Sábháilteacht ar líne

Mar rialtóir na meán in Éirinn, tá sé de chúram orainn an obair thábhachtach a dhéanamh chun tírdhreach meán atá faoi bhláth, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte agus iontaofa a fhorbairt.

Cuimsíonn sé seo an t-éiceachóras digiteach, agus dá réir sin, táimid freagrach as Creat Sábháilteachta ar Líne na hÉireann. Leis an gcreat tábhachtach seo, beidh seirbhísí digiteacha cuntasach as an gcaoi a gcosnaíonn siad daoine, go háirithe leanaí, ó dhíobháil ar líne.

Mar shampla, ní mór d’ardáin ábhar mídhleathach a bhaint anuas agus a rialacha féin maidir le hábhar inghlactha a chur i bhfeidhm go dícheallach. Ní mór bealaí éasca le rochtain, so-úsáidte a bheith acu d’úsáideoirí chun ábhar mídhleathach a thuairisciú, chomh maith le pointe teagmhála soiléir agus inrochtana. Sa chás go bhfaighimid nach gcloítear leis na ceanglais seo, tá sé de chumhacht againn beart a dhéanamh.