh Hodnett
An Coimisinéir um Shábháilteacht ar Líne
Is í Niamh Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne Choimisiún na Meán. Déanann sí maoirseacht ar Rannóg Beartais agus Taighde na heagraíochta, agus tá sí freagrach as forbairt an Chóid Sábháilteachta Ar Líne. In 2025, is í Leaschathaoirleach Líonra na Rialálaithe Domhanda um Shábháilteacht ar Líne í.
Tá an-taithí ag Niamh i ndearadh, cur i bhfeidhm agus bainistiú na comhlíontachta le dualgais rialála, ag leibhéal na hÉireann agus na hEorpa araon. Tá saineolas aici ar an tsábháilteacht ar líne, ar an gcosaint sonraí, ar an gcibearshlándáil, ar an gcomórtas, ar chosaint na dtomhaltóirí agus ar rialáil na cumarsáide. Thug Niamh cásanna coiriúla de bharr sáraithe rialála, chomh maith le himeachtaí comhlíontachta forfheidhmiúcháin shibhialta. Tá an-chuid taithí dlíthíochta aici ar achomhairc agus ar athbhreithnithe breithiúnacha.
Is dlíodóir cáilithe í Niamh, agus bhíodh sí ag obair le ComReg, rialálaí cumarsáide na hÉireann, i ndlíghnólachtaí in Éirinn agus sa Bhruiséil araon, agus i réimse leathan ról inmheánach dlí agus rialála. Is comhúdar í ar leabhair faoi dhlí na hEorpa agus faoi dhlí rialála na hÉireann.

Rónán Ó Domhnaill
An Coimisinéir um Fhorbairt na Meán
Bhí Rónán Ó Domhnaill ina Choimisinéir Teanga le 9 mbliana anuas. Mar choimisinéir teanga, mhol sé go neartófaí reachtaíocht teanga in Éirinn agus chuir sé in iúl don rialtas, do pháirtithe polaitíochta, do choistí Oireachtais agus do pháirtithe leasmhara éagsúla eile go bhfuil gá le reachtaíocht láidir. Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla arna leasú i mí na Nollag 2021 a chinntíonn méadú suntasach ar chearta teanga don phobal agus a thugann dualgais chuimsitheacha do chomhlachtaí poiblí maidir le soláthar seirbhísí stáit i nGaeilge.
Tá Rónán Ó Domhnaill ina chathaoirleach ar Fhóram Ombudsman na hÉireann, ina ionadaí Éireannach ar bhord feidhmiúcháin Chumann na nOmbudsman agus ina iarchathaoirleach ar Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga.
Tá sé bliana déag caite ag Rónán roimhe seo mar iriseoir le TG4 agus RTÉ. In 2006, ceapadh é mar Chomhfhreagraí Polaitiúil le Nuacht RTÉ/TG4 agus chuir sé go leor clár polaitiúil i láthair amhail The Week in Politics.
Tá céim BA aige ó Ollscoil na Gaillimhe, MA i gCeannaireacht & Straitéis ón Institiúid Riaracháin Phoiblí agus Dioplóma Gairmiúil i Rialachas Corparáideach.

John Evans
An Coimisinéir um Sheirbhísí Digiteacha
Tá breis agus 20 bliain taithí ag John Evans ar bheith ag obair i réimse na hiomaíochta, na rialála agus na cosanta tomhaltóirí.
Chuaigh John isteach i gCoimisiún na Meán i mí Iúil 2023 mar an gCoimisinéir um Sheirbhísí Digiteacha. Mar Choimisinéir um Sheirbhísí Digiteacha, tá freagracht ar John, i measc nithe eile, as an méid seo a leanas:
- Ceannaireacht a thabhairt, i ndlúthchomhar leis an gCoimisinéir um Shábháilteacht ar Líne, maidir le forfheidhmiú agus cur chun feidhme fheidhmeanna an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha laistigh de Choimisiún na Meán
- Na nósanna imeachta is gá a fhorbairt chun an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha a chur chun feidhme, amhail na nósanna imeachta deimhniúcháin chun stádas comharthóra iontaofa a bhronnadh agus taighdeoirí a sheiceáil maidir le rochtain ar shonraí
- Caidreamh éifeachtach a fhorbairt le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha i mBallstáit eile
- Dlúthchomhar a chinntiú leis an gCoimisiún Eorpach maidir le forfheidhmiú agus cur chun feidhme rialáil an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha le haghaidh ardáin agus innill chuardaigh an-mhór ar líne
Sular thosaigh sé ag obair leis an gCoimisiún, bhí John ina Stiúrthóir ar ComReg. I measc na bhfreagrachtaí a bhí ar John, bhí pleanáil straitéiseach, & eacnamaíocht, obair idirnáisiúnta agus saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a bhaineann leis an ngeilleagar digiteach.
Tá taithí fhairsing ag John ar fhorfheidhmiú freisin. Sular thosaigh sé ag obair le ComReg, d’oibrigh John i róil éagsúla leis an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí in Éirinn (agus le hÚdarás Iomaíochta na hÉireann roimhe sin), agus ina dhiaidh sin bhí sé ina Stiúrthóir ar Fhorfheidhmiú Dhlí na hIomaíochta Sibhialta, áit ar oibrigh sé ar roinnt fiosrúchán casta ardphróifíle.
Tá PhD san Eacnamaíocht ag John ó UCD, Éire.

Aoife MacEvilly
An Coimisinéir um Chraolachán agus Físeán ar Éileamh
Bhí Aoife MacEvilly ina comhalta den Choimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) ó mhí Dheireadh Fómhair 2014 go dtí mí Iúil 2024, agus ceapadh í ina Cathaoirleach ó mhí Feabhra 2020 go dtí 2023. I measc na bpríomhfhreagrachtaí a bhí uirthi bhí custaiméirí a chumhachtú agus a chosaint, tacú le custaiméirí gníomhacha agus le pobail agus soláthairtí fuinnimh agus uisce atá sábháilte, slán agus inbhuanaithe a chinntiú.
D’oibrigh Aoife roimhe seo sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus san earnáil phríobháideach. Tá BA aici sa Ghnó Eorpach agus sa Ghearmáinis ó Ollscoil Uladh, Dioplóma Gairmiúil i Rialachas Rialála ó UCD agus MA i gCeannaireacht ó UCD Smurfit.

Struchtúr na Rannóg

Jeremy Godfrey oversees the Legal Services division, the International Affairs team within the Corporate division and the Data and Technology division.
Mar eagraíocht tá am caite againn ar shraith luachanna a chinneadh ar féidir linn go léir a bheith bródúil astu, chomh maith le hionchais shoiléire iompraíochta a threoróidh an chaoi a n-oibrímid le chéile chun ár gcuspóirí a bhaint amach. Trí na luachanna sin a chur i bhfeidhm inár gcuid oibre gach lá, cuirimid go léir le cultúr dearfach comhroinnte. Tacaíonn ár luachanna linn ár gcuspóir a bhaint amach freisin.
John Evans oversees the Platform Supervision and Investigations division.
Is é príomhfheidhm na rannóige um Maoirseacht agus Fiosrúcháin Ardáin maoirseacht a dhéanamh ar sheirbhísí digiteacha in Éirinn agus an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus reachtaíocht eile a fhorfheidhmiú. Cuimsíonn sí freisin foireann Fiosrúchán agus foireann Oibríochtaí Rialála a chuidíonn le straitéis rialála a chinneadh. Tá foireann na nGearáin Úsáideoirí sa rannóg sin freisin agus tá sí freagrach as gearáin a fháil in aghaidh soláthraithe seirbhíse as sáruithe líomhnaithe ar an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA)
Rónán Ó Domhnaill oversees the Funding Schemes and Media Development teams in the Media Landscape division.
I measc na bhfreagrachtaí atá ar na foirne seo tá scéimeanna maoinithe a riar chun tacú le hábhar craolacháin a bhfuil luach cultúrtha ag baint leis a léiriú agus a chaomhnú agus maoirseacht a dhéanamh ar urraíocht agus ar thionscadail earnála. Déanann Rónán maoirseacht freisin ar an Rannóg Cumarsáide agus Tacaíochta Úsáideoirí ina bhfuil Oideachas Úsáideoirí, an tIonad Comhairle agus an fhoireann Cumarsáide.
Niamh Hodnett oversees the Policy, Research & Strategy division.
Tugann an rannóg seo aghaidh ar raon feidhme uileghabhálach na saincheisteanna sábháilteachta ar líne ar fud thírdhreach na meán, lena n-áirítear díobhálacha mídhleathacha; leasanna leanaí agus daoine fásta leochaileacha; an daonlathas agus cearta bunúsacha a chosaint agus cóid agus rialacha a bhunú le haghaidh seirbhísí ar líne agus seirbhísí meán. Chomh maith leis sin, déanann sí taighde chun bonn eolais a chur faoi fheidhmeanna uile na heagraíochta, agus chun comhairle a chur ar phríomhpháirtithe leasmhara maidir le hábhair a bhaineann le sábháilteacht ar líne agus na meáin tríd an bhfoireann Taighde agus Straitéise.
Aoife MacEvilly oversees the Public Service Media, Licensing and Video-on-Demand registration, and Broadcasting and Video-on-Demand complaint teams in the Media Landscape division.
Áirítear ar obair na bhfoirne sin obair thionscadail agus straitéis a chur chun cinn san earnáil phoiblí agus rannchuidiú le dearadh agus cur chun feidhme próiseas craoltóireachta agus rialála agus comhlíonta físeáin ar éileamh. Déanann Aoife maoirseacht freisin ar an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha, ina bhfuil na foirne Airgeadais, Rialachais, Forbartha Daoine agus Eagraíochta agus Rúnaíochta Corparáidí.