Struchtúr rialachais

Tá Coimisiún na Meán faoi stiúir Cathaoirligh agus ceathrar Coimisinéirí, dá ngairtear an Coimisiún le chéile. Is é an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a cheapann na baill foirne feidhmiúcháin lánaimseartha seo.

Is é an Coimisiún comhlacht cinnteoireachta Choimisiún na Meán. Tá cumhachtaí agus feidhmeanna an Choimisiúin leagtha amach in alt 7 den Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán 2022.

CoimisinéirRólCeaptha den Chéad UairDáta Éaga
Jeremy Godfrey  Cathaoirleach15/3/202314/3/2028
Aoife MacEvilly  Craoltóireacht & Físeán ar Éileamh22/7/202421/7/2029
John Evans  Seirbhísí Digiteacha24/7/202323/7/2028 
Niamh Hodnett Sábháilteacht ar Líne15/3/202314/3/2028
Rónán Ó Domhnaill Tírdhreach na Meán15/3/202314/3/2028

Ról an Chathaoirligh

Is é an cathaoirleach a bhainistíonn agus a rialaíonn foireann, riarachán agus gnó an Choimisiúin i gcoitinne. Comhlíonann sé a chuid feidhmeanna faoi réir cibé beartais a chinnfidh an Coimisiún ó am go ham agus i gcomhréir le Ráiteas Straitéise agus Plean Oibre an Choimisiúin a cheanglaítear ar an gCoimisiún a tharraingt suas agus a ghlacadh. Ceanglaítear ar an gCathaoirleach fianaise a sholáthar do Choiste Dháil Éireann, nuair a iarrtar sin, maidir le rialtacht agus cuibheas idirbhearta an Choimisiúin, barainneacht agus éifeachtúlacht a úsáide acmhainní, éifeachtacht a oibríochtaí, agus aon saincheisteanna iomchuí i dtuarascálacha ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

An Coiste Iniúchóireachta agus Riosca

Bhunaigh Coimisiún na Meán Coiste Iniúchóireachta agus Riosca (ARC) sa chéad bhliain dá fheidhmiú. Is é is cuspóir dó cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir lena fhreagrachtaí mar a leagtar amach iad ina reachtaíocht rialaithe, sna hAchtanna Craolacháin agus Achtanna eile um Rialáil na Meán, 2009 agus 2022 agus sa Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú 2016, lena n-áirítear riosca, rialú inmheánach agus dearbhú gaolmhar.

Tá ról an ARC leagtha amach i dtéarmaí tagartha arna bhfaomhadh ag an gCoimisiún. Is iad seo a leanas comhaltaí an Choiste:

ComhaltaRólCeaptha den Chéad UairDáta Éaga
Patricia ByronCathaoirleach Neamhspleách25/05/202331/12/2025
Aoife MacEvilly Coimisinéir05/09/202404/09/2027
Niamh Hodnett  Coimisinéir25/05/202331/12/2025
Ciara LynchComhalta Airgeadais Neamhspleách01/12/202330/11/2026