Gach Nuacht

Ráiteas maidir le Bagairtí Ar Líne

Foilsithe ar

08,08,2024

Le cúpla seachtain anuas, chonaiceamar ardú ar bhagairtí foréigin ar líne dírithe ar pholaiteoirí, pearsana poiblí, agus ar bhaill dá dteaghlaigh. Bíonn tionchar an-diúltach go deo aige seo orthu siúd a ndírítear na bagairtí orthu agus baineann sé an bonn den daonlathas. Bíonn éifeacht fhuarchúiseach ag mí-úsáid ar líne a bhíonn dírithe ar ionadaithe tofa ar an daonlathas.

Rud mídhleathach é bagairt foréigin a dhéanamh ar líne. Faoi Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha an Aontais, ní mór d’ardáin ar líne bealach a chur ar fáil do dhaoine chun tuairisc a thabhairt ar ábhar a mheasann siad atá mídhleathach. Ní mór d’ardáin freagairt do na tuairiscí sin go caoithiúil agus go díograiseach. Ní mór dóibh a gcuid téarmaí agus coinníollacha féin maidir le hábhar a fhorfheidhmiú go leanúnach.

Níl na cumhachtaí ag Coimisiún na Meán iallach a chur chun ábhar mídhleathach a bhaint anuas d’ardáin ar líne láithreach. Is é an ról atá againne a dhéanamh cinnte go bhfuil córais tuairiscithe ábhair na n-ardán ag obair go héifeachtach i gcomhréir leis an dlí.
Bhuaileamar le Meta faoi na bagairtí a díríodh ar an Taoiseach agus ar a theaghlach. Bhíomar i dteagmháil freisin le hionadaithe ón nGarda Síochána agus an Coimisiún Eorpach faoin eachtra sin. Táimid i mbun measúnaithe anois ar mar atá Meta ag comhlíonadh a gcuid oibleagáidí faoi Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha an Aontais. Beimid ag labhairt arís le Meta chun tuilleadh eolais a fháil uathu faoi na cúinsí inar tharla an eachtra sin agus faoina bhfreagra siúd ar an scéal. Smaoineoimid ar na chéad chéimeanna eile a ghlacfaimid ina dhiaidh sin. Tá raon cumhachtaí ar fáil dúinn faoinár gCreat Sábháilteachta ar Líne, ina gcuimsítear an tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha an Aontais agus Rialachán an Aontais maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne.