Clár taighde
Tá ár Straitéis Taighde á forbairt againn faoi láthair, ina leagfar amach ár gcur chuige i leith taighde agus ár dtosaíochtaí taighde sna blianta amach romhainn. Tá ceithre shnáithe inár gclár taighde reatha:
Snáithe 1: Beartas rialála & maoirseacht ar ardáin
- Athbhreithniú litríochta ar úsáid na meán sóisialta agus ar mheabhairshláinte leanaí – agus idirghabhálacha atá dírithe ar shábháilteacht ar líne agus folláine leanaí a chur chun cinn.
- Taighde a dhéanamh ar thoghcháin, ar an daonlathas agus ar an mbréagaisnéis.
- Tuarascáil trí bliana ar úinéireacht agus rialú na meán.
- Suirbhé ionadaíoch náisiúnta ar leanaí agus ar thuismitheoirí chun príomhfhoinse fianaise ardchaighdeáin agus cuimsithí a bhunú chun tuiscint níos fearr a fháil ar rioscaí agus tairbhí na timpeallachta digití mar a bhíonn ag leanaí. Cuirfidh an taighde seo bonnlíne ar fáil chun rochtain agus úsáid uirlisí agus teicneolaíochtaí digiteacha, scileanna agus inniúlacht dhigiteach, taithí ar rioscaí agus díobháil ar líne, agus ról na timpeallachta níos leithne maidir le hidirghabháil a dhéanamh ar shábháilteacht ar líne a mhapáil.
Snáithe 2: Forbairt na meán & craoltóireacht / físeán ar éileamh
- Déanann taighde ar mhodhanna measctha iniúchadh ar dhearcthaí an phobail maidir le hábhar meán a d’fhéadfadh díobháil nó cion a dhéanamh, agus ar leibhéil feasachta agus ionchais an phobail maidir le freagairtí rialála ar an ábhar sin.
- Modhanna measctha taighde ar an gcraoladh ar an raidió de cheol cumtha agus léirithe ag mná.
- Taighde comhoibríoch le Spórt Éireann maidir le rannpháirtíocht na meán spóirt, agus béim ar leith á leagan ar chuimsiú inscne.
- Tuarascáil Reuters ar Nuacht Dhigiteach na hÉireann.
- Athbhreithniú ar sholáthar na Gaeilge sna meáin.
Snáithe 3: Na meáin seirbhíse poiblí & maoiniú do na meáin
- Straitéis taighde a fhorbairt chun tuiscint a fháil ar nósanna tomhaltais lucht féachana/éisteachta na hÉireann sna meáin, chomh maith lena ndearcthaí i leith na Meán Seirbhíse Poiblí (PSM) agus a n-ionchais ina leith. Cuirfidh sé sin taca faoi obair fhoireann PSM agus creat rialála nua á leagan amach acu do na Meáin Seirbhíse Poiblí in Éirinn.
Snáithe 4: Airteagal 40 Rochtain ar Shonraí
- Tá an fhoireann taighde ag bainistiú dearadh agus cur i bhfeidhm próisis Airteagal 40 (4-11) Rochtain ar Shonraí do Thaighdeoirí Grinnfhiosraithe. Comhlíonann an obair seo ár n-oibleagáidí mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha (DSC) faoi Airteagal 40 (4-11) den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha.
Mar gheall ar ár gcéim reatha forbartha mar eagraíocht, tá go leor tionscadal sa chéim scóipe. Tiocfaidh forbairt ar ár gclár taighde sna míonna amach romhainn de réir mar a thagann soiléireacht níos fearr chun cinn maidir le riachtanais taighde na heagraíochta.