Íocaíochtaí

Nósanna imeachta íocaíochta praise

Táimid tiomanta do gach iarracht a dhéanamh ár soláthraithe a íoc go pras. Is féidir le soláthraithe cabhrú trína chinntiú go soláthraíonn siad: 

  • Sonraisc chearta 
  • Sonraí cruinne an chuntais bainc
  • Trína chinntiú go bhfuil do stádas Imréitigh Cánach le Coimisinéirí Ioncaim na hÉireann cothrom le dáta 

Tá sé mar aidhm againn soláthraithe a íoc laistigh de 15 lá ó shonrasc bailí a fháil ar earraí nó ar sheirbhísí. Mar sin féin, de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Íocaíocht Dhéanach in Idirbhearta Tráchtála) 2012 (SI 508/2012) íocfaidh Coimisiún na Meán táille le soláthraí má dhéantar íocaíocht tar éis 30 lá.

Tuarascálacha íocaíochta

Foilsíonn Coimisiún na Meán tuarascálacha íocaíochta maidir le híocaíochtaí gach ráithe. Tá na tuarascálacha íocaíochta seo liostaithe thíos. 

Tuarascálacha staitistiúla ráithiúla ina léirítear ár bhfeidhmíocht maidir le híocaíochtaí prasa

2024

2023