Taighde
Leis an Acht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, ceanglaítear orainn dul i mbun cinnteoireacht fhianaisebhunaithe i ngach rud a dhéanaimid, agus cinnteoireacht fhianaisebhunaithe ag gach duine a mbímid i gcomhairle leo a chur chun cinn. Ar leithligh, mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán, a bhunaigh an Rialtas i mí Mheán Fómhair 2020, go mbunófaí aonad taighde laistigh de Choimisiún na Meán chun ár gcumas inmheánach taighde agus meastóireachta a neartú.
Bunaithe ar an méid thuas, bunaíodh ár bhfoireann taighde, agus déanann sí taighde eiticiúil iontaofa, ardchaighdeáin a sheoladh agus a choimisiúnú chun bonn eolais a chur faoinár bpróisis bhreithniúcháin agus cheaptha beartas, agus chun an bonn fianaise a leathnú ar na príomhcheisteanna a ndírímid orthu. Trí thaighde a chur ar fáil go poiblí, tacaímid freisin le cinnteoireacht fhianaisebhunaithe ag páirtithe leasmhara eile.
Clár taighde
Gach bliain, glacaimid clár taighde atá faoi threoir ag na tosaíochtaí straitéiseacha inár Straitéis Chorparáideach. De ghnáth, cuimsíonn an clár taighde meascán de na nithe seo a leanas:
- Taighde a dhéanaimid go hinmheánach, taighde a chuirtear amach ar conradh chuig eagraíocht sheachtrach, agus taighde a bhaineann le meascán de shaineolas inmheánach agus seachtrach araon.
- Taighde a threoraímid, agus taighde a gcomhoibrímid le heagraíochtaí eile ina leith.
- Taighde lena mbaineann sonraí cainníochtúla (is é sin, sonraí atá uimhriúil/intomhaiste), taighde lena mbaineann sonraí cáilíochtúla (is é sin, sonraí ó bhéal agus sonraí tuairisciúla), agus taighde lena mbaineann meascán den dá rud (‘taighde modhanna measctha’).
- Tionscadail taighde atá gearrthéarmach ó thaobh cineáil de, (is é sin, a dhéantar ar feadh roinnt míonna) agus taighde atá níos fadtéarmaí ó thaobh cineáil de (a bhíonn ar siúl ar feadh roinnt blianta go minic agus a bhfuil bearta iomadúla i gceist leis).
Áirítear an méid seo a leanas sa chlár taighde don bhliain reatha:
- Tionscadal taighde modhanna measctha ar Mhná agus Ceol i gCraoltóireacht Fuaime.
- Tionscadal taighde modhanna measctha, i gcomhar le hOifig Aicmithe Scannán na hÉireann, ar fhoinsí díobhála i scannáin agus i gcláir.
- Tuarascáil trí bliana ar úinéireacht agus rialú na meán, mar a cheanglaítear le halt 28M den Acht Iomaíochta, 2002.
- Tuarascáil ar anNuacht Dhigiteach na hÉireann, tuarascáil bhliantúil arna déanamh ag Institiúid Reuters um Staidéar ar an Iriseoireacht agus arna hanailísiú ag Institiúid FuJo in DCU.
- Dearadh próisis agus cur chun feidhme Airteagal 40 (4-11) Rochtain ar Shonraí do Thaighdeoirí Grinnfhiosraithe, a bhainistiú, i gcomhréir lenár n-oibleagáidí mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha (DSC) faoi Airteagal 40 (4-11) den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha.