Gach Nuacht

Foilsíonn Coimisiún na Meán Pacáiste Eolais do gach iarrthóir toghcháin.

Foilsithe ar

23,05,2024

Inniu, (23.05.2024), tá Coimisiún na Meán tar éis Pacáiste Eolais a fhoilsiú le haghaidh na hiarratasóirí uilig sna toghcháin Áitiúla agus Eorpacha atá ag teacht aníos. Is í aidhm an phacáiste ná eolas a chur ar fáil maidir le ról Choimisiún na Meán agus chun treoir a chur ar fáil d’iarratasóirí maidir leis an méid ba chóir dóibh a dhéanamh nuair atá ábhar atá dochrach agus/nó mídhleathach le feiceáil acu ar líne. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa Phacáiste maidir le cearta úsáideoirí faoin Acht um Sheirbhísí Digiteacha (ASD) agus maidir leis na bealaí tuairiscithe atá ag ardáin éagsúla.

Roinnfear an pacáiste le páirtithe polaitíochta agus tá sé ar fáil anseo ar shuíomh Choimisiún na Meán freisin, agus thar chainéil meán sóisialta an Choimisiúin, le go mbeidh rochtain éasca ag na hiarratasóirí air. Aithníonn Coimisiún na Meán go bhfuil baol níos mó ann go mbíonn iarratasóirí ag fulaingt mar gheall ar dhíobháil ar líne le linn tréimhsí toghcháin. Faoin ASD, bíonn dualgas ar na hardáin an-mhóra ar líne agus ar na hinnill chuardaigh an baol a d’fhéadfadh a bheith i gceist lena seirbhísí a mheas. Áirítear leis seo baol do dhioscúrsa sibhialta agus don phróiseas toghcháin. Is í an phríomhtheachtaireacht atá ag Coimisiún na Meán d’iarratasóirí toghcháin ná ábhar a shíleann siad atá mídhleathach nó a sháraíonn rialacha an ardáin féin a thuairisciú go díreach don ardán féin. Tar éis é sin a dhéanamh, má bhraitheann iarratasóirí nach bhfuil na hardáin tar éis déileáil le hábhar mídhleathach tar éis dóibh é a thuairisciú, is féidir leo gearán a dhéanamh le Choimisiún na Meán tríd an ionad teagmhála. Ba chóir aon bhaol díreach nó aon bhaol báis a thuairisciú go dtí na Gardaí go díreach.

Mar chuid de ghealltanas Choimisiún na Meán maidir le tírdhreach meán atá rathúil, éagsúil, cruthaitheach, iontaofa, agus sábháilte a chinntiú, ba mhaith linn raon de ghuthanna agus de thuairimí a chloisteáil le linn tréimhsí toghcháin, raon a thacaíonn le vótálaithe rogha saor agus feasach a dhéanamh. Déantar seo ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear tríd an rialáil ar chraoltóirí tríd an gCód maidir le Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht agus an rialáil ar ardáin ar líne trí Chreat Sábháilteachta ar Líne an Choimisiúin, an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha go príomha.

Cinnteoidh Coimisiún na Meán go bhfuil ardáin ar líne freagrach as an gcaoi a gcuirtear a bpolasaithe féin i bhfeidhm agus ar an gcaoi a gcomhlíontar a ndualgais ASD. Beidh toghcháin mhí an Mheithimh ar na chéad toghcháin a bheidh ar siúl ó thug an Coimisiún faoi ról Chomhordaitheoir na Seirbhísí Digiteacha i mí Feabhra na bliana seo.