Cad é an Cód Sábháilteachta ar Líne?
Ar an 21ú Deireadh Fómhair d’fhoilsíomar ár gCód Sábháilteachta ar Líne.
Leis an gCód leagtar síos rialacha ceangailteacha a bhaineann le hardáin comhroinnte físeán a bhfuil a gceanncheathrú AE acu in Éirinn. Glacfaimid cur chuige maoirseachta maidir leis an gCód a fhorfheidhmiú, agus é á áirithiú go gcuirfidh ardáin córais iomchuí chun feidhme chun forálacha an Chóid a chomhlíonadh.
Tríd an gCód tugtar oibleagáidí isteach ar ardáin comhroinnte físeán chun daoine, agus leanaí go háirithe, a chosaint ar fhíseáin agus ábhar gaolmhar díobhálach, lena náirítear:
Cosc a chur le hábhar díobhálach a uaslódáil nó a chomhroinnt ar a seirbhísí lena náirítear cibearbhulaíocht, a bheith ag cur féindochar nó féinmharú chun cinn agus neamhoird itheacháin nó bheathaithe a bheith á gcur chun cinn chomh maith le gríosú chun fuatha nó foréigin, sceimhlitheoireacht, ábhar maidir le mí-úsáid gnéis leanaí, ciníochas agus seineafóibe.
Úsáid a bhaint as dearbhú aoise ionas nach bhfeicfidh leanaí pornagrafaíocht ná foréigean gan ghá ar líne agus bearta fíoraithe aoise a bheith i bhfeidhm mar is iomchuí.
Rialúcháin tuismitheoirí a chur ar fáil le haghaidh ábhar a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh d’fhorbairt fhisiciúil, meabhrach nó mhorálta i bpáistí faoi 16 bliana déag.
Beidh ar na hardáin sin a áirithiú freisin go gcuirfidh siad bealaí ar fáil do dhaoine chun ábhar lena mbristear na rialacha a thuairisciú, agus go ngníomhóidh siad ar na tuairiscí sin i gcomhréir lena gcuid Téarmaí agus Coinníollacha.
Ar 16 Eanáir 2024, d’fhoilsíomar ár gclár reachtúil de sheirbhísí ar líne ábhartha ainmnithe ar féidir cóid sábháilteachta ar líne a chur i bhfeidhm orthu.
Doiciméid Úsáideacha
- Cód Sábháilteachta ar Líne
- Cód Sábháilteachta ar Líne – C&F (Béarla)
- Ábhair Threorach maidir le Sábháilteacht ar Líne (Béarla)
- Cinneadh Deiridh: Cód Sábháilteachta ar Líne (Béarla)
- Freagra ar Chomhairliúcháin agus Cinneadh Deiridh: Ábhair Threoreach maidir le Sábháilteacht ar Líne (Béarla)
- Tuarascáil an Coiste Comhairleach don Óige (Bealtaine 2024) (Béarla)
- Freagra ar Chomhairliúcháin agus Cinneadh: Cur i bhFeidhm an Chóid Sábháilteachta ar Líne maidir le Catagóir na SACF (Béarla), san áireamh Fógra Cinnidh an Chód a chur i bhFeidhm ar an gcatagóir
- Cinntí an Cód Sábhailteachta ar Líne a chur i bhfeidhm maidir le Seirbhísí Ainmnithe: Facebook; Instagram; LinkedIn; Pinterest; TikTok; Tumblr; Udemy; X; YouTube.
- Freagraí ar an gComhairliúchain ar Cur i bhFeidhm an Chóid (Leagan nach bhfuil faoi rún) (Béarla)