Rialachas

 Bunaíodh Coimisiún na Meán an 15 Márta 2023 de bhun fhorálacha an Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán (OSMR), 2022. Ar an dáta sin, aistríodh na feidhmeanna go léir a dílsíodh don eagraíocht a bhí ann roimhe, Údarás Craolacháin na hÉireann, chuig an eagraíocht nua. Oibrímid go príomha de réir an Achta Craolacháin, 2009.

Tá sé mar phríomhfhreagracht ar an gCoimisiún, ar comhlacht cinnteoireachta Choimisiún na Meán é, dea-rialachas a chinntiú ar fud na heagraíochta. Tá sé seo ríthábhachtach chun ár gcéad dréacht-Ráiteas Straitéise a sheachadadh a fhéachann le “ceannaireacht agus treoir shoiléir a sholáthar dár bhfoireann, don éiceachóras ina n-oibrímid agus dár bpiar-rialtóirí, agus a chinntiú ag an am céanna go mbunaímid agus go gcloímid leis na caighdeáin is airde rialachais agus chuntasachta.”  

Cloíonn an eagraíocht le riachtanais an Chóid Chleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit, agus tuairiscímid don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ina leith sin.